Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 17:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Is orṫa‐san ġuiḋim: ní h‐ar an saoġal ġuiḋim, aċt orṫa‐san ṫugais dom; óir is leat‐sa iad:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

9 Is ar a son atá mé ag guiḋe. Ní ġuiḋim ar son an tsaoġail, aċt ar son na ndaoine a ṫug tú daṁ: óir is leat-sa iad:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Guiḋim orṫa; ní h-ar an saoġal a ġuiḋim, aċ orṫa so a ṫugais-se ḋom; mar is leat-sa iad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Ar a son atáimsi ag guiḋe: ní ar son an tsáoġail do ním guiḋe, aċd ar son na muinntire ṫug tusa ḋaṁ; óir is leaċdsa íad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 17:9
17 Iomraidhean Croise  

aċt do‐rinneas‐sa guiḋe ar do ṡon‐sa, ċum naċ gcaillfeaḋ ar do ċreideaṁ: agus nuair iompóċair neartuiġ do ḃráiṫre.


Agus aduḃairt Íosa, A Aṫair, maiṫ ḋóiḃ, óir ní ḟuil a ḟios aca créad atá aca d’á ḋéanaṁ. Agus do roinneadar a ċuid éadaiġe eadorṫa féin, g‐á gcur ar ċrannaiḃ.


Agus nuair do ċonnaic siad‐san a ḃí g‐á mbuaċailleaċt an niḋ ṫarla, do ṫeiċeadar, agus d’inniseadar sa gcaṫair agus sa tír é.


Agus cuirfead‐sa aṫċuinġe ar an Aṫair, agus do‐ḃéarfaiḋ sé Sólásaiḋe eile ḋaoiḃ ċum ḃeiṫ ’n‐ḃúr ḃfoċair go deoiḋ, Spiorad na fírinne:


fá mar ṫugais dó cuṁaċt ar gaċ a ḃfuil beo, ionnas, gaċ a dtugais dó, go dtiuḃraḋ sé an ḃeaṫa ṡíorraiḋe ḋóiḃ.


Ní h‐ar a son‐san aṁáin atáim ag guiḋe, aċt ar son na ndaoine ċreideas ionnam tré n‐a mbriaṫar; ċum go mba aon iad uile;


D’ḟoillsiġeas t’ainm do na daoiniḃ ṫugais dom as an saoġal: ba leat‐sa iad, agus ṫugais daṁ‐sa iad; agus do ċóiṁéadadar do ḃriaṫar.


Gaċ a dtugann an t‐Aṫair ḋom, tiocfaiḋ sé ċugam, agus an té ṫig ċugam ní ċuirfiḋ mé uaim é ar ċor ar biṫ.


Agus is é toil an té do ċuir uaiḋ mé naċ gcaillfinn aoinneaċ díoḃ‐san atá taḃarṫa aige ḋom, aċt go dtógfainn suas é an lá deiriḋ.


D’á ḃriġ sin atá ar ċumas dó na daoine ṫig ċum Dé tríd do ṡlánú ar fad, de ḃriġ go maireann sé beo i gcóṁnaiḋe ċum eadarġuiḋe do ḋéanaṁ ar a son.


Óir ní isteaċ i n‐áit naoṁṫa do rinneaḋ le láṁaiḃ do ċuaiḋ Críost, áit naċ ḃfuil aċt ’n‐a ṡompla de’n naoṁ‐áit ḟírinniġ; aċt isteaċ ins na flaiṫeasaiḃ féin, ċum go ḃfaiġfiḋe é anois i láṫair Dé ar ár son‐sa:


Is eol dúinn, leis, gur daoine le Dia sinn, agus go ḃfuil an saoġal ar fad fá ċuṁaċt na h‐ainspioraide.


Agus do teilgeaḋ síos an dragún mór, an tsean‐naṫair niṁe, ar a dtugtar an Diaḃal agus Sátan, an té ṁeallas an saoġal ar fad; do teilgeaḋ síos é go dtalaṁ, agus do teilgeaḋ a aingle síos i n‐éinḟeaċt leis.


Agus ḃéarfaiḋ luċt áitreaḃa na talṁan aḋraḋ ḋó, gaċ duine naċ ḃfuil a ainṁ scríoḃṫa i leaḃar beaṫaḋ an Uain do h‐íoḋbaraḋ ó ḃunaḋ an doṁain.


Agus cibé duine naċ ḃfríṫ scríoḃṫa i leaḃar na beaṫaḋ, do teilgeaḋ é amaċ i loċ na teineaḋ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan