Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 4:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Agus aduḃairt an ḃean Ṡamáritánaċ leis, Cad ċuige ḋuit‐se ḃeiṫ ag iarraiḋ diġe orm‐sa, ar ṁnaoi Ṡamáritánaiġ? (Óir ní ḃíonn aon ċaidreaṁ idir na h‐Iúdaiġ agus na Samáritánaiġ).

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

9 Deir an ḃean úd ó’n tSamáire leis, dá ḃríġ sin: Cad é mar iarras tusa, agus tú i d’Iúdaċ, deoċ orm-sa, ar bean Ṡamáiriteánaċ mé? Óir ní ṫéid na h-Iúdaiġ i gcóṁluadar leis na Samáiriteánaiġ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Agus duḃairt an ḃean leis: Conus is féidir duit-se, agus gur Iúdaċ tu, deoċ a d’iarraiḋ orm-sa, agus gur bean Ṡamaritánaċ mé? Ní ḋeinid Iúdaiġ agus Samaritánaiġ cóṁarsanaċt eatarṫa féin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Ar a naḋḃarsin a duḃairt an ḃean Ṡamaritánaċ sin ris, Cionnas ar mbeiṫ ḋuitsí ad Iúdaiġe, iárrus tú deoċ oramsa, ata am ṁnáoi Ṡamaritánaiġ? Oír ní ġnáṫuiġid na Iúdaiġe na Samaritánuiġ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 4:9
12 Iomraidhean Croise  

Do ċuir Íosa an dáréag sin amaċ, agus ṫug sé órdú ḋóiḃ, g‐á ráḋ, Ná téiġiḋ isteaċ i sliġe na bPágánaċ, agus na téiġiḋ isteaċ i gcaṫraċaiḃ na Samáritánaċ;


Aċt Samáritánaċ áiriṫe, do ḃí ag gaḃáil na sliġe, ṫáinig sé ċum na h‐áite ’n‐a raiḃ sé:


Le n‐a linn sin ṫáinig a ḋeisceabail; agus ba iongnaḋ leo é ḃeiṫ ag laḃairt le mnaoi; aċt ċeana ní ḋuḃairt duine aca, Créad atá uait? nó, Cad ċuige a ḃfuil tú ag laḃairt léi?


D’ḟreagair na h‐Iúdaiġ agus aduḃradar leis, Naċ maiṫ adeirimíd é gur Samáritánaċ ṫú, agus go ḃfuil deaṁan ionnat?


Aċt doġeoḃaiḋ siḃ neart nuair ṫiocfas an Spiorad Naoṁ oraiḃ: agus béiḋ siḃ ’n‐ḃúr ḃfiaḋnaiḋṫiḃ daṁ‐sa i nIarúsalem, agus i nIúdaea ar fad, agus i Samária, agus go foirimeall an doṁain.


agus aduḃairt sé leo, Atá a ḟios agaiḃ féin naċ dlisteanaċ do’n Iúdaċ baint do ḃeiṫ aige le duine d’aon ċineaḋ eile, ná caidreaṁ do ḋéanaṁ leis; aċt ṫug Dia le tuigsin dom gan coitċeann ná neaṁ‐ġlan do ṫaḃairt ar aon duine:


Cuir fios go h‐Ioppé, d’á ḃriġ sin, agus iarr ar Ṡíomón, ar a dtugtar Peadar, teaċt ċugat; cóṁnuiġeann sé i dtiġ Ṡíomóin fear leasuiġṫe leaṫair, cois na fairrge.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan