Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 4:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 agus is ann do ḃí tobar Iácóib. Agus, ó ḃí Íosa corṫa ó’n aistear, do ṡuiḋ sé síos le h‐ais an tobair. Do ḃí sé timċeall na séṁaḋ h‐uaire.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

6 Agus ḃí tobar Iacóib annsin. Dá ḃríġ sin, mar go raiḃ Íosa tuirseaċ de’n aistear, ṡuiḋ sé mar sin ar an tobar. Ḃí sé tuairim agus an seiseaḋ h-uair.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Ansan iseaḋ ḃí tobar Iácóib. Ḃí Íosa tuirseaċ ó’n mbóṫar agus do ṡuiḋ sé mar sin os cionn an tobair; tímpal an séṁaḋ h-uair ab eaḋ é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus do ḃí tobar Iácob ann sin. Ar a naḋḃarsin, ar mbeiṫ curṫa Díosa ó nasdar, do ṡuiḋ sé mar sin ar an tobar: agus do ḃí sé a dtimċeall an seiseaḋ húair.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 4:6
12 Iomraidhean Croise  

Agus ó’n séṁaḋ h‐uair do leaṫ dorċadas ar an tír go léir go dtí an naoṁaḋ h‐uair.


Agus nuair do ḃí troscaḋ dá ḟiċid lá agus dá ḟiċid oiḋċe déanta aige, ṫáinig ocras air ’n‐a ḋiaiḋ sin.


Agus féaċ, d’éiriġ stoirm ṁór ar an ḃfairrge, i dtreo go raiḃ an bád d’á ṁúċaḋ fá na tonnaiḃ: aċt do ḃí seisean ’n‐a ċodlaḋ.


Agus rug sí mac, a céad‐ġein; agus d’ḟill sí i n‐éadaiġiḃ é, agus do ċuir sí ’n‐a luiġe i mainséar é, toisc naċ raiḃ sliġe ḋóiḃ sa tiġ ósta.


Agus aduḃairt Íosa leis, Atá pluaiseaċa ag na sionnaċaiḃ, agus atá neadaċa ag éanlaiṫiḃ an aeir; aċt ní ḟuil áit ag Mac an Duine ar a leagfaḋ sé a ċeann.


D’ḟreagair Íosa, Naċ ḃfuil ḋá uair déag san lá? Má ṡiuḃlann duine san lá, ní baintear tuisleaḋ as, óir do‐ċí sé solas an tsaoġail seo.


An mó tusa ’ná ár n‐aṫair Iácób ṫug dúinn an tobar, agus d’ól as, mar aon le n‐a ċlainn agus le n‐a áirnéis.


Agus táinig sé go caṫair i Samária ar a dtugtar Suċar, láiṁ leis an ḃfearann ṫug Iácób d’á ṁac Seosaṁ:


Ṫáinig bean ó Ṡamária ċum uisce do ṫarraing: aduḃairt Íosa léi, Taḃair ḋom le n’ól.


Óir is eol daoiḃ grása ár dTiġearna Íosa Críost, giḋ go raiḃ sé saiḋḃir, gur éiriġ sé boċt ar ḃur son‐sa, ċum go n‐éireoċaḋ siḃ saiḋḃir de ḃarr a ḃoċtaine‐sean.


Ar an aḋḃar sin ba ċóir go ndéanfaiḋe é cosṁail ar gaċ sliġe le n‐a ḃráiṫriḃ, ċum go mbéaḋ sé ’n‐a árd‐ṡagart trócaireaċ, ionnraic ins na neiṫiḃ ḃaineas le Dia, ċum cúiteaṁ do ḋéanaṁ as peacaiḋiḃ an ṗobail.


Óir ní ḟuil árd‐ṡagart againne naċ ḃféadann cóṁḟulang le n‐ár laige; aċt is aṁlaiḋ do cuireaḋ airsean ar cuireaḋ de ċaṫuiġṫiḃ ariaṁ orainne, aċt aṁáin gan peacaḋ do ḋéanaṁ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan