Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 6:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus do lean sluaġ mór daoine é, mar do ċonnacadar na míorḃailtí do‐rinne sé orṫa‐san do ḃí breoite.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

2 Agus lean sluaġ mór é, de ḃríġ go ḃfaca siad na míorḃailte a rinne sé ar ḋaoine a ḃí easlán.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus do lean sluaġ ṁór daoine é, mar do ċonacadar na mírḃúiltí a ḃí aige ’á ḋéanaṁ ar easlánaiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus do lean buiḋean ṁór é, tré go ḃfacadar na ċoṁarṫuiḋe do rinne sé ar na dáoiniḃ éugcrúaiḋe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 6:2
19 Iomraidhean Croise  

Agus ar n‐a ḟeicsin sin d’Íosa, d’imṫiġ sé as an áit sin: agus do lean a lán daoine é;


Agus do ċruinniġ na sluaiġte móra ċuige, ionnas go ndeaċaiḋ sé isteaċ i mbád, agus gur ṡuiḋ sé innti; agus do ḃí an sluaġ go léir ’n‐a seasaṁ ar an dtráiġ.


Agus ṫáinig sé amaċ, agus do ċonnaic sé sluaġ mór, agus do ġaḃ truaġ ṁór dóiḃ é, agus do leiġeas sé iad‐san do ḃí breoite.


Agus nuair ṫáinig sé anuas ó’n gcnoc, do lean sluaiġte móra é.


Aċt d’imṫiġ seisean amaċ, agus do ṫosnuiġ sé ar an scéal d’innsint agus do ċraoḃscaoileaḋ go foirleaṫan, i dtreo nár ḟéad Íosa dul isteaċ go poibliḋe i gcaṫair, aċt gur ḟan sé amuiġ i n‐áiteannaiḃ fásaṁla: agus ṫáinig na daoine ċuige as gaċ áird.


Agus do ċonnaic na daoine iad ag imṫeaċt, agus d’aiṫniġ a lán aca iad, agus do riṫeadar d’á gcois amaċ as na bailtiḃ móra uile, agus do ḃíodar ann rómpa.


Annsin do ċruinniġ uaċtaráin na sagart agus na Fairisíniġ cóṁairle, agus aduḃradar, Créad atá le déanaṁ againn? Óir atá an fear so ag déanaṁ a lán míorḃal.


Uime sin, fós, do ċuaiḋ an sluaġ ’n‐a airċis, óir do‐ċualadar go ndearna sé an ṁíorḃail sin.


Aċt giḋ go ndearna sé an oiread sin míorḃal ’n‐a ḃfiaḋnaise, níor ċreideadar ann:


Do‐rinne Íosa an tosnú sin ar a ṁíorḃailtiḃ i gCána na Galilé, agus d’ḟoillsiġ sé a ġlóir; agus do ċreid a ḋeisceabail ann.


Agus i nIarúsalem dó le linn féile na cásca, do ċreid móran ’n‐a ainm, ó do ċonnacadar na míorḃailtí do‐rinne sé.


Is iomḋa míorḃail eile naċ ḃfuil cur síos air ins an leaḃar seo, do‐rinne Íosa i láṫair a ḋeisceabal:


ṫáinig seisean ċum Íosa san oiḋċe, agus aduḃairt sé leis, A Rabbí, atá a ḟios againn gur múinteoir ṫáinig ó Ḋia ṫú: óir ní féidir go ndéanfaḋ aon duine na míorḃailtí ġníos tusa, gan Dia ḃeiṫ leis.


Agus nuair do ċonnaic na daoine an ṁíorḃail do‐rinne sé, aduḃradar, Go fírinneaċ is é seo an fáiḋ atá le teaċt ar an saoġál.


Ar n‐a ḃáraċ na daoine do ḃí ’n‐a seasaṁ ar an taoḃ ṫall de’n ḟairrge, do ċonnacadar naċ raiḃ aon ḃád eile ann, aċt bád aṁáin, agus naċ ndeaċaiḋ Íosa i n‐éinḟeaċt le n‐a ḋeisceablaiḃ isteaċ sa mbád sin, aċt gur imṫiġ na deisceabail leo féin


D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Ní mar ġeall ar na cóṁarṫaiḃ do ċonnacaḃar atá siḃ ’gam’ lorg, aċt de ċionn gur iṫeaḃar na bollóga, agus gur sásuiġeaḋ siḃ.


Annsin aduḃradar leis, Créad é an cóṁarṫa do‐ġní tusa ċum go ḃfeicfimís é, agus go gcreidfimís ionnat?


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan