Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 3:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 ṫáinig seisean ċum Íosa san oiḋċe, agus aduḃairt sé leis, A Rabbí, atá a ḟios againn gur múinteoir ṫáinig ó Ḋia ṫú: óir ní féidir go ndéanfaḋ aon duine na míorḃailtí ġníos tusa, gan Dia ḃeiṫ leis.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

2 Ṫáinic sé seo ċuig Íosa san oiḋċe, agus duḃairt leis: A Rabbi, tá a ḟios againn go dtáinic tú i do ṁúinteoir ó Ḋia, óir ní féidir d’aoinneaċ na míorḃailte seo a ġní tusa a ḋéanaṁ, gan Dia a ḃeiṫ leis.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Ṫáinig an duine sin ag triall ar Íosa sa n-oiḋċe, agus duḃairt sé leis: A Rabbí, is eól dúinn gur ó Ḋia a ṫáinís ad’ oide, mar ní ḟéadfaḋ aon duine na mírḃúiltí a ḋeineann tusa do ḋéanaṁ gan Dia ḃeiṫ leis.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Taínig sé so ċum Iósa ann sa noiḋċe, agus a duḃairt sé ris, A Ṁaiġisdir, atá a ḟios aguinn gur ab ó Ḋía ṫáinig tusa ad ḟear teagaisg: oír ní heidir lé héinneaċ na coṁarṫuiḋe so do ní tusa do ḋéunaṁ, muna mbeiṫ Día maílle rís.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 3:2
30 Iomraidhean Croise  

Agus do ċuireadar ċuige a ndeisceabail i n‐éinḟeaċt le muinntir Ioruaiṫ, g‐á ráḋ, A ṁáigistir, atá a ḟios againn gur duine fírinneaċ ṫú, agus go múineann tú sliġe Dé i ḃfírinne, agus naċ ḃfuil beann agat ar aon duine: óir is cuma leat pearsa an duine.


agus omós d’ḟáġáil i n‐áiteannaiḃ an ṁargaiḋ, agus an sluaġ ag taḃairt Rabbí orṫa.


Aċt ná tugtar Rabbí oraiḃ‐se: óir ní ḟuil agaiḃ aċt aon Ṁáiġistir aṁáin, agus is bráiṫre siḃ uile.


Agus nuair ṫángadar, aduḃradar leis, A Ṁáiġistir, atá a ḟios againn gur duine fírinneaċ ṫú, agus naċ ḃfuil beann agat ar aoinneaċ: óir is cuma leat pearsa aon duine, aċt múineann tú sliġe Dé de réir na fírinne. An dleaġṫaċ cáin do ṫaḃairt do Ċéasar, nó gan a taḃairt?


Agus d’iompuiġ Íosa, agus do ċonnaic sé iad g‐á leanaṁain, agus aduḃairt sé leo, Créad atá uaiḃ? Agus duḃradar‐san leis, A Rabbí (is é sin le ráḋ, A Ṁáiġistir), cá gcóṁnuiġeann tú?


Aċt má ġním iad, muna gcreideann siḃ mise, creidiḋ na h‐oibreaċa: ionnas go mbéiḋ a ḟios agaiḃ agus go dtuigfiḋ siḃ go ḃfuil an t‐Aṫair ionnam‐sa, agus go ḃfuilim‐se san Aṫair.


Aċt giḋ go ndearna sé an oiread sin míorḃal ’n‐a ḃfiaḋnaise, níor ċreideadar ann:


Naċ gcreideann tú go ḃfuilim‐se san Aṫair, agus go ḃfuil an t‐Aṫair ionnam‐sa? na briaṫra adeirim liḃ, ní h‐uaim féin laḃraim iad; aċt an t‐Aṫair atá ’n‐a ċóṁnaiḋe ionnam, is é oibriġeas.


Muna mbéaḋ go ndearnas ’n‐a measc na h‐oibreaċa naċ ndearna aoinneaċ eile, do ḃéidís gan ṗeacaḋ: aċt anois do ċonnacadar mise agus m’Aṫair, agus ṫugadar fuaṫ ḋúinn.


Do‐rinne Íosa an tosnú sin ar a ṁíorḃailtiḃ i gCána na Galilé, agus d’ḟoillsiġ sé a ġlóir; agus do ċreid a ḋeisceabail ann.


Aduḃairt Íosa léi, A Ṁáire! D’iompuiġ sí, agus aduḃairt sí as Eaḃrais, A Rabbóní! (is é sin le ráḋ, A Ṁáiġistir.)


Agus ṫángadar ċum Eoin, agus aduḃradar leis, A Rabbí, an té úd do ḃí id’ ḟoċair taoḃ ṫall de Iórnán, go dtug tú fiaḋnaise ’n‐a ṫaoḃ, féaċ, atá sé ag baisteaḋ, agus atá gaċ aoinneaċ ag teaċt ċuige.


I riṫ an ama do ḃí na deisceabail ag taṫant air, g‐á raḋ, A Rabbí, bí ag iṫe.


Aċt atá fiaḋnaise agam‐sa is mó ’ná fiaḋnaise Eoin: óir na gnóṫa ṫug m’Aṫair ḋom le cur ċum ċríċe, na gnóṫa féin do‐ġníṁ, do‐ḃeir siad ḟiaḋnaise im’ ṫaoḃ, gur ab é an t‐Aṫair do ċuir uaiḋ mé.


Agus do lean sluaġ mór daoine é, mar do ċonnacadar na míorḃailtí do‐rinne sé orṫa‐san do ḃí breoite.


Aċt do ḃí a lán de’n tsluaġ do ċreid ann; agus aduḃradar, Nuair ṫiocfas an Críost, an ndéanfaiḋ sé níos mó míorḃailtí ’ná do‐rinne an duine seo?


Uime sin aduḃairt cuid de na Fairisíneaċaiḃ, Ní ó Ḋia an fear so, óir ní ċoiṁéadann sé an tsabóid. Aċt ḃí cuid eile aca aduḃairt, Cionnas is féidir do ḋuine peacaṁail a leiṫéidí de ṁíorḃailtiḃ do ḋéanaṁ? Agus do ḃí siosma eadorṫa.


cionnas mar d’ong Dia Íosa Nasarḋa leis an Spiorad Naoṁ agus le cuṁaċt: gur ġluais sé roiṁe ag déanaṁ deaġ‐ġníoṁ, agus ag leiġeas gaċ duine do ḃí fá smaċt an diaḃail; óir do ḃí Dia leis.


A ṗobail Israel, éistiḋ leis na briaṫraiḃ seo: Íosa Nasarḋa, duine do ṁol Dia ḋaoiḃ leis na cuṁaċtaiḃ, agus leis na míorḃailtiḃ, agus leis na cóṁarṫaiḃ, do‐rinne Dia tríd ’n‐ḃúr measc, mar is eol daoiḃ féin;


agus go ḃfuil furṁór na mbráṫar san Tiġearna níos daingne go mór ag laḃairt briaṫair Dé gan eagla, agus breis meisniġ ag teaċt orṫa de ḃárr mo ċuiḃreaċ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan