Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 2:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 I n‐a ḋiaiḋ sin do ċuaiḋ sé síos go Cafarnaúm, é féin, agus a ṁáṫair, agus a ḃráiṫre, agus a ḋeisceabail: aċt níor ḟanadar annsin aċt beagán laeṫe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

12 Ina ḋiaiḋ seo ċuaiḋ sé féin, agus a ṁáṫair, agus a ḃráiṫre, agus a ḋeisciobail síos go Caṗarnaum: agus d’ḟan siad annsin beagán laeṫe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Ansan do ċuaiḋ sé síos go Caṗarnaum, é féin agus a ṁáṫair agus a ḃráiṫre agus a deisgiobuil, agus d’ḟanadar ann beagán laeṫanta.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Na ḋíaiġ sin dó ċúaiḋ sé síos go Capernáum, é féin, agus a ṁáṫair, agus a ḋearḃráiṫreaċa, agus a ḋeisciobail: aċd níor ḟanadar ann mórán do laéṫiḃ:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 2:12
12 Iomraidhean Croise  

Agus tusa, a Ċafarnaúim, an suas go neaṁ árdóċar ṫú? síos go h‐ifreann ísleoċar ṫú: óir dá ndéantaiḋe i Sodom na gníoṁarṫa éaċtaċa do‐rinneaḋ ionnat‐sa, d’ḟanfaḋ sé ann go dtí an lá so.


Le linn cainnte leis an bpobal dó, féaċ, do ḃí a ṁáṫair agus a ḋearḃráiṫre amuiġ, agus iad ag iarraiḋ laḃairt leis.


agus ag imṫeaċt ó Nasair ḋó ṫáinig sé ċum ḃeiṫ ’n‐a ċóṁnaiḋe i gCafarnaúm, cois na fairrge ar ṫeorainn Ṡabulón agus Neftalim,


Naċ é seo an siúinéir, mac Ṁuire, dearḃráṫair Ṡéamais, agus Ṡeosaiṁ, agus Iúdáis, agus Ṡíomóin? agus naċ ḃfuil a ḋeirḃṡeaṫraċa annso ’n‐ár measc? Agus fuaradar scannal ann.


agus fuair Íosa agus a ḋeisceabail cuireaḋ ċum na bainse.


Ṫáinig sé, mar sin, arís go Cána, mar a ndearna sé fíon de’n uisce. Agus do ḃí duine uasal de luċt an ríoġ ann, go raiḃ a ṁac breoite i gCafarnaúm.


agus do ċuadar isteaċ i mbád, agus ḃíodar ag dul trasna na fairrge go Cafarnaúm. Agus do ḃí dorċadas ann an t‐am sin, agus ní ṫáinig Íosa ċuċa.


Naċ ḃfuil sé de ċead againn siúr do ṫaḃairt mar ḃainċéile i n‐éinḟeaċt linn, mar do‐ġní an ċuid eile de na h‐abstalaiḃ, agus bráiṫre an Tiġearna, agus Céfas?


Aċt ní ḟacas aon duine eile de na h‐abstalaiḃ, aċt aṁáin Séamas, dearḃráṫair an Tiġearna.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan