Gníoṁarṫa 1:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)16 agus aduḃairt, A ḃráiṫreaċa, ní foláir go gcóiṁlíonfaiḋe an scrioptúir, do ṫairngir an Spiorad Naoṁ tré ḃéal Dáiḃi i dtaoḃ Iúdáis, an té do ṫreoruiġ iad‐san go ġaḃ Íosa. Faic an caibideilNa Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)16 A ḟeara, agus a ḃráiṫre, is éigean an Scrioptúir a ċóiṁlíonaḋ, a ṫairngir an Spiorad Naoṁ tré ḃéal Ḋáiḃiḋ fá dtaoiḃ de Iúdas, an té a ḃí ina ṫreoruiḋe orṫa sin a rug ar Íosa: Faic an caibideilNa Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)16 A ḟeara, a ḃráiṫre, ní foláir cóṁlíonaḋ an Scriptiúra do ṫargair an Spioraid Naoṁ tré ḃéal Dáiḃid i dtaoḃ Iúdáis, an fear a ṫreóruiġ an ṁuinntir a ġaiḃ Íosa, Faic an caibideilAn Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)16 A ḋaoine agus a ḃráiṫreaċa, dob éigin an sgrioptúrso a ċoiṁliónaḋ, noċ do réaṁráḋ an Spíorad Náoṁ tré ḃéul Ḋaiḃí a dtimċeall Iúdais, noċ do ḃí na éoluiġe ag an muinntir do ġaḃ Iósa. Faic an caibideil |
Agus ṫárla, i gcionn trí lá ’n‐a ḋiaiḋ sin, gur ġlaoḋ sé ċuige daoine móra na nIúdaċ: agus nuair do ḃí siad cruinn le ċéile, aduḃairt sé leo, Im’ ṫaoḃ‐sa, a ḃráiṫre, giḋ naċ ndearnas rud ar biṫ i gcoinniḃ na ndaoine ná i gcoinniḃ nós ár sinnsear, tugaḋ mé mar ḃraiġdeán ó Iarúsalem i láṁaiḃ na Róṁánaċ,