Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 19:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Ar n‐a ċlos sin do Ṗíoláid, ṫug sé Íosa amaċ, agus do ṡuiḋ sé síos san gcaṫaoir breiṫeaṁnais, i n‐áit ar a dtugtar Litostrótos, agus Gabbata i nEaḃrais.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

13 Agus nuair a ċuala Pioláit na focla sin, ṫug sé amaċ Íosa: agus ṡuiḋ sé san ċaṫaoir ḃreiṫeaṁnais, san áit ar a dtugtar Liṫostrótos, aċt Sabbata, san Eaḃrais.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Nuair a ḋ’airiġ Pílát na focail sin do ṫug sé Íosa leis amaċ, agus do ṡuiḋ sé sa ċaṫaoir ḃreiṫeaṁntais, sa n-áit ar a dtugtar litostrótos; sa teangain Eaḃra, áṁṫac, Gabbata.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Ar a naḋḃarsín an tan do ċúaluiḋ Píoláid na briaṫrasa, tug sé Iósa amaċ, agus do ṡuiḋ sé sa ċaṫaóir ḃreiṫeaṁnuis sa náit dárab ainm Litostrótos, agus a Neaḃrais, Gabbáta.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 19:13
16 Iomraidhean Croise  

Agus le linn ḃeiṫ ’n‐a ṡuiḋe ḋó i gcaṫaoir an ḃreiṫeaṁnais, do ċuir a ḃean teaċtaireaċt ċuige, g‐á ráḋ, Ná bíoḋ aon ḃaint agat leis an duine fíréanta sin: óir is mór d’ḟulaingeas i mbrionglóid indiu mar ġeall air.


Inneosad daoiḃ cia roiṁe a mbéiḋ eagla oraiḃ: Bíoḋ eagla oraiḃ roiṁ an té go ḃfuil ar ċumas dó, tar éis duine do ṁarḃaḋ, é ċur go h‐ifreann; is eaḋ, adeirim liḃ, Bíoḋ eagla oraiḃ roiṁe‐sean.


Rugadar Íosa, d’á ḃriġ sin: agus d’imṫiġ sé amaċ, ag iomċar a ċroise ḋó, go dtí an áit ar a dtugtar Áit an Ċloiginn, d’á ngoirṫear Golgotá i nEaḃrais:


Agus do ḃí a lán de na Iúdaċaiḃ do léiġ an tiodal sin: óir an áit ’n‐ar croċaḋ Íosa ḃí sé cóṁgaraċ do’n ċaṫair: agus do ḃí sé scríoḃṫa i nEaḃrais, agus i Laidin, agus i nGréigis.


Nuair do ċuala Píoláid an ċainnt sin, ba ṁó do scannruiġ sé;


Agus atá i nIarúsalem, i n‐aice geata na gcaoraċ, loċán ar a dtugtar i nEaḃrais Bétesda, go ḃfuil cúig póirsí aige.


Aċt d’ḟreagair Peadar agus Eoin agus aduḃradar leo, Breaṫnuiġiḋ féin cia aca is ceart i ḃfiaḋnaise Dé, éisteaċt liḃ‐se nó éisteaċt le Dia:


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan