Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 9:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Uime sin aduḃairt cuid de na Fairisíneaċaiḃ, Ní ó Ḋia an fear so, óir ní ċoiṁéadann sé an tsabóid. Aċt ḃí cuid eile aca aduḃairt, Cionnas is féidir do ḋuine peacaṁail a leiṫéidí de ṁíorḃailtiḃ do ḋéanaṁ? Agus do ḃí siosma eadorṫa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

16 Ar an aḋḃar sin duḃairt cuid de na Fairsíniġ: Ní ó Ḋia an duine seo naċ gcongḃuiġeann an tsabóid. Aċt duḃairt cuid eile: Cad é mar is féidir do ḋuine ṗeacṫaċ na míorḃailte seo a ḋéanaṁ? Agus ḃí siosma eatorṫa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Agus duḃairt cuid de sna Fairisíniġ; Ní h-ó Ḋia an fear so ná coimeádann an tsabbóid. Agus duḃairt tuille acu: Conus is féidir do ḋuine ṗeacaṁail na mírḃúiltí seo déanaṁ? Agus ḃí siosma eatarṫa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Uime sin a duḃradar cuid do na Ṗairisíneaċuiḃ, Ní ó Ḋía an duinesi, óir ní ċongḃann sé an tsabbóid. A duḃradar cuid eile, Cionnus as éidir lé duine peacṫaċ a léiṫéid so do ċoṁarṫaḋuiḃ a ḋéunaṁ? Agus do ḃi siosma eatorra.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 9:16
18 Iomraidhean Croise  

agus féaċ, do ḃí duine ann, agus láṁ leis seargṫa. Agus d’ḟiafruiġeadar de, g‐á ráḋ, An dleaġṫaċ leiġeas do ḋéanaṁ, lá na sabóide?


Aċt na Fairisíniġ, nuair do ċonnacadar‐san é, aduḃradar leis, Féaċ, atá do ḋeisceabail ag déanaṁ niḋ naċ dleaġṫaċ a ḋéanaṁ, lá na sabóide.


Agus d’ḟreagair uaċtarán na sionagóige, agus é go díombuiḋeaċ d’Íosa toisc leiġeas do ḋéanaṁ, lá na sabóide, agus aduḃairt sé leis an sluaġ, Atá sé lá ann ’n‐ar ceart obair do ḋéanaṁ: tagaiḋ ar na laeṫiḃ sin go leiġeasfar siḃ, agus ná biḋiḋ ag teaċt lá na sabóide.


D’éiriġ conspóid arís i measc na nIúdaċ mar ġeall ar na briaṫraiḃ sin.


Creidiḋ uaim go ḃfuilim‐se san Aṫair, agus go ḃfuil an t‐Aṫair ionnam‐sa: nó, an ċuid is luġa ḋe, creidiḋ mé mar ġeall ar na h‐oibreaċaiḃ féin.


Muna mbéaḋ go ndearnas ’n‐a measc na h‐oibreaċa naċ ndearna aoinneaċ eile, do ḃéidís gan ṗeacaḋ: aċt anois do ċonnacadar mise agus m’Aṫair, agus ṫugadar fuaṫ ḋúinn.


Do‐rinne Íosa an tosnú sin ar a ṁíorḃailtiḃ i gCána na Galilé, agus d’ḟoillsiġ sé a ġlóir; agus do ċreid a ḋeisceabail ann.


ṫáinig seisean ċum Íosa san oiḋċe, agus aduḃairt sé leis, A Rabbí, atá a ḟios againn gur múinteoir ṫáinig ó Ḋia ṫú: óir ní féidir go ndéanfaḋ aon duine na míorḃailtí ġníos tusa, gan Dia ḃeiṫ leis.


Agus ba í an tsabóid do ḃí ann an lá sin. Agus aduḃairt na h‐Iúdaiġ leis an duine a leiġeasaḋ. Atá an tsabóid ann, agus ní dleaġṫaċ ḋuit do leaba d’iomċar.


Aċt atá fiaḋnaise agam‐sa is mó ’ná fiaḋnaise Eoin: óir na gnóṫa ṫug m’Aṫair ḋom le cur ċum ċríċe, na gnóṫa féin do‐ġníṁ, do‐ḃeir siad ḟiaḋnaise im’ ṫaoḃ, gur ab é an t‐Aṫair do ċuir uaiḋ mé.


Annsin d’éiriġ aiġneas idir na h‐Iúdaiġ, agus aduḃradar, Cionnas is féidir do’n ḟear so a ċuid feola do ṫaḃairt dúinn le n’iṫe?


Agus do ḃí conspóid i measc na ndaoine ’n‐a ṫaoḃ: aduḃairt cuid aca, Is fear maiṫ é; aduḃairt cuid eile, Ní h‐eaḋ, aċt ag meallaḋ na ndaoine atá sé.


Má ġnítear timċeall‐ġearraḋ ar ḋuine sa tsabóid, ċum naċ mbrisfiḋe reaċt Ṁaoise, an ḃfuil olc agaiḃ daṁ‐sa, de ċionn gur leiġeasas duine go h‐iomlán sa tsabóid?


Agus d’éiriġ aiġneas sa tsluaġ mar ġeall air.


Atá sé d’aois, cuiriḋ an ċeist air féin. Annsin do ġlaoḋadar aṫuair ar an duine do ḃí ’n‐a ḋall, agus aduḃradar leis, Taḃair glóir do Ḋia: is eol dúinn gur peacaċ an fear úd.


Aċt d’éiriġ deiġilt idir ṁuinntir na caṫraċ; cuid aca ag cur leis na h‐Iúdaċaiḃ, agus cuid aca ag cur leis na h‐abstalaiḃ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan