Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 8:44 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

44 Is ó ḃúr n‐Aṫair, an diaḃal, siḃ‐se, agus is é mian ḃúr n‐aṫar is toil liḃ do ḋéanaṁ. Dúnṁarḃṫóir ab eaḋ eisean ó ṫosaċ, agus níor ṡeas sé sa ḃfírinne, óir ní ḟuil fírinne ann. Nuair do‐ḃeir sé an t‐éiṫeaċ, is uaiḋ féin laḃras sé: óir is bréagaire é, is é aṫair an éiṫiġ é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

44 Is ó’n diaḃal, mar aṫair, siḃ-se: agus is iad mianta ḃur n-aṫar is áil liḃ a ḋéanaṁ. Ba dúnṁarḃṫóir eisean ó ṫús, agus níor ṡeasuiġ sé san ḟírinne: de ḃríġ naċ ḃfuil ḟírinne ann: nuair a laḃras sé an ḃréag, laḃrann sé an níḋ is leis féin, óir is bréagaire agus aṫair na bréige é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

44 Is ó’n ndiaḃal, ḃúr n-aṫair, siḃ-se, agus isiad na neiṫe a ṫaiṫneann le nḃúr n-aṫair a ḋeineann siḃ. Dúnṁarḃṫóir ab eaḋ é sin ó ṫusaċ, agus níor ṡeasaiṁ sé sa ḃfirinne, óir ní’l fírinne ann; nuair a laḃrann sé an t-éiṫeaċ laḃrann sé an níḋ is leis féin, óir tugann sé an t-éiṫeaċ agus isé aṫair an éiṫiġ é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

44 As é an díaḃal as aṫair ḋáoiḃ, agus as íad míana ḃur naṫair as toil liḃsi ḋéunaṁ. Do ḃi seision na ḟear dúnṁarḃṫa ó ṫus, agus níor ċoṁnuiḋ se sa ḃfírinne, óir ní ḃfuil fírinne ann. A núair do ní sé brég, úaḋ féin laḃrus sé: óir as bréaguire é, agus as é as aṫair don bréig.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 8:44
41 Iomraidhean Croise  

A ṡlioċt na naṫraċ niṁe, cionnas is féidir liḃ‐se deaġ‐neiṫe do laḃairt, agus siḃ go h‐olc? óir is as líonṁaireaċt an ċroiḋe laḃras an béal.


Óir atá croiḋe an ṗobail seo dúr, Agus cluineann siad agus boḋaire ’n‐a gcluasaiḃ, Agus atá a súile dúnta aca; Ar eagla go ḃfeicfidís le n‐a súiliḃ, Agus go gcluinfidís le n‐a gcluasaiḃ, Agus go dtuigfidís le n‐a gcroiḋe Agus go n‐iompóċaidís, Agus go leiġeasfainn iad.


agus is é an doṁan an gort; agus is iad clann na ríoġaċta an síol maiṫ; agus is iad clann an droiċ‐spioraid an cogal;


D’ḟreagair Íosa ḋóiḃ, Nár ṫoġas‐sa siḃ‐se, dáréag, agus duine agaiḃ ’n‐a ḋiaḃal?


Cibé duine gur mian leis a ṫoil‐sean do ḋéanaṁ, tuigfiḋ sé i dtaoḃ an teagaisc, an ó Ḋia laḃraim, nó uaim féin.


Laḃraim‐se i dtaoḃ a ḃfaca mé i ḃfoċair m’Aṫar: agus do‐ġní siḃ‐se, leis, na neiṫe doċualaḃar ó ḃúr n‐Aṫair.


Do‐ġní siḃ oibreaċa ḃúr n‐aṫar. Aduḃradar‐san leis, Ní clann bastairt sinne, atá aon aṫair aṁáin againn, Dia.


agus ní ḟuil aiṫne agaiḃ‐se air: aċt atá aiṫne agam‐sa air; agus dá n‐abrainn, Ní ḟuil aiṫne agam air, béiḋ mé im’ ḃréagaire ċóṁ maiṫ liḃ‐se: aċt atá aiṫne agam air, agus coiṁéadaim a ḃriaṫar.


aduḃairt sé, A ḋuine atá lan de gaċ ceilg agus de gaċ feall, a ṁic an diaḃail, a náṁaid gaċ cirt, naċ staonfaiḋ tú ó ṡliġṫiḃ díreaċa an Tiġearna do ċur bun os cionn?


Agus d’aontuiġ na h‐Iúdaiġ mar an gcéadna leis, g‐á ráḋ go raiḃ an méid sin fíor.


Aċt aduḃairt Peadar, A Ananiais, cad ċuige ar líon Sátan do ċroiḋe, go n‐innseoċá bréag do’n Spiorad Naoṁ, agus cuid de luaċ na talṁan do ċongḃáil?


Aċt is eagal liom, fá mar ṁeall an naṫair Éaḃa le n‐a ġliocas, go dtruailleoċaiḋe ḃur smaointe ar aon ċor ó’n tsimpliḋeaċt agus ó’n ngeanmnaiḋeaċt i dtaoḃ Ċríost.


Biḋiḋ stuamḋa, biḋiḋ ar ḃur n‐aire; bíonn ḃur n‐áiḋḃeirseoir, an diaḃal, ag siuḃal ṫart timċeall mar leoṁan búirfeaḋaċ ar ṫóir an té ḟéadas sé a ṡlugaḋ.


Óir munar spáráil Dia na h‐aingle féin nuair do rinneadar peacaḋ, aċt gur ṫeilg sé síos go Tartarus iad, agus gur ċuir sé go h‐uaċaisiḃ dorċaċta iad, ċum iad do ċongḃáil fá ċóṁair an ḃreiṫeaṁnais;


Má deirimíd naċ ḃfuil aon ṗeacaḋ déanta againn, atáimíd d’ár meallaḋ féin, agus ní ḟuil an ḟírinne ionnainn.


Níor scríoḃas ċugaiḃ de ḃriġ naċ eol daoiḃ an ḟírinne, aċt de ḃriġ gur ab eol daoiḃ í, agus de ḃriġ naċ dtig bréag ar biṫ ó’n ḃfírinne.


An té adeir, Atá aiṫne agam air, agus naċ gcoiṁeádann a aiṫeanta, is bréagaire é, agus ní ḟuil fírinne ar biṫ ann.


ní ar nós Ċáin é, duine de ċlainn na h‐ainspioraide do ṁarḃ a ḋearḃráṫair. Agus cad ċuige ar ṁarḃ sé é? Toisc a oibreaċa féin ḃeiṫ go h‐olc, agus oibreaċa a ḋearḃráṫar ḃeiṫ fíréanta.


Cibé duine go ḃfuil fuaṫ aige d’á ḃráṫair is dún‐ṁarḃṫóir é: agus atá a ḟios agaiḃ naċ gcóṁnuiġeann an ḃeaṫa ṁarṫannaċ i n‐aon dún‐ṁarḃṫóir.


Na h‐aingle, mar an gcéadna, nár ċoiṁeád a ngradam féin, aċt do tréig a n‐áitreaḃ, atáid d’á gcongḃáil fá ṡlaḃraiḃ síorraiḋe, i ndorċadas, fá ċóṁair breiṫeaṁnas an lae ṁóir.


Agus do teilgeaḋ síos an dragún mór, an tsean‐naṫair niṁe, ar a dtugtar an Diaḃal agus Sátan, an té ṁeallas an saoġal ar fad; do teilgeaḋ síos é go dtalaṁ, agus do teilgeaḋ a aingle síos i n‐éinḟeaċt leis.


Agus meallann sé luċt áitreaḃa na talṁan leis na miorḃailtiḃ tugaḋ le déanaṁ ḋó i ḃfiaḋnaise an ainṁiḋe, g‐á ráḋ le luċt áitreaḃa na talṁan íoṁáiġ do ḋéanaṁ do’n ainṁiḋe fuair an ġoin ó’n gclaiḋeaṁ, agus do ṁair beo.


Ná bíoḋ aon eagla ort roiṁ an méid atá le fulang agat: féaċ, atá an diaḃal ar tí cuid agaiḃ do ċaiṫeaṁ isteaċ i bpríosún ċum froṁaḋ do ḋéanaṁ oraiḃ; agus béiḋ siḃ fá anró ar feaḋ deiċ lá. Bí‐se dílis go bás, agus do‐ḃéarfad‐sa coróin na beaṫaḋ ḋuit.


Aċt maidir leis na daoiniḃ meaṫta, mí‐ċreidṁeaċa, gráineaṁla, agus leis na dúnṁarḃṫóiriḃ, leis na drúiseoiriḃ, leis na draoiḋeadóiriḃ, agus leis na h‐íoḋal‐aḋraṫóiriḃ, agus le luċt na mbréag ar fad, ġeoḃaid‐sean a gcuid féin san loċ atá ar dearg‐lasaḋ le teiniḋ agus le ruiḃ; is é sin an dara bás.


Aċt ar an taoḃ amuiġ ḋi atá na madraí, agus luċt na bpisreog, agus na drúiseoirí, agus na dúnṁarḃṫóirí, agus na h‐íoḋal‐aḋraṫóirí, agus gaċ duine ġráḋuiġeas agus ċleaċtas bréag.


Atá aingeal an duiḃeagáin mar riġ os a gcionn. Abaddón is ainm dó i nEaḃrais, agus tugtar Apóilleon mar ainm air i nGréigis.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan