Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 5:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Go firinneaċ adeirim liḃ, Atá an t‐am ag teact, agus atá sé ann anois féin, ’n‐a n‐éistfiḋ na mairḃ le guṫ Ṁic Dé; agus mairfiḋ siad‐san éistfeas leis.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

25 Amén, amén adeirim liḃ, go ḃfuil an uair ag teaċt, agus is anois é, nuair a ċluinfeas na mairḃ guṫ Ṁic Dé: agus iad sin a ċluinfeas, mairfiḋ siad beo.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ go dtig an uair, agus is anois é, i n-a n-aireóċaid na mairḃ guṫ Ṁic Dé, agus an ṁuintir a ḋ’aireóċaiḋ beid siad beó.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, Tiocfaid a naimsire, agus atá si a nois ann, an tráṫ ċluinfid na mairḃ guṫ Ṁic Dé: agus an dream ċluinfeas mairfid siad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 5:25
19 Iomraidhean Croise  

óir do ḃí an mac so liom marḃ agus atá sé beo arís; do ḃí sé ar iarraiḋ, agus friṫ é. Agus do ṫosnuiġeadar ar ḃeiṫ go sultṁar.


Aċt ba ċeart súḃaċas agus gáirdeaċas do ḃéanaṁ: óir do ḃí do ḋearḃráṫair annso marḃ, agus do ṫéarnuiġ sé; do ḃí sé ar iarraiḋ agus friṫ é.


Agus aduḃairt seisean leis, Leig do na marḃaiḃ a mairḃ féin do ċur; aċt imṫiġ‐se agus fógair ríoġaċt Dé go foirleaṫan.


Agus roiṁ ḟéile na cásca, ó ḃí a ḟios ag Íosa go raiḃ a ṫráṫ tagṫa ċum imṫeaċt as an saoġal so ċum a Aṫar, ó ṫug sé gráḋ d’á ṁuinntir féin do ḃí sa tsaoġal, ṫug se gráḋ ḋóiḃ go deireaḋ.


Do laḃair Íosa an méid sin; annsin, ag árdú a ṡúl ċum neiṁe, aduḃairt sé, A Aṫair, atá an uair tagṫa; taḃair glóir dod’ Ṁac, ċum go dtiuḃraḋ an Mac glóir ḋuit‐se:


Aduḃairt Íosa léi, Creid uaim‐se é, a ḃean, go ḃfuil an t‐am ag teaċt naċ ar an sliaḃ seo ná i nIarúsalem, aḋarfas siḃ an t‐Aṫair.


Aċt atá an uair ag teaċt, agus atá sí ann ċeana féin, ’n‐a n‐aḋarfaiḋ na fíor‐aḋarṫóirí an t‐Aṫair i spioraid agus i ḃfírinne: óir is iad sin na h‐aḋarṫóirí ṫeastuiġeas ó’n Aṫair.


Óir fá mar ṫógas an t‐Aṫair na mairḃ agus aiṫḃeoḋuiġeas sé iad, ar an gcuma ċéadna aiṫḃeoḋuiġeann an Mac na daoine is toil leis.


Ná déanaiḋ iongantas de seo: óir atá an t‐am ag teaċt, ’n‐a n‐éistfiḋ a ḃfuil ins na tuamaiḃ le n‐a ġuṫ,


Ar an aḋḃar sin, a lán d’á ḋeisceablaiḃ nuair do‐ċualadar é, aduḃradar, Is cruaiḋ an ċainnt í sin, cia d’ḟéadfaḋ éisteaċt léi?


Cad ċuige naċ dtuigeann siḃ mo ċainnt? De ḃriġ naċ ḃfuil ar ċumas daoiḃ éisteaċt lem’ ḃriaṫraiḃ.


An té is ó Ḋia éisteann sé le briaṫraiḃ Dé: is uime sin naċ n‐éisteann siḃ, óir ní ó Ḋia sí.


D’ḟreagair seisean dóiḃ, D’inniseas ċeana ḋaoiḃ é, agus níor éisteaḃar: cad ċuige gur ab áil liḃ a ċlos arís? an mian liḃ‐se, leis, ḃeiṫ ’n‐ḃúr ndeisceablaiḃ aige?


D’á ḃriġ sin do h‐aḋlacaḋ sinn mar aon leis ṫríd an mbaisteaḋ ċum báis: ar ṁoḋ, fá mar tógaḋ Críost ó na marḃaiḃ tré ġlóir an Aṫar, gur mar sin ṡiuḃalfaimíd i saoġal úr‐nua.


Agus do ḃí siḃ‐se marḃ do ḋeascaiḃ ḃur bpeacaḋ agus ḃur gcionnta,


nuair ḃíomar marḃ de ḋeascaiḃ ár gcionnta, do ḃeoḋuiġ sé i n‐éinḟeaċt le Críost sinn (is tré ġrása do slánuiġeaḋ siḃ), agus do ṫóg sé suas sinn i n‐éinḟeaċt leis,


uime sin adeirtear, Dúisiġ, ṫusa atá id’ ċodlaḋ, Agus éiriġ as lár na marḃ, Agus soillseoċaiḋ Críost ort.


Agus siḃ‐se do ḃí marḃ de ḋeascaiḃ ḃur gcionnta agus tré neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ ḃur ḃfeola, d’aiṫḃeoḋuiġ sé i n‐éinḟeaċt leisean siḃ, tar a éis dó ár gcionntaí uile do ṁaiṫeaṁ ḋúinn.


Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i Sárdis; Is é adeir an té go ḃfuil seaċt Spioraídí Dé aige, agus na seaċt réaltana: Is eol dom t’oibreaċa, agus go ḃfuilir i n‐ainm ḃeiṫ beo, aċt gur marḃ atáir.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan