Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 2:23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 Agus i nIarúsalem dó le linn féile na cásca, do ċreid móran ’n‐a ainm, ó do ċonnacadar na míorḃailtí do‐rinne sé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

23 Agus nuair a ḃí sé i n-Ierusalem lá na féile san Ċáisc, ċreid mórán ina ainm, nuair a ċonnaic siad na míorḃailte a ġníoḋ sé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Agus nuair a ḃí sé i n-Ierúsalem sa ċáisg, lá na féile, do ċreid a lán daoine i n-a ainim nuair a ċonacadar na mírḃúiltí a ḃí aige ’á ḋéanaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

23 Agus ar mbeíṫ a Niérusalém ḋó fá ċáisg, lá an ḟéusda, do ċreideadar mórán an ainmsean, ag faicsin na gcoṁarṫaḋ do rinne sé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 2:23
18 Iomraidhean Croise  

Agus iad‐san atá ar an gcarraig is iad na daoine ġlacas ċuca an briaṫar le h‐áṫas tar a éis dóiḃ éisteaċt leis; agus ní ḟuil fréaṁ aca‐san; creideann siad ar feaḋ tamaill, agus i n‐am caṫuiġṫe téiġeann siad ar gcúl.


Ar an aḋḃar sin, mórán de na h‐Iúdaiġ ṫáinig ċum Máire, agus do ċonnaic na neiṫe do‐rinne sé, do ċreideadar ann.


Do‐rinne Íosa an tosnú sin ar a ṁíorḃailtiḃ i gCána na Galilé, agus d’ḟoillsiġ sé a ġlóir; agus do ċreid a ḋeisceabail ann.


Agus do ḃí cáisc na nIúdaċ i ḃfogas, agus do ċuaiḋ Íosa suas go h‐Iarúsalem.


ṫáinig seisean ċum Íosa san oiḋċe, agus aduḃairt sé leis, A Rabbí, atá a ḟios againn gur múinteoir ṫáinig ó Ḋia ṫú: óir ní féidir go ndéanfaḋ aon duine na míorḃailtí ġníos tusa, gan Dia ḃeiṫ leis.


Agus nuair do ṡroiċ sé an Ġalilé, d’ḟáiltiġ na Galiléanaiġ roiṁe, óir do ċonnacadar gaċ a ndearna sé i nIarúsalem le linn na féile: óir do ċuadar féin ċum na féile.


Aċt atá fiaḋnaise agam‐sa is mó ’ná fiaḋnaise Eoin: óir na gnóṫa ṫug m’Aṫair ḋom le cur ċum ċríċe, na gnóṫa féin do‐ġníṁ, do‐ḃeir siad ḟiaḋnaise im’ ṫaoḃ, gur ab é an t‐Aṫair do ċuir uaiḋ mé.


Agus nuair do ċonnaic na daoine an ṁíorḃail do‐rinne sé, aduḃradar, Go fírinneaċ is é seo an fáiḋ atá le teaċt ar an saoġál.


Agus do lean sluaġ mór daoine é, mar do ċonnacadar na míorḃailtí do‐rinne sé orṫa‐san do ḃí breoite.


Aċt do ḃí a lán de’n tsluaġ do ċreid ann; agus aduḃradar, Nuair ṫiocfas an Críost, an ndéanfaiḋ sé níos mó míorḃailtí ’ná do‐rinne an duine seo?


Óir i nÍosa Críost ní ḟuil fóġnaṁ ar biṫ i dtimċeall‐ġearraḋ ná i neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ aċt oiread: aċt aṁáin san gcreideaṁ oibriġeas tré ġráḋ.


Agus is í a aiṫne, creideaṁain i n‐ainm a Ṁic Íosa Críost, agus gráḋ do ṫaḃairt d’á ċéile, do réir na h‐aiṫne ṫug sé ḋúinn.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan