Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 3:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Óir do ġráḋuiġ Dia an saoġal ċóṁ mór sin, go dtug sé a Aon‐Ṁac féin, ionnas, gaċ duine creidfeaḋ ann, naċ gcaillfiḋe é, aċt go mbéaḋ an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

16 Óir ġráḋuiġ Dia an doṁan cóṁ mór sin, go dtug sé a Aoin-ġein Ṁic; ċun naċ gcailltí aoinneaċ dá gcreidfeaḋ ann, aċt go mbéaḋ beaṫa ṡíorraiḋe aige.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Óir do ġráḋuiġ Dia an doṁan ċóṁ mór san gur ṫug sé a Aon Ṁac féin uaiḋ, i dtreó, gaċ duine a ċreidfeaḋ ann, na caillfí é, aċ go mbeaḋ beaṫa ṡíoruiḋe aige.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Oír is mar so do ġráḋuiġ Día an doṁan, go dtug sé a éiġein Meic fein, ionnus giḋ bé ċreideas ann, naċd raċaḋ sé a muġa, aċd go mbeiṫ an ḃeaṫa ṡiorruiḋe aige.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 3:16
28 Iomraidhean Croise  

Aċt imṫiġiḋ agus foġlamaiḋ briġ na cainste sin. Trócaire is áil liom, agus ní h‐íoḋbairt: óir ní ċum na ḃfíréan do ġlaoḋaċ ṫáinig mé, aċt ċum na bpeacaċ do ġlaoḋaċ.


Do ḃí aige aon ṁac aṁáin, ionṁain: agus do ċuir sé eisean ċuca sa deireaḋ mar an gcéadna, ’g‐a ráḋ, Do‐ḃéarfaid urraim dom’ ṁac.


Glóir do Ḋia ins na flaiṫeasaiḃ is aoirde, Agus ar talaṁ síoṫċáin do luċt déiġṁéine.


Agus do‐rinneaḋ colann de’n Ḃriaṫar, agus do ċóṁnuiġ sé ’n‐ár measc (agus do ċonnacamar a ġlóir, aṁail glóir Aon‐Ṁic an Aṫar), lán de ġrás agus d’ḟírinne.


Ní ḟaca aoinneaċ Dia ariaṁ; an t‐Aon‐Ṁac atá i n‐uċt an Aṫar, do b’é d’ḟoillsiġ é.


An lá ’n‐a ḋiaiḋ sin do ċonnaic sé Íosa ag teaċt ċuige, agus aduḃairt sé, Féaċ Uan Dé ṫógas peacaḋ an doṁain!


agus do‐ḃeirim an ḃeaṫa ṡíorraiḋe ḋóiḃ; agus ní caillfear iad go deoiḋ, agus ní ḟuadóċaiḋ aoinneaċ as mo láiṁ iad.


ċum go mbéiḋ an ḃeaṫa ṡíorraiḋe ag an uile ḋuine ċreideas ann.


An té ċreideas ann ní tugtar breiṫ air: an té naċ gcreideann atá breiṫ taḃarṫa air ċeana féin, toisc nár ċreid sé i n‐ainm Aon‐Ṁic Dé.


An té ċreideas sa Mac, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige; aċt an té naċ n‐uṁluiġeann do’n Ṁac, ní ḟeicfiḋ sé an ḃeaṫa, aċt atá díḃeirg Dé i gcóṁnaiḋe air.


Óir is é toil m’Aṫair, an uile ḋuine do‐ċí an Mac, agus ċreideas ann, go ḃfaiġeaḋ sé an ḃeaṫa ṡíosraiḋe, agus tógfad‐sa é an lá deiriḋ.


Óir, má rinneaḋ réiḋteaċ idir sinn agus Dia tré ḃás a Ṁic, an tráṫ ’n‐a raḃamar ’n‐ár náiṁdiḃ, is móide an fáṫ, ar mbeiṫ do’n réiḋteaċ sin déanta, go slánóċar sinn tré n‐a ḃeaṫaiḋ.


Aċt noċtann Dia an gráḋ atá aige féin dúinn, de ḃriġ, ar mbeiṫ ḋúinn ’n‐ár bpeaċaċaiḃ, go ḃfuair Críost bás ar ár son.


An té nár spáráil a Ṁac féin, aċt ṫug suas ar son an uile ḋuine againn é, naċ mbronnfaiḋ sé gaċ uile niḋ orainn i n‐éinḟeaċt leis?


aċt Dia, atá saiḋḃir i dtrócaire, as uċt an ġráḋa ṁóir atá aige ḋúinn,


Anois go dtugaiḋ ár dTiġearna Íosa Críost féin agus Dia ár nAṫair, do ġráḋuiġ sinn, agus ṫug sólás síorraiḋe agus deaġ‐ḋóċas dúinn tré ġrása, go dtugaiḋ sé sólás croiḋe ḋaoiḃ,


Aċt nuair do noċtaḋ maiṫeas agus gráḋ Dé ár Slánuiġṫeoir do’n duine,


Aċt ċímíd Íosa, do rinneaḋ níb’ ísle ’ná na h‐aingle ar feaḋ tamaill ḃig, ċímíd i gcoróin na glóire agus na h‐onóra é, toisc an bás d’ḟulang, ċum, tré ġrása Dé, go mblaisfeaḋ sé bás ar son gaċ uile ḋuine.


Féaċaiḋ méid an ġráḋa ṫug an tAṫair dúinn, go nglaoḋfaiḋe clann Dé orainn: agus atá an scéal aṁlaiḋ ’n‐ár dtaoḃ. Ar an aḋḃar sin ní aiṫniġeann an saoġal sinn, toisc nár aiṫniġ sé eisean.


Do‐ḃeirimíd gráḋ ḋósan de ḃriġ go raiḃ tosaċ aige‐sean ag taḃairt gráḋa ḋúinne.


agus ó Íosa Críost, an fiaḋnaiḋe fírinneaċ, an ċéid‐ġein ó na marḃaiḃ, agus árd‐rí riġṫe na talṁan. Do’n té ġráḋuiġeas sinn, agus do scaoil ó n‐ár bpeacaiḋiḃ le n‐a ḟuil féin sinn;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan