Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 5:23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 ionnas go dtiuḃraḋ gaċ aoinneaċ onóir do’n Ṁac, fá mar ḃeireann siad onóir do’n Aṫair. An té naċ dtugann onóir do’n Ṁac ní ṫugann sé onóir do’n Aṫair do ċuir uaiḋ é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

23 Ċun go dtaḃaraḋ na h-uile ḋaoine onóir do’n Ṁac, mar a ḃeir siad onóir do’n Aṫair: an té naċ dtaḃrann onóir do’n Ṁac, ní ṫaḃrann sé onóir do’n Aṫair a ċuir uaiḋ é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 I dtreó go dtaḃarfaḋ gaċ aoinne onóir do’n Ṁac, fé mar a ṫugaid siad onóir do’n Aṫair; an t-é ná tugann onóir do’n Ṁac ní ṫugann sé onóir do’n Aṫair a ċuir uaiḋ an Mac.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

23 Do ċum go nonórfaḋ gaċ uile ḋuine an Mac, mar onóraid siad an Taṫair. An té naċ onóruiġeann an Mac ní onóruiġeann sé an Taṫair do ċuir uáḋ é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 5:23
47 Iomraidhean Croise  

An té gurb annsa leis a aṫair nó a ṁáṫair ’ná mise, ní fiú liom é; agus an té gurb annsa leis a ṁac nó a inġean ’ná mise ní fiu é mise.


Atá gaċ uile niḋ taḃarṫa ḋaṁ‐sa ag m’Aṫair: agus ní ḟuil aiṫne ag aoinneaċ ar an Mac, aċt ag an Aṫair; agus ní ḟuil aiṫne ag aoinneaċ ar an Aṫair aċt ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a ḟoillsiú ḋó.


Agus is as a ainm‐sean ḃéas muiniġín ag na Geintiḃ.


Onóruiġeann na daoine seo mé le n‐a mbéal; Aċt is fada uaim atá a gcroiḋe.


Imṫiġiḋ‐se, d’á ḃriġ sin, agus déanaiḋ deisceabail as na náisiúnaiḃ go léir, g‐á mbaisteaḋ i n‐ainm an Aṫar, agus an Ṁic, agus an Spioraid Naoiṁ:


An té éisteas liḃse, is liom‐sa éisteas sé; agus an té ḋiúltuiġeas daoiḃ, is daṁ‐sa ḋiúltuiġeas sé; agus an té ḋiúltuiġeas daṁ‐sa, diúltuiġeann sé do’n té do ċuir uaiḋ mé.


Ná bíoḋ buaiḋirt croiḋe oraiḃ; creidiḋ i nDia, creidiḋ ionnam‐sa mar an gcéadna.


Do‐ḃéarfaiḋ sé glóir ḋaṁ‐sa: óir glacfaiḋ sé dem’ ċuid‐se, agus noċtfaiḋ sé ḋaoiḃ é.


agus is leat‐sa gaċ niḋ is liom‐sa: agus atáim glóiriġṫe ionnta.


mar ḋaoine le h‐Íosa Críost; ċugaiḃ‐se uile atá san Róiṁ, ionṁain le Dia, do glaoḋaḋ ċum ḃeiṫ ’n‐ḃur naoṁaiḃ, Grása agus síoṫċáin daoiḃ ó Ḋia ár nAṫair, agus ó’n Tiġearna Íosa Críost.


Agus arís, adeir Ésáias, Béiḋ fréaṁ Iesse ann, Agus an té éireoċas ċum na Cineaḋaiġ do riaġlú, Is as ċuirfeas na Cineaḋaiġ a ndóċas.


Aċt anois, ar mbeiṫ fuascailte ó ṗeacaḋ ḋaoiḃ, agus siḃ ’n‐ḃur seirḃíseaċaiḃ do Ḋia, atá toraḋ ḃur saoṫair agaiḃ ċum naoṁṫaċta, agus is í an ḃeaṫa ṡíorraiḋe an deireaḋ béas air.


Aċt ní do réir na colna ṁaireas siḃ‐se, aċt do réir an spioraid, má’s fíor go gcóṁnuiġeann Spiorad Dé ionnaiḃ. Aċt an duine naċ ḃfuil Spiorad Ċríost ann, ní le Críost é.


Grása ḋaoiḃ, agus síoṫċáin ó Ḋia ár nAṫair, agus ó’n Tiġearna Íosa Críost.


Uime sin, má’s ag iṫe nó ag ól daoiḃ, nó cibé niḋ do‐ġní siḃ, déanaiḋ an uile niḋ ċum glóire Dé.


Cibé duine naċ ngráḋuiġeann an Tiġearna, bíoḋ sé anátema.


Naċ eol daoiḃ go ḃfuil ḃur gcorp mar ṫeampall ag an Spiorad Naoṁ, an Spiorad atá ionnaiḃ, fuaraḃar ó Ḋia?


go deiṁin do ḃí breaṫ báis ionnainn féin, ċum naċ mbéaḋ muiniġin againn asainn féin, aċt as Dia aiṫḃeoḋas na mairḃ:


Go raiḃ grása an Tiġearna Íosa Críost, agus gráḋ Dé, agus comaoin an Spioraid Naoiṁ agaiḃ go léir.


Óir atá gráḋ Ċríost d’ár mbrostú, mar is aṁlaiḋ ḃreaṫnuiġmíd, má fuair duine aṁáin bás ar son an uile ḋuine, go ḃfuaradar uile bás;


is é sin, go raiḃ Dia i gCríost ag réiḋteaċ an tsaoġail leis féin, gan cionnta na ndaoine do ċur ’n‐a leiṫ: agus ṫug sé ḋúinn briaṫar an réiḋtiġ.


ó Ḋia an t‐Aṫair agus ó’n Tiġearna Íosa Críost. Go raiḃ grása aca‐san go léir go ḃfuil gráḋ gan smál aca do’n Tiġearna Íosá Críost.


Is ar an aḋḃar sin atáim ag fulang na neiṫe seo: aċt ní ḟuil aon náire orm; óir atá a ḟios agam cia ann ar ċreideas, agus atáim cinnte ḋe go ḃfuil ar ċumas dó a ḃfuil curṫa fá n‐a ċúram agam do ċoiṁeád fá ċóṁair an lae úd.


Agus arís, nuair do‐ḃeir sé a ċéid‐ġein isteaċ san tsaoġal adeir sé, Agus déanaḋ aingle uile Dé aḋraḋ ḋó.


Síomón Peadar, seirḃíseaċ agus abstal Íosa Críost, ċum na ndaoine fuair an creideaṁ sár‐luaċṁar céadna atá againne; tré ḟíréantaċt ár nDé agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost:


Aċt biḋiḋ ag fás i ngrása agus i n‐eolas ár dTiġearna agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost. Dó‐san go dtugtar an ġlóir anois agus go síorraiḋe. Amén.


Cibé duine ṡéanas an Mac, ní ḟuil an tAṫair aige: an té adṁuiġeas an Mac, atá an tAṫair aige, leis.


Cibé duine ṫéiġeas ceann ar aġaiḋ agus naċ gcóṁnuiġeann i dteagasc Ċríost, ní ḟuil Dia aige: cibé duine ċóṁnuiġeas san teagasc sin atá an tAṫair agus an Mac aige.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan