Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 7:32 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

32 Do‐ċuala na Fairisíniġ an sluaġ ag conspóideaċt ’n‐a ṫaoḃ ar an gcuma sin; agus do ċuir uaċtaráin na sagart agus na Fairisíniġ maoir ċum beirṫe air.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

32 Ċuala na Fairisíniġ an sluaġ ag monaḃar na neiṫe seo fá dtaoiḃ de: agus ċuir na h-uaċtaráin agus na Fairisíniġ oificiġ le breiṫ air.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

32 D’airiġ na Fairisíniġ an tsluaġ ag cur ’s ag cúiteaṁ n-a ṫaoḃ ar an gcuma san, agus ċuir na h-uaċtaráin agus na Fairisíniġ oificeaċa ċun beirṫe air.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

32 Do ċúaladar na Ṗairisíniġ an pobal ag monḃar na neiṫeaḋso na ṫimsċeallsan; agus do ċuireadar na Ṗairisíniġ gus uáċdarain na sagart máoir ḋá ġlacaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 7:32
13 Iomraidhean Croise  

Aċt d’imṫiġ na Fairisíniġ amaċ, agus do ċuadar i gcóṁairle le ċéile ’n‐a ċoinniḃ, ċum go millfidís é.


Aċt is mairg daoiḃ‐se, a scríoḃaiḋṫe agus a Ḟairisíneaċa, a luċt an ḟuar‐ċráḃaiḋ! óir dúnann siḃ ríoġaċt na ḃflaiṫeas i n‐éadan na ndaoine: óir ní ṫéiġeann siḃ féin isteaċ, agus ní leigeann siḃ isteaċ iad‐san atá ag iarraiḋ dul isteaċ.


Aċt do ḃí Peadar g‐á leanṁain i ḃfad siar, go h‐árus an árd‐ṡagairt, agus do ċuaiḋ sé isteaċ, agus do ṡuiḋ sé i ḃfoċair na maor go ḃfeicfeaḋ sé an críoċnú.


Aċt d’imṫiġ cuid aca ċum na ḃFairisíneaċ, agus d’inniseadar dóiḃ na neiṫe do ḃí déanta ag Íosa.


Aduḃairt na Fairisíniġ, d’á ḃriġ sin, eadorṫa féin, Do‐ċí siḃ naċ ḃfuil ag éirġe liḃ ar ċor ar biṫ: féaċ, atá an saoġal go léir imṫiġṫe ’n‐a ḋiaiḋ.


Agus Iúdás, nuair fuair sé buiḋean agus oifigiġ ó na h‐árd‐ṡagartaiḃ agus ó na Fairisíneaċaiḃ, ṫáinig sé ċum na h‐áite, agus lóċrainn, agus tóirsí, agus airm aige.


Annsin do ṡanntuiġeadar breiṫ air: aċt níor ċuir aon duine láṁ ann, óir ní raiḃ a uair tagṫa fós.


Annsin d’imṫiġ an ceannṗort i n‐éinḟeaċt leis na h‐oifigeaċaiḃ, agus ṫug sé leis iad, gan aon éigean; óir do ḃí eagla an ṗobail orṫa, go ngaḃfaiḋe de ċloċaiḃ orṫa.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan