Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 7:31 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

31 Aċt do ḃí a lán de’n tsluaġ do ċreid ann; agus aduḃradar, Nuair ṫiocfas an Críost, an ndéanfaiḋ sé níos mó míorḃailtí ’ná do‐rinne an duine seo?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

31 Aċt ċreid mórán de’n tsluaġ ann, agus deireaḋ siad: Nuair a ṫiocfas an Críost, an ndéanfaiḋ sé níos mó míorḃailte ná ġní sé seo?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

31 Do ċreid a lán de’n tsluaġ ann, áṁ, agus deiridís: Nuair a ṫiocfaiḋ Críost an ndéanfaiḋ sé níos mó mírḃúiltí ’ná mar a ḋeineann an duine seo?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

31 Agus do ċreideadar mórán don ṗobal ann, agus a duḃradar, An tan ṫiocfas Críosd, an ndéana sé ní sa ṁó do ṁíorḃuiliḃ ná do rinne an fear so?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 7:31
19 Iomraidhean Croise  

Agus do ḃí iongnaḋ mór ar na sluaiġtiḃ, agus aduḃradar, An é seo mac Ḋáiḃi?


Agus iad‐san atá ar an gcarraig is iad na daoine ġlacas ċuca an briaṫar le h‐áṫas tar a éis dóiḃ éisteaċt leis; agus ní ḟuil fréaṁ aca‐san; creideann siad ar feaḋ tamaill, agus i n‐am caṫuiġṫe téiġeann siad ar gcúl.


Ar an aḋḃar sin, mórán de na h‐Iúdaiġ ṫáinig ċum Máire, agus do ċonnaic na neiṫe do‐rinne sé, do ċreideadar ann.


de ċionn go raiḃ mórán de na h‐Iúdaiġ ag imṫeaċt, agus ag creideaṁain i hÍosa.


Do ḃí mórán de na h‐uaċtaránaiḃ féin, áṁ, do ċreid ann; aċt, mar ġeall ar na Fairisíneaċaiḃ níor adṁuiġeadar é, ar eagla go gcuirfiḋe amaċ as an tsionagóig iad:


Do‐rinne Íosa an tosnú sin ar a ṁíorḃailtiḃ i gCána na Galilé, agus d’ḟoillsiġ sé a ġlóir; agus do ċreid a ḋeisceabail ann.


ṫáinig seisean ċum Íosa san oiḋċe, agus aduḃairt sé leis, A Rabbí, atá a ḟios againn gur múinteoir ṫáinig ó Ḋia ṫú: óir ní féidir go ndéanfaḋ aon duine na míorḃailtí ġníos tusa, gan Dia ḃeiṫ leis.


Tagaiḋ go ḃfeiciḋ siḃ fear d’innis daṁ‐sa gaċ a ndearnas riaṁ: an féidir gurb é an Críost é?


Agus do ċreid mórán de Ṡamáritánaċaiḃ na caṫraċ sin ann, mar ġeall ar ḟocal na mná ṫug an ḟiaḋnaise, D’innis sé ḋom gaċ a ndearnas riaṁ.


Agus do lean sluaġ mór daoine é, mar do ċonnacadar na míorḃailtí do‐rinne sé orṫa‐san do ḃí breoite.


Agus féaċ, atá sé ag laḃairt go poibliḋe, agus ní abrann siad éinniḋ leis. An ḃfuil a ḟios go fíor ag na h‐uaċtaránaiḃ gur ab é an Críost é?


Uime sin aduḃairt cuid de na Fairisíneaċaiḃ, Ní ó Ḋia an fear so, óir ní ċoiṁéadann sé an tsabóid. Aċt ḃí cuid eile aca aduḃairt, Cionnas is féidir do ḋuine peacaṁail a leiṫéidí de ṁíorḃailtiḃ do ḋéanaṁ? Agus do ḃí siosma eadorṫa.


Agus do ċreid Síomón féin: agus iar n‐a ḃaisteaḋ, d’ḟan sé i ḃfoċair Ṗilib; agus nuair do ċonnaic sé cóṁarṫaí agus míorḃailtí móra d’a ndéanaṁ, ḃí iongnaḋ mór air.


Óir fá mar tá an corp marḃ gan an t‐anam ḃeiṫ ann, ar an gcuma ċéadna, rud marḃ is eaḋ creideaṁ gan gníoṁarṫa.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan