Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 8:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Annsin do laḃair Íosa leo arís, g‐á ráḋ, Is mise solas an doṁain, an té leanas mé ní siuḃalfaiḋ sé i ndorċadas, aċt béiḋ solas na beaṫaḋ aige.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

12 Ar an aḋḃar sin, laḃair Íosa leo arís, ag ráḋ: Is mise solus an doṁain: an té a leanas mise, ní ṡiuḃlann sé san dorċadas, aċt béiḋ solus na beaṫa aige.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus ansan do laḃair Íosa airís agus duḃairt sé: Mise solus an doṁain; an t-é a leanfaiḋ mé ní ṡiuḃlóċaiḋ sé sa doirċeaċt, aċ beiḋ aige solus na beaṫa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Do laḃair Iósa riú a rís, ag ráḋ, Is misi solus an dóṁain: giḋ bé leanus misi, ní ṡioḃalfa sé a ndorċadas, aċd do ġéuḃa sé solus na beaṫa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 8:12
31 Iomraidhean Croise  

Is siḃ‐se solas an doṁain. Caṫair atá ar ċnoc ní féidir a ċeilt.


Solas ċum na Geinte do ṡoillsiú, Agus ċum glóire do ṗobail Israel.


Annsin aduḃairt Íosa leo, Tamall beag eile fós, béiḋ an solas ’n‐ḃúr measc. Siuḃlaiḋ an ḟaid atá an solas agaiḃ, i dtreo naċ mbéarfaḋ an dorċact oraiḃ: agus an té ṡiuḃlas sa dorċact, ní ḃíonn a ḟios aige cá mbíonn sé ag dul.


An ḟaid atá an solas agaiḃ, creidiḋ sa tsolas, ċum go mbéiḋ siḃ ’n‐ḃúr gclainn do’n tsolas. Do laḃair Íosa an méid sin, agus d’imṫiġ sé agus do ċeil sé é féin orṫa.


Ṫáinig mé mar ṡolas ar an saoġal, ionnas cibé ċreideas ionnam, naċ ḃfanfaḋ sé sa dorċaċt.


Aduḃairt Íosa leis, Is mise an tsliġe, agus an ḟírinne, agus an ḃeaṫa: ní ṫig aoinneaċ ċum an Aṫar aċt aṁáin tríom‐sa.


Agus is í seo an ḃreiṫ, go dtáinig an solas ar an saoġal, agus gurḃ annsa leis na daoiniḃ an dorċaċt ’ná an solas; toisc a ngníoṁarṫa ḃeiṫ go h‐olc.


Cibé duine gur mian leis a ṫoil‐sean do ḋéanaṁ, tuigfiḋ sé i dtaoḃ an teagaisc, an ó Ḋia laḃraim, nó uaim féin.


An ḟaid atáim ar an saoġal, is mise solas an tsaoġail.


Óir is é an t‐órdú ṫug an Tiġearna ḋúinn, Do ċuireas mar ṡolas do na Geintiḃ ṫú, Ċum go mbeiṫeá mar aḋḃar slánuiġṫe go foirimeall an doṁain.


go gcaiṫfeaḋ an Críost fulang, agus go mba é an ċéad duine é d’éireoċaḋ ó na marḃaiḃ, agus go gcraoḃscaoilfeaḋ sé an solas do’n ṗobal agus do na Cineaḋaċaiḃ.


Toibreaċa gan uisce is eaḋ a leiṫéidí úd, scamaill d’á scuabaḋ le cuaifeaċ gaoiṫe, go ḃfuil duiḃe na dorċaċta i ndán dóiḃ.


Óir munar spáráil Dia na h‐aingle féin nuair do rinneadar peacaḋ, aċt gur ṫeilg sé síos go Tartarus iad, agus gur ċuir sé go h‐uaċaisiḃ dorċaċta iad, ċum iad do ċongḃáil fá ċóṁair an ḃreiṫeaṁnais;


Má deirimíd go ḃfuil cumann againn leis, agus sinn ag siuḃal san dorċadas, is bréag do‐ġnímíd, agus ní ḟuilmíd ag déanaṁ na fírinne:


garḃ‐ṫonna fairrge, ag brúċtaḋ a náire féin amaċ; réaltana seaċránaċa go ḃfuil dorċaċt an duiḃeaċain fá n‐a gcóṁair go deoiḋ.


Na h‐aingle, mar an gcéadna, nár ċoiṁeád a ngradam féin, aċt do tréig a n‐áitreaḃ, atáid d’á gcongḃáil fá ṡlaḃraiḃ síorraiḋe, i ndorċadas, fá ċóṁair breiṫeaṁnas an lae ṁóir.


Agus siuḃalfaiḋ na ciniḋeaċa fá n‐a solas: agus béarfaiḋ riġṫe na talṁan a nglóir isteaċ innti.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan