Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 2:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus do ḃí sé soiṫiġ cloiċe, do cuireaḋ ann de réir reaċta glantóireaċta na nIúdaċ, agus lán a dó nó a trí d’ḟeircíniḃ ins gaċ soiṫeaċ díoḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

6 Aċt ḃí sé daḃaċa cloiċe curṫa annsin ċun láṁa a niġe do réir nós na n-Iúdaċ, agus congḃáil ḋá nó trí meadar i ngaċ cionn acu.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus ḃí sa n-áit sé daḃaċa cloiċe, a cuireaḋ ann ċun láṁ do niġe, do réir nóis na n-Iúdaċ; agus do raġaḋ dó nó trí ṁeadraiḃ ins gaċ daḃaċ díoḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus do ḃádar sé soiṫiġe cloiċe ar na gcur ann sin, do réir ġnáṫaiġe ġlanta na Níudaiġeaḋ, ḋá ḟeircín nó a trí do ġlacaḋ gaċ áon aca.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 2:6
9 Iomraidhean Croise  

Agus aduḃairt seisean, Céad feircín ola. Agus aduḃairt sé leis, Faiġ do ḃille, agus suiḋ síos go luaṫ, agus scríoḃ caogad feircín.


Aduḃairt Íosa leo, Líonaiḋ na soiṫiġ d’uisce. Agus do líonadar go béal iad.


Uime sin d’éiriġ conspóid idir ḋeisceabail Eoin agus Iúdaċ éigin i dtaoḃ glantóireaċta.


ċum go naoṁóċaḋ sé í, g‐á glanaḋ leis an mbriaṫar fá ṫuinn an ḃaistiḋ,


druidimís i ḃfoigseaċt dó, le fírinne croiḋe, agus an creideaṁ daingniġṫe ’n‐ár n‐aigne, agus ár gcroiḋeaċa glanta ó ḋroċ‐ċoinsias, agus ár gcorp niġte le fíor‐uisce:


agus teagaisc fá ḃaisteaḋ, agus fá leagaḋ láṁ, agus fá aiséirġe na marḃ, agus fá’n mbreiṫeaṁnas síorraiḋe.


naċ ḃfuil ionnta (idir biaḋa, agus deoċa, agus ionnlaiḋṫe éagsaṁla) aċt gnáṫ‐nósanna saoġalta, do cuireaḋ ar bun go dtí aimsir an ċeartuiġṫe.


Óir nuair do ḃí an uile aiṫne fógarṫa ag Maois do’n ṗobal do réir an dliġe, do ġlac sé cuid d’ḟuil na laoġ agus na ngaḃar i n‐éinḟeaċt le h‐uisce, agus le h‐olainn ċraoraiġ, agus le h‐iosóip, agus do ċroiṫ sé ar an leaḃar féin,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan