Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 2:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Do‐rinne Íosa an tosnú sin ar a ṁíorḃailtiḃ i gCána na Galilé, agus d’ḟoillsiġ sé a ġlóir; agus do ċreid a ḋeisceabail ann.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

11 Ċuir Íosa an tús seo le míorḃailte i gCána na Gailile, agus léiriġ sé a ġlóir, agus ċreid a ḋeisciobail ann.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Ḋein Íosa an tusnú san ar a ṁírḃúiltíḃ i gCána na Gaililí, agus do ṫaisbeáin sé a ċóṁaċt, agus do ċreid a ḋeisgiobuil ann.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 As é so tosaċ míorḃuile do rinne Iósa a Gcána na Galilé, agus dfoillsiġ sé a ġloír féin; agus do ċreideadar a ḋeisciobail ann.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 2:11
43 Iomraidhean Croise  

Agus do‐rinneaḋ colann de’n Ḃriaṫar, agus do ċóṁnuiġ sé ’n‐ár measc (agus do ċonnacamar a ġlóir, aṁail glóir Aon‐Ṁic an Aṫar), lán de ġrás agus d’ḟírinne.


Óir tugaḋ an reaċt tré Ṁaois, aċt ṫáinig grás agus fírinne tré Íosa Críost.


Ba ṁian leis, lá ar n‐a ḃáraċ, dul go dtí an Ġalilé, agus fuair sé Pilib: agus aduḃairt Íosa leis, Lean mise.


D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leis, De ḃriġ go nduḃras leat, Do ċonnacas fá’n gcrann fige ṫú, an gcreideann tú? do ċífir neiṫe is mó ’ná sin.


Agus ṫáinig a lán daoine ċuige; agus aduḃradar, Ní ḋearna Eoin míorḃail ar biṫ: aċt gaċ a nduḃairt Eoin i dtaoḃ an ḟir seo, do b’ḟíor é.


Agus is maiṫ liom ar ḃúr son‐sa naċ raḃas ann, ċum go gcreidfeaḋ siḃ; aċt téiġmís ċuige.


Annsin do ċruinniġ uaċtaráin na sagart agus na Fairisíniġ cóṁairle, agus aduḃradar, Créad atá le déanaṁ againn? Óir atá an fear so ag déanaṁ a lán míorḃal.


Uime sin, fós, do ċuaiḋ an sluaġ ’n‐a airċis, óir do‐ċualadar go ndearna sé an ṁíorḃail sin.


Aċt giḋ go ndearna sé an oiread sin míorḃal ’n‐a ḃfiaḋnaise, níor ċreideadar ann:


Aduḃairt Ésáias é sin, toisc go ḃfaca sé a ġlóir; agus do laḃair sé ’n‐a ṫaoḃ.


Agus cibé niḋ iarrfas siḃ im’ ainm‐se, déanfad é, ċum go nglóireoċar an t‐Aṫair san Mac.


óir atá gráḋ ag an Aṫair féin daoiḃ, de ḃriġ go raiḃ gráḋ agaiḃ‐se ḋaṁ‐sa, agus gur ċreideaḃar gur ó Ḋia ṫáinig mé.


Atá a ḟios againn anois gur ab eol duit an uile niḋ, agus naċ gáḃaḋ ḋuit aon duine ḃeiṫ gad’ ċeistiú: creidimíd d’á ḃriġ sin go dtáinig tú amaċ ó Ḋia.


Agus an tríoṁaḋ lá ’n‐a ḋiaiḋ sin do ḃí bainis i gCána na Galilé; agus ḃí máṫair Íosa ann:


Agus i nIarúsalem dó le linn féile na cásca, do ċreid móran ’n‐a ainm, ó do ċonnacadar na míorḃailtí do‐rinne sé.


ṫáinig seisean ċum Íosa san oiḋċe, agus aduḃairt sé leis, A Rabbí, atá a ḟios againn gur múinteoir ṫáinig ó Ḋia ṫú: óir ní féidir go ndéanfaḋ aon duine na míorḃailtí ġníos tusa, gan Dia ḃeiṫ leis.


d’ḟág sé Iúdaea, agus d’imṫiġ sé arís go dtí an Ġalilé.


Ṫáinig sé, mar sin, arís go Cána, mar a ndearna sé fíon de’n uisce. Agus do ḃí duine uasal de luċt an ríoġ ann, go raiḃ a ṁac breoite i gCafarnaúm.


Ba í sin arís an dara míorḃail do‐rinne Íosa tar a éis dó teaċt ó Iúdaea isteaċ sa nGalilé.


ionnas go dtiuḃraḋ gaċ aoinneaċ onóir do’n Ṁac, fá mar ḃeireann siad onóir do’n Aṫair. An té naċ dtugann onóir do’n Ṁac ní ṫugann sé onóir do’n Aṫair do ċuir uaiḋ é.


Agus nuair do ċonnaic na daoine an ṁíorḃail do‐rinne sé, aduḃradar, Go fírinneaċ is é seo an fáiḋ atá le teaċt ar an saoġál.


Agus do lean sluaġ mór daoine é, mar do ċonnacadar na míorḃailtí do‐rinne sé orṫa‐san do ḃí breoite.


D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Ní mar ġeall ar na cóṁarṫaiḃ do ċonnacaḃar atá siḃ ’gam’ lorg, aċt de ċionn gur iṫeaḃar na bollóga, agus gur sásuiġeaḋ siḃ.


Annsin aduḃradar leis, Créad é an cóṁarṫa do‐ġní tusa ċum go ḃfeicfimís é, agus go gcreidfimís ionnat?


Aċt do ḃí a lán de’n tsluaġ do ċreid ann; agus aduḃradar, Nuair ṫiocfas an Críost, an ndéanfaiḋ sé níos mó míorḃailtí ’ná do‐rinne an duine seo?


Uime sin aduḃairt cuid de na Fairisíneaċaiḃ, Ní ó Ḋia an fear so, óir ní ċoiṁéadann sé an tsabóid. Aċt ḃí cuid eile aca aduḃairt, Cionnas is féidir do ḋuine peacaṁail a leiṫéidí de ṁíorḃailtiḃ do ḋéanaṁ? Agus do ḃí siosma eadorṫa.


Aċt sinne uile, ag dearcaḋ, mar ḃéaḋ i scaṫán, ar ġlóir an Tiġearna, gan folaċ ḃeiṫ ar ár ngnúis, atáimíd d’ár n‐aistriú san íoṁáiġ ċéadna ó ġlóir go glóir, mar ḃéaḋ ó’n Tiġearna an Spiorad.


Óir, ár gcráḋ beag éadtrom, naċ maireann aċt tamall gearr, soláṫruiġeann sé ḋúinn carn glóire síorraiḋe atá gan ċuimse;


Óir Dia d’órduiġ do’n tsolas soillsiú as lár an dorċadais, do ṡoillsiġ sé ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ, ċum solas glóire Dé do ṫaḃairt dúinn i ngnúis Íosa Críost.


Do scríoḃas na neiṫe seo ċugaiḃ‐se ċreideas i n‐ainm Ṁic Dé ċum go mbéiḋ eolas agaiḃ go ḃfuil an ḃeaṫa ṁarṫannaċ agaiḃ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan