Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 7:23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 Má ġnítear timċeall‐ġearraḋ ar ḋuine sa tsabóid, ċum naċ mbrisfiḋe reaċt Ṁaoise, an ḃfuil olc agaiḃ daṁ‐sa, de ċionn gur leiġeasas duine go h‐iomlán sa tsabóid?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

23 Má ġeiḃ duine timċeallġearraḋ ar an tsabóid, ċun naċ mbristí dliġe Ṁaoise: an ḃfuil fearg oraiḃ liom-sa as siocair go ndearna mé duine uilig a leiġeas ar an tsabóid?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Má ḋeineann siḃ tímpal-ġearraḋ sa tsabbóid i dtreó ná curfí dlíġ Ṁaoise ar neaṁníḋ, an ḃfuil fearg agaiḃ ċúġam-sa mar ġeall air gur ḋeineas an duine ar fad do leiġeas sa tsabbóid?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

23 Má ġlacunn duine timċeallġearraḋ annsa tsábboid, do ċum naċ brisfiḋe dliġeaḋ Ṁáoisi; an ḃfuil fearg oruiḃ riumsa, ar son duine uile do ṡlánuġaḋ ann sa tsábboid?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 7:23
9 Iomraidhean Croise  

agus féaċ, do ḃí duine ann, agus láṁ leis seargṫa. Agus d’ḟiafruiġeadar de, g‐á ráḋ, An dleaġṫaċ leiġeas do ḋéanaṁ, lá na sabóide?


Aċt na Fairisíniġ, nuair do ċonnacadar‐san é, aduḃradar leis, Féaċ, atá do ḋeisceabail ag déanaṁ niḋ naċ dleaġṫaċ a ḋéanaṁ, lá na sabóide.


Nó, an é nár léiġeaḃar sa dliġe, go mbriseann na sagairt sa teampall an tsaoire, lá na sabóide, gan ḃeiṫ cionntaċ?


Agus ba í an tsabóid do ḃí ann an lá sin. Agus aduḃairt na h‐Iúdaiġ leis an duine a leiġeasaḋ. Atá an tsabóid ann, agus ní dleaġṫaċ ḋuit do leaba d’iomċar.


D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Do‐rinneas gníoṁ aṁáin, agus atá iongnaḋ oraiḃ uile.


Uime sin aduḃairt cuid de na Fairisíneaċaiḃ, Ní ó Ḋia an fear so, óir ní ċoiṁéadann sé an tsabóid. Aċt ḃí cuid eile aca aduḃairt, Cionnas is féidir do ḋuine peacaṁail a leiṫéidí de ṁíorḃailtiḃ do ḋéanaṁ? Agus do ḃí siosma eadorṫa.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan