Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 4:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Aduḃairt Íosa léi, Creid uaim‐se é, a ḃean, go ḃfuil an t‐am ag teaċt naċ ar an sliaḃ seo ná i nIarúsalem, aḋarfas siḃ an t‐Aṫair.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

21 Deir Íosa léi: A ḃean, creid mise, go ḃfuil an uair ag teaċt nuair naċ ar an tsliaḃ seo, ná i n-Ierusalem, a ḋéanfas siḃ an t-Aṫair ḋ’aḋraḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Duḃairt Íosa léi: A ḃean, creid-se uaim-se go ḃfuil an t-am ag teaċt nuair náċ ar an gcnoc so ná i n-Ierúsalem a ḋéanfaiḋ siḃ an t-Aṫair a ḋ’aḋraḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 A duḃairt Iósa ría, A ḃean, creid misi, tig an uáir, naċ aḋarfuiġe an Taṫair, ar a tslíaḃso, ná a Niárusalém.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 4:21
20 Iomraidhean Croise  

Oir áit ar biṫ ’n‐a mbíonn beirt nó triúr cruinniġṫe le ċéile im’ ainm‐se, bím‐se féin annsin ’n‐a measc.


Imṫiġiḋ‐se, d’á ḃriġ sin, agus déanaiḋ deisceabail as na náisiúnaiḃ go léir, g‐á mbaisteaḋ i n‐ainm an Aṫar, agus an Ṁic, agus an Spioraid Naoiṁ:


Agus tuitfiḋ siad le faoḃar claiḋiṁ, agus béarfar i mbraiġdeanas iad ar fud na gcineaḋaċ go léir: agus treascarfar Iarúsalem fá ċosaiḃ na bPágánaċ, go dtí go gcóiṁlíonfar ré na bPágánaċ.


Aduḃairt Íosa leis, Is mise an tsliġe, agus an ḟírinne, agus an ḃeaṫa: ní ṫig aoinneaċ ċum an Aṫar aċt aṁáin tríom‐sa.


Cuirfear amaċ as na sionagógaiḃ siḃ: ṫairis sin, atá an uair ag teaċt go measfaiḋ an té ṁarḃas siḃ gur ag déanaṁ seirḃíse do Ḋia atá sé.


Féaċ, atá an uair ag teaċt, atá sí ann anois féin, ’n‐a scaipfear gaċ duine agaiḃ ċum a ḃaile féin, agus ’n‐a ḃfágfaiḋ siḃ mise im’ aonar: aċt ċeana, ní im’ aonar atáim, óir atá an t‐Aṫair im’ ḟoċair.


Aċt atá an uair ag teaċt, agus atá sí ann ċeana féin, ’n‐a n‐aḋarfaiḋ na fíor‐aḋarṫóirí an t‐Aṫair i spioraid agus i ḃfírinne: óir is iad sin na h‐aḋarṫóirí ṫeastuiġeas ó’n Aṫair.


Go firinneaċ adeirim liḃ, Atá an t‐am ag teact, agus atá sé ann anois féin, ’n‐a n‐éistfiḋ na mairḃ le guṫ Ṁic Dé; agus mairfiḋ siad‐san éistfeas leis.


Ná déanaiḋ iongantas de seo: óir atá an t‐am ag teaċt, ’n‐a n‐éistfiḋ a ḃfuil ins na tuamaiḃ le n‐a ġuṫ,


Oir do‐ċualamar é g‐á ráḋ, go scriosfaiḋ an t‐Íosa Nasarḋa so an áit seo, agus go n‐aṫróċaiḋ sé na cleaċta ṫug Maois dúinn.


óir atá ár sliġe ċum an Aṫar againn araon, i n‐aon Spiorad aṁáin, tríd‐sean.


Ar an aḋḃar sin feacaim mo ġlúna roiṁ an Aṫair,


Is mian liom, d’á ḃriġ sin, go ndéanfaḋ na fir urnaiġe san uile áit, agus láṁa beannuiġṫe i n‐áirde aca, gan fearg, gan aiġneas.


Agus má ġlaoḋann siḃ airsean mar Aṫair, do‐ḃeir breiṫ do réir oibre gaċ duine, gan meas do ṫaḃairt ar ṗearsain duine seaċas a ċéile, caiṫiḋ aimsear ḃur ndeoraiḋeaċta le h‐eagla:


Agus ní ḟacas aon teampall istiġ innti: óir is é an Tiġearna Uile‐ċuṁaċtaċ, mar aon leis an Uan, is teampall di.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan