Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Galatiánaċ 2:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 a ċontrárḋaċt sin ar fad, nuair ċonnacṫas dóiḃ go dtugaḋ soiscéal an neaṁ‐ṫimċeall‐ġearrṫa fá mo ċúram‐sa, fá mar tugaḋ soiscéal an timċeall‐ġearrṫa do Ṗeadar;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Aċd go contrárḋa ḋó sin, ar ḃfaicsin dóiḃ gur táoḃaḋ soisgéul an nemṫimċillġearrṫa leamsa, mar do táoḃaḋ soisgéul an timċiollġearrṫa lé Peadar;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Galatiánaċ 2:7
20 Iomraidhean Croise  

Agus d’ḟan an ċuideaċta uile ’n‐a dtost; agus d’éisteadar le Pól agus le Barnabas ag innsin i dtaoḃ na míorḃal agus na n‐iongantas do‐rinne Dia tríoṫa féin i measc na gCineaḋaċ.


Agus nuair do ċuireadar ’n‐a ċoinniḃ, ag cainnt go masluiġṫeaċ, do ċroṫ sé a ċuid éadaiġ, agus aduḃairt sé leo, Ar ḃúr gceann féin go raiḃ ḃúr gcuid fola; atáim‐se glan: as so amaċ raċfad ċum na gCineaḋaċ.


D’á ḃriġ sin, bíoḋ a ḟios agaiḃ, go ḃfuil an slánuġaḋ so ó Ḋia d’á ċur ċum na gCineaḋaċ: agus do ċluinfiḋ siad‐san.


Aċt aduḃairt an Tiġearna leis, Imṫiġ leat: óir is soiṫeaċ toġṫa agam‐sa é, ċum m’ainm do ḃreiṫ i láṫair na nGeinte agus na ríoġ, agus do ċlainn Israel:


tré n‐a ḃfuaramair‐ne grása agus abstalaċt, ċum na Cineaḋaċa uile do ṫaḃairt ċum uṁlaċta do’n ċreideaṁ,


Óir is liḃ‐se, a Ċineaḋaċa, atáim ag laḃairt, san méid gur mise abstal na gCineaḋaċ, móruiġim m’oifig:


Óir, má’s dem’ ṡaor‐ṫoil féin do‐ġním é, atá luaċ saoṫair agam; aċt, má’s i n‐aġaiḋ mo ṫola é, do cuireaḋ ’n‐a ċúram orm é.


ċum a Ṁac d’ḟoillsiú ionnam, ċum go ḃfógróċainn i measc na gCineaḋaċ é; ar an láṫair sin ní ḋeaċas i gcóṁairle feola agus fola:


I gcionn trí bliaḋan ’n‐a ḋiaiḋ sin do ċuaḋas suas go h‐Iarúsalem ċum aiṫne do ċur ar Ċéfas, agus d’ḟanas cúig lá déag ’n‐a ċuideaċtain.


Is mór is iongnaḋ liom siḃ ḃeiṫ ċóṁ luaṫ sin ag iompoḋ ó’n té do ġlaoḋ i ngrása Ċríost siḃ, ċum soiscéil eile;


Aċt nuair ṫáinig Céfas go h‐Antuaiġ do ċuireas go dána ’n‐a éadan, ó ba léir dom é ḃeiṫ san éagcóir.


Aċt nuair ċonnacas naċ raḃadar ág siuḃal go díreaċ do réir fírinne an tsoiscéil, aduḃras le Céfas ’n‐a ḃfiaḋnaise uile, Má ċaiṫeann tusa do ṡaoġal, agus gur Iúdaċ ṫú, ar nós na gCineaḋaċ, ní h‐é ar nós na nIúdaċ, cad ċuige ḋuit a ċur d’ḟiaċaiḃ ar na Cineaḋaċaiḃ a saoġal do ċaiṫeaṁ ar nós na nIúdaċ?


agus Séamas agus Céfas agus Eoin, go raiḃ meas orṫa mar ċolaṁnaiḃ, nuair ṫugadar fá deara an grása tugaḋ ḋom, do ṡíneadar deas‐láṁ cumainn ċugam‐sa agus ċum Ḃarnabais, ċum go n‐imṫeoċaimís ċum na gCineaḋaċ, agus iad féin le dul ċum luċta an timċeall‐ġearrṫa;


aċt, fá mar ṁeas Dia gur fiú sinn cúram an tsoiscéil, is aṁlaiḋ laḃraimíd d’á réir sin; ní mar ḃéimís d’iarraiḋ daoine do ṡásaṁ, aċt Dia go‐ġní teastas ar ár gcroiḋeaċaiḃ.


do réir soiscéil glóire an Dé ḃeannuiġṫe atá curṫa fá mo ċúram‐sa.


Ċuige sin is eaḋ do h‐órduiġeaḋ mise im’ ṡeanmóiriḋe agus im abstal (is í an ḟírinne atá agam d’á ráḋ, ní bréag í), im’ ṫeagascṫóir ċum an creideaṁ agus an ḟírinne do ṁúineaḋ do na Cineaḋaċaiḃ.


ċum ar h‐órduiġeaḋ mise im’ ṡeanmóiriḋe, agus im’ abstal, agus im’ ṫeagascṫóir de.


Áirṁiḋ mar ṡlánú foiḋne ár dTiġearna: fá mar scríoḃ ár mbráṫair ionṁain Pól ċugaiḃ, leis, do réir na h‐eagna tugaḋ ḋó;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan