Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 8:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Bíoḋ go ḃfuilim ag déanaṁ fiaḋnaise im’ ṫaoḃ féin, atá m’ḟiaḋnaise fírinneaċ, óir is eol dom cá h‐as a dtáinig mé, agus cá ḃfuilim ag dul; aċt ní ḟuil a ḟios agaiḃ‐se cá h‐as a dtáinig mé, ná cá ḃfuilim ag dul.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

14 Duḃairt Íosa leo, ġá ḃfreagairt: Giḋ go ḃfuil mé ag déanaṁ fiaḋnaise daṁ féin, tá mo ḟiaḋnaise fíor: óir tá a ḟios agam cá h-as a ḋtáinic mé, agus cá ḃfuil mé ag dul: aċt ní ḟuil a ḟios agaiḃ-se cá h-as a dtigim, ná cá dtéiġim.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 D’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé leó: Bíoḋ go ḃfuilim-se ag déanaṁ fiaḋnaise orm féin tá m’ḟiaḋnaise fírinneaċ, óir is eól dom cá dtánag agus cá ḃfuilim ag dul; aċ ní h-eól daoiḃ-se cá dtánag ná cá ḃfuilim ag dul.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Do ḟreagair Iósa agus a duḃairt sé riú, Gé nimsi finné ḋaṁ féin, atá mfinné fírinneaċ: do ḃríġ go ḃfuil a ḟios agam gá háit as a dtáinig mé agus ga háit a dteiġim; aċd ní ḃfuil a ḟios aguiḃsi gá háit as a dtaínig mé, no ga háit a dtéiġim.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 8:14
19 Iomraidhean Croise  

fá mar aiṫniġeann an t‐Aṫair mé, agus aiṫniġim‐se an t‐Aṫair; agus do‐ḃeirim m’anam ar son na gcaoraċ.


an té do ċoisric an t‐Aṫair agus do ċuir sé uaiḋ ar an saoġal, an n‐abrann siḃ‐se leis, Táir ag diaṁaslaḋ; toisc go nduḃras, Is mise Mac Dé?


ó ḃí a ḟios ag Íosa go raiḃ gaċ niḋ taḃarṫa ’n‐a láiṁ ḋó ag an Aṫair, agus go dtáinig sé ó Ḋia,


Naċ gcreideann tú go ḃfuilim‐se san Aṫair, agus go ḃfuil an t‐Aṫair ionnam‐sa? na briaṫra adeirim liḃ, ní h‐uaim féin laḃraim iad; aċt an t‐Aṫair atá ’n‐a ċóṁnaiḋe ionnam, is é oibriġeas.


Ṫáinig mé amaċ ó’n Aṫair, agus ṫáinig mé ar an saoġal: atáim ag fágáil an tsaoġail arís, agus atáim ag dul ċum an Aṫar.


óir na briaṫra ṫugais dom, ṫugas dóiḃ‐sean iad, agus do ġlacadar iad, agus do ḃí a ḟios aca go fíor gur ab uait‐se ṫáinig mé, agus do ċreideadar gur tusa do ċuir uait mé.


Annsin aduḃairt Píoláid leis, An rí ṫú mar sin? D’ḟreagair Íosa, Mar adeirir, is rí mé. Ċuige sin rugaḋ mé, agus ċuige sin ṫánag ar an saoġal, ċum go dtiuḃrainn fiaḋnaise do’n ḟírinne. Gaċ duine atá ar ṫaoḃ na fírinne, éisteann sé lem ġlór.


Má ḃeirim fiaḋnaise im’ ṫaoḃ féin, ní ḟuil m’ḟiaḋnaise fíor.


Aduḃairt Íosa leo, Dá mba é Dia ḃúr n‐aṫair, do ḃéaḋ gráḋ agaiḃ daṁ‐sa: óir is ó Ḋia ṫáinig mé, agus is uaiḋ ṫigim, agus ní uaim féin ṫáinig mé, aċt ba eisean do ċuir uaiḋ mé.


Atá a ḟios ag Dia, ag Aṫair an Tiġearna Íosa Críost atá beannuiġṫe go síorraiḋe, naċ bréag atáim d’innsint.


Atá duine diṫ‐céilliḋe déanta agam díom féin: aċt is siḃ‐se do ċuir d’ḟiaċaiḃ orm é; óir ba ċeart go ḃfaiġinn molaḋ uaiḃ: óir giḋ naċ éinniḋ ionnam féin mé, ní ḟuilim ar deireaḋ i gcomórtas leis na h‐abstalaiḃ is áirde clú.


Measann siḃ ar feaḋ an ama so gur ag cumaḋ leiṫscéil atáimíd. Is i ḃfiaḋnaise Dé laḃraimíd i gCríost. Is ar ṁaiṫe liḃ‐se, a ċairde ionṁaine, adeirim gaċ niḋ.


agus ó Íosa Críost, an fiaḋnaiḋe fírinneaċ, an ċéid‐ġein ó na marḃaiḃ, agus árd‐rí riġṫe na talṁan. Do’n té ġráḋuiġeas sinn, agus do scaoil ó n‐ár bpeacaiḋiḃ le n‐a ḟuil féin sinn;


Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i Laodicia; Is é adeir an tAmen, an fiaḋnaiḋe dílis, fírinneaċ, tosaċ a ḃfuil cruṫuiġṫe ag Dia:


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan