Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 8:34 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 D’ḟreagair Íosa iad, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Duine ar biṫ do‐ġní peacaḋ is seirḃíseaċ do’n ṗeacaḋ é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

34 D’ḟreagair Íosa iaḋ: Amén, amén, adeirim liḃ: gaċ aoinneaċ dá ndéan an peacaḋ, is scláḃaiḋe an peaċaiḋ é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 D’ḟreagair Íosa iad: Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ, gaċ aoinne a ḋeineann an peaca tá sé ’n-a ḋaor ag an bpeaca.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 Do ḟreaguir Iósa íad, Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, Giḋ bé do ní peacaḋ as seirḃíseaċ don ṗeacaḋ é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 8:34
16 Iomraidhean Croise  

Óir adeirim liḃ go fírinneaċ, Nó go dtéiḋ neaṁ agus talaṁ ar neaṁ‐niḋ, ní raċaiḋ aon ġiota ná aon ṗonnc de’n dliġe ar neaṁ‐niḋ nó go gcóiṁlíontar gaċ éinniḋ.


D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leis, Go fírinneaċ adeirim leat, Muna ngeintear duine aṫuair, ní ḟéadann sé ríoġaċt Dé d’ḟeicsin.


Óir is léir ḋom go ḃfuilir i ndomblas seirḃṫin agus i ngreim an uilc.


D’á ḃriġ sin ná bíoḋ réimeas ag an bpeacaḋ ’n‐ḃur gcorp daonna, ċum go ngéillfeaḋ siḃ d’á ainṁiantaiḃ:


Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ, cibé duine d’á dtiuḃraiḋ siḃ siḃ féin mar ṡeirḃísiġ na h‐uṁlaċta, gur seirḃísiġ siḃ do’n té d’á n‐uṁluiġeann siḃ; is cuma cia aca seirḃísiġ an ṗeacaiḋ ċum báis, nó seirḃísiġ na h‐uṁlaċta ċum fíréantaċta?


mar tá a ḟios againn gur céasaḋ ár sean‐nádúir ’n‐a ṫeannta, ċum go ḃfágfaiḋe corp an ṗeacaiḋ gan éifeaċt, ċum naċ mbéimís fá ḋaor‐smaċt an ṗeacaiḋ feasta;


Óir atá a ḟios againn go ḃfuil an dliġe spioradálta, aċt atáim‐se colnaiḋe, díolta leis an bpeacaḋ.


Do‐ḃeirim buiḋeaċas do Ḋia tré Íosa Críost ár dTiġearna. Uime sin, do‐ġním seirḃís do Ḋia le m’intinn; aċt do ḋliġe an ṗeacaiḋ lem’ ċolainn.


le súil go saorfar gaċ ar cruṫuiġeaḋ ó ḃraiġdeanas na truailleaċta ċum saoirse glóire maicne Dé.


’n‐a raiḃ siḃ ag siuḃal roiṁ ré do réir cúrsa an tsaoġail seo, do réir prionnsa cuṁaċta an aeir, an spiorad atá ag oibriú anois i gclainn na h‐easuṁlaċta.


Óir do ḃíomar féin diṫ‐céilliḋe tráṫ, easuṁal, ag dul ar fan, fá smaċt ag ainṁiantaiḃ agus ag áineasaiḃ éagsaṁla, ag caiṫeaṁ ár saoġail le droċ‐rún agus le formad, fuaṫṁar agus sinn ag taḃairt fuaṫa d’á ċéile.


ag geallaṁain saoirse ḋóiḃ, agus iad féin fá ḋaor‐smaċt truailleaċta, óir bíonn gaċ duine fá ḋaoirse ag an niḋ fuair an ḃuaiḋ air.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan