Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 4:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 d’ḟág sé Iúdaea, agus d’imṫiġ sé arís go dtí an Ġalilé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

3 D’ḟág sé Iudaia, agus d’imṫiġ sé arís ċun na Gailile.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 D’ḟág sé Iúdaéa agus d’imṫiġ sé airís go Gaililí.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Do ḟág sé tír Iúdaiġe, agus do ċúaiḋ sé a rís don Ġalilé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 4:3
11 Iomraidhean Croise  

Aċ nuair déanfar géir‐leanaṁain oraiḃ i n‐aon ċaṫair, teiċiḋ isteaċ sa gcéad ċaṫair eile: óir adeirim liḃ go fírinneaċ, Ní ḃéiḋ deireaḋ ḃúr dturais i gcaṫraċaiḃ Israel déanta agaiḃ sara dtiocfaiḋ Mac an Duine.


Aċt d’imṫiġ Íosa agus a ḋeisceabail i dtreo na fairrge: agus do lean sluaġ mór é ó’n nGalilé,


Agus ṫarla, sa tsliġe ḋóiḃ ag dul go h‐Iarúsalem, go raiḃ sé ag gaḃáil tré lár Ṡamária agus Ġalilé.


Ba ṁian leis, lá ar n‐a ḃáraċ, dul go dtí an Ġalilé, agus fuair sé Pilib: agus aduḃairt Íosa leis, Lean mise.


Agus d’imṫiġ sé arís ṫar Iórnán anonn go dtí an áit ’n‐a raiḃ Eoin ag baisteaḋ ar dtús; agus d’ḟan sé annsin.


Uime sin níor ṡiuḃail Íosa go poibliḋe i measc na nIúdaċ ó’n am sin, aċt d’imṫiġ sé isteaċ sa tír atá i n‐aice an ḟásaiġ, go caṫair ar a dtugtar Efráim; agus d’ḟan sé annsin i ḃfoċair a ḋeisceabal.


Do‐rinne Íosa an tosnú sin ar a ṁíorḃailtiḃ i gCána na Galilé, agus d’ḟoillsiġ sé a ġlóir; agus do ċreid a ḋeisceabail ann.


I n‐a ḋiaiḋ sin do ċuaiḋ Íosa agus a ḋeisceabail isteaċ i ndúṫaiġ Iúdaea; agus d’ḟan sé ’n‐a ċóṁnaiḋe annsin mar aon leo, agus do ḃí sé ag baisteaḋ.


An méid do ċonnaic agus do‐ċuala sé, do‐ḃeir sé fiaḋnaise air.


Nuair do‐ċuala seisean go raiḃ Íosa tagṫa as Iúdaea isteaċ sa nGalilé, do ċuaiḋ sé ċuige, agus d’iarr sé d’aṫċuinġe air dul síos, agus a ṁac do leiġeas; óir do ḃí sé i rioċtaiḃ báis.


I n‐a ḋiaiḋ sin do ġluais Íosa ar fud na Galilé: óir níorḃ áil leis siuḃal i nIúdaea, toisc go raiḃ na h‐Iúdaiġ ag iarraiḋ a ċur ċum báis.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan