Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 7:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Naċ dtug Maois an reaċt daoiḃ, agus gan duine agaiḃ ag cóiṁlíonaḋ an reaċta? Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag iarraiḋ mise do ṁarḃaḋ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

19 Naċ dtug Maoise an dliġe díḃ, agus ní ċóiṁlíonann aoinneaċ agaiḃ an dliġe?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Nár ṫug Maois an dlíġ ḋaoiḃ-se, agus ní ċóṁlíonann aoinne agaiḃ an dlíġ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 An ne náċ dtug Máoisi dliġeaḋ ḋíḃsi, agus ní ċoiṁlíonann áoinneaċ aguiḃ an dliġeaḋ? Créd fá a niárrṫáoi misi ṁarḃaḋ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 7:19
27 Iomraidhean Croise  

Aċt d’imṫiġ na Fairisíniġ amaċ, agus do ċuadar i gcóṁairle le ċéile ’n‐a ċoinniḃ, ċum go millfidís é.


Aċt na scológa, nuair do ċonnacadar an mac, aduḃradar eadorṫa féin, Is é seo an t‐oiġre, téanam, marḃaimís é, agus glacaimís a oiġreaċt.


Agus do‐ċuala uaċtaráin na sagart agus na scríoḃaiḋṫe é, agus do ḃíodar ag iarraiḋ caoi d’ḟáġáil le n‐a ṁilleaḋ: óir do ḃí eagla orṫa roiṁe, de ḃriġ go ndearna an sluaġ uile iongnaḋ d’á ṫeagasc.


Agus aduḃairt sé leo, Cia aca is dleaġṫaċ, an ṁaiṫ do ḋéanaṁ, nó an t‐olc do ḋéanaṁ, lá na sabóide? anam duine do ṡlánú nó do ṁilleaḋ? Aċt d’ḟanadar‐san ’n‐a dtost.


Agus d’imṫiġ na Fairisíniġ amaċ, agus ar an laṫair do ġlacadar cóṁairle le muinntir Ioruaiṫ ’n‐a aġaiḋ, agus iad ag iarraiḋ sliġe do ċeapaḋ le n‐a ṁilleaḋ.


Óir tugaḋ an reaċt tré Ṁaois, aċt ṫáinig grás agus fírinne tré Íosa Críost.


D’iarradar breiṫ air arís: agus d’éaluiġ sé as a láṁaiḃ.


D’á ḃriġ sin, ó’n lá sin amaċ, do ċeapadar de ċóṁairle le ċéile a ċur ċum báis.


Ar an aḋḃar sin do ḃí na h‐Iúdaiġ ag gaḃáil d’Íosa, toisc na neiṫe sin do ḋéanaṁ lá na sabóide.


Ar an aḋḃar sin ba ḋéine do ḃí na h‐Iúdaiġ ag tnúṫ le n‐a ċur ċum báis, ní h‐é aṁáin gur ḃris sé an tsabóid, aċt go nduḃairt sé gurḃ é Dia a Aṫair, g‐á ċur féin ar aon dul le Dia.


Ná measaiḋ go gcionntóċad‐sa siḃ i láṫair m’Aṫar: atá duine ċionntuiġeas siḃ, eaḋon, Maois, an té go ḃfuil muiniġin agaiḃ as.


I n‐a ḋiaiḋ sin do ġluais Íosa ar fud na Galilé: óir níorḃ áil leis siuḃal i nIúdaea, toisc go raiḃ na h‐Iúdaiġ ag iarraiḋ a ċur ċum báis.


Agus do ḃí dream de ṁuinntir Iarúsalem aduḃairt, Naċ é seo an duine go ḃfuil siad ag iarraiḋ a ṁarḃaḋ?


Is é sin an té do ḃí san gcóṁ‐ċruinniú san ḃfásaċ i ḃfoċair an aingil do laḃair leis ar ṡliaḃ Sína, agus i ḃfoċair ár n‐aiṫreaċ: do ġlac briaṫra na beaṫaḋ le n‐a ṫaḃairt dúinne:


Cad ċuige an dliġe mar sin? Do tugaḋ isteaċ é ní ba ḋeireannaiġe mar ġeall ar ċionntaiḃ, nó go dtigeaḋ an slioċt go dtugaḋ an ġeallaṁaim dó; agus do h‐órduiġeaḋ é tré aingealaiḃ le láiṁ eadarġuiḋṫeora.


Óir an dream sin féin atá timċeall‐ġearrṫa, ní ċoiṁeádann siad an dliġe; aċt do b’áil leo siḃ‐se ḃeiṫ timċeall‐ġearrṫa, ċum go mbéaḋ aḋḃar maoiḋṁeaċais aca as ḃur ḃfeoil.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan