Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 9:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Caiṫfimíd oibreaċa an té do ċuir uaiḋ mé do ḋéanaṁ an ḟaid atá an lá ann: atá an oiḋċe ag teaċt nuair naċ ḃféadann aon duine obair do ḋéanaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

4 Is éigean daṁ-sa oibreaċa an té a ċuir uaiḋ mé a ḋéanaṁ, a ḟad agus tá an lá ann: tá an oiḋċe ag teaċt, nuair naċ féidir do ḋuine ar biṫ obair a ḋéanaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Tá orm-sa oibreaċa an t-é a ċuir uaiḋ mé do ḋéanaṁ an ḟaid atá an lá ann; tá an oiḋċe ag teaċt nuair náċ féidir d’aoinne obair a ḋéanaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Is éigean daṁsa oibreaċa an té ó dtáinig mé do ḋéunaṁ, an feaḋ as lá é: atá a noiḋċe ag teaċd, ann naċ ḃféadann áonduine obuir ḋéunaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 9:4
18 Iomraidhean Croise  

Aduḃradar‐san leis, De ċionn nár ċuir aon duine ar aimsir sinn. Aduḃairt seisean leo, Téiḋiḋ‐se, leis, isteaċ sa ḃfíonġort.


Agus aduḃairt sé leis an ḃfear ag a raiḃ an láṁ ṡeargṫa, Seas amaċ annso.


D’ḟreagair Íosa ḋóiḃ, Is iomḋa deaġ‐obair ó’n Aṫair do ṫaisbeánas daoiḃ; cia aca obair ḋíoḃ go ḃfuil siḃ ag gaḃáil de ċloċaiḃ orm mar ġeall air?


Muna ndéanaim oibreaċa m’Aṫar, ná creidiḋ mé.


Annsin aduḃairt Íosa leo, Tamall beag eile fós, béiḋ an solas ’n‐ḃúr measc. Siuḃlaiḋ an ḟaid atá an solas agaiḃ, i dtreo naċ mbéarfaḋ an dorċact oraiḃ: agus an té ṡiuḃlas sa dorċact, ní ḃíonn a ḟios aige cá mbíonn sé ag dul.


Ṫugas‐sa glóir ḋuit ar talaṁ, ag críoċnú na h‐oibre ṫugais dom le déanaṁ.


Aduḃairt Íosa leo, Is é mo ḃiaḋ‐sa toil an té do ċuir uaiḋ mé do ḋéanaṁ, agus a ġnó do ċóiṁlíonaḋ.


D’á ḃriġ sin d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Ní ḟéadann an Mac éinniḋ do ḋéanaṁ uaiḋ féin, aċt an méid do‐ċí sé ag an Aṫair d’á ḋéanaṁ: óir cibé neiṫe do‐ġní seisean, do‐ġní an Mac iad ar an gcuma ċéadna.


Aċt atá fiaḋnaise agam‐sa is mó ’ná fiaḋnaise Eoin: óir na gnóṫa ṫug m’Aṫair ḋom le cur ċum ċríċe, na gnóṫa féin do‐ġníṁ, do‐ḃeir siad ḟiaḋnaise im’ ṫaoḃ, gur ab é an t‐Aṫair do ċuir uaiḋ mé.


Annsin aduḃairt Íosa leo, Tamall beag dom ’n‐ḃúr ḃfoċair go fóill, agus annsin imṫeoċad ċuige‐sean do ċuir uaiḋ mé.


óir ní féidir linne gan laḃairt i dtaoḃ a ḃfacamar agus a gcualamar.


Mar sin de, do réir mar ḃíos an uain againn, déanaimís an ṁaiṫ do’n uile ḋuine, go mórṁór do luċt tiġe an ċreidiṁ.


ag baint tairḃe as an uain, óir is olc iad na laeṫe seo.


Siuḃlaiḋ go stuamḋa i dtaoḃ na ndaoine atá lasmuiġ, ag baint tairḃe as an uain.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan