Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 5:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Ar an aḋḃar sin do ḃí na h‐Iúdaiġ ag gaḃáil d’Íosa, toisc na neiṫe sin do ḋéanaṁ lá na sabóide.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

16 Ar an aḋḃar sin ḃíoḋ na h-Iúdaiġ ag géirleanaṁaint Íosa, de ḃríġ go ndéanaḋ sé na neiṫe seo ar an tsabóid.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 D’á ḃríġ sin ḃí na Iúdaiġ ag cur ar Íosa mar ġeall ar na neiṫe sin a ḋéanaṁ sa tsabbóid.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Agus ar a ṡon so do ġérleanadar na Iúdaiḋe Iósa, agus do smúaineadar a ṁarḃaḋ, tré go ndearna sé na neiṫese sa tsábboíd.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 5:16
15 Iomraidhean Croise  

Annsin adeir sé leis an duine, sín amaċ do láṁ. Agus do ṡín; agus d’éiriġ sí ċóṁ slán leis an láiṁ eile.


Agus d’imṫiġ na Fairisíniġ amaċ, agus ar an laṫair do ġlacadar cóṁairle le muinntir Ioruaiṫ ’n‐a aġaiḋ, agus iad ag iarraiḋ sliġe do ċeapaḋ le n‐a ṁilleaḋ.


Agus do ḃíodar‐san lán de ċúṫaċ; agus do ġlacadar cóṁairle le ċéile d’ḟéaċain créad do ḋéanfaidís le h‐Íosa.


Agus is í seo fiaḋnaise Eoin, nuair do ċuir na h‐iúdaiġ sagairt agus Leḃítiġ ó Iarúsalem ċuige g‐á ḟiafruiġe ḋe, Cia h‐é ṫusa?


D’iarradar breiṫ air arís: agus d’éaluiġ sé as a láṁaiḃ.


Cuiṁniġiḋ ar an mbriaṫar aduḃairt mé liḃ, Ní mó an seirḃíseaċ ná a ṁáiġistir. Má rinneadar géir‐leanaṁain orm‐sa, do‐ġéanaid géir‐leanaṁain oraiḃ‐se mar an gcéadna; má ċoiṁéadadar mo ḃriaṫra‐sa, ċoiṁéadfaiḋ siad ḃúr mbriaṫra‐sa, leis.


Agus ba í an tsabóid do ḃí ann an lá sin. Agus aduḃairt na h‐Iúdaiġ leis an duine a leiġeasaḋ. Atá an tsabóid ann, agus ní dleaġṫaċ ḋuit do leaba d’iomċar.


Aċt ní raiḃ a ḟios ag an duine do leiġeasaḋ ciarḃ é: óir d’éaluiġ Íosa uaṫa toisc sluaġ daoine ḃeiṫ san áit sin.


D’imṫiġ an fear, agus d’innis sé do na h‐Iúdaċaiḃ gurḃ é Íosa do‐rinne slán é.


Aċt d’ḟreagair sé ḋóiḃ, Atá m’Aṫair ag obair go dtí an uair seo, agus atáim‐se ag obair.


Ar an aḋḃar sin ba ḋéine do ḃí na h‐Iúdaiġ ag tnúṫ le n‐a ċur ċum báis, ní h‐é aṁáin gur ḃris sé an tsabóid, aċt go nduḃairt sé gurḃ é Dia a Aṫair, g‐á ċur féin ar aon dul le Dia.


D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Do‐rinneas gníoṁ aṁáin, agus atá iongnaḋ oraiḃ uile.


Agus do ḃí dream de ṁuinntir Iarúsalem aduḃairt, Naċ é seo an duine go ḃfuil siad ag iarraiḋ a ṁarḃaḋ?


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan