Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 17:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 óir na briaṫra ṫugais dom, ṫugas dóiḃ‐sean iad, agus do ġlacadar iad, agus do ḃí a ḟios aca go fíor gur ab uait‐se ṫáinig mé, agus do ċreideadar gur tusa do ċuir uait mé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

8 Óir na briaṫra a ṫug tusa daṁ; ṫug mé dóiḃ: agus ġlac siad iad, agus ṫuig siad go fíor gur uait-se a ṫáinic mé, agus ċreid siad gur tusa a ċuir uait mé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Óir, na bréiṫre a ṫugais dom, do ṫugas dóiḃ iad; agus do ġlacadar iad, agus is eól dóiḃ go fíor gur uait-se a ṫánag, agus do ċreideadar gur tú a ċuir uait mé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Oír tug misi ḋóiḃ na bríaṫra ṫug tusa ḋaṁ; agus do ġaḃadar ċuca íad, agus daiṫniġeadar go deiṁin gur ab uátsi ṫáinig misi, agus do ċreideadar gur tusa ċuir uáit mé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 17:8
31 Iomraidhean Croise  

Agus d’ḟreagair sé, agus aduḃairt, Tugaḋ ḋaoiḃ‐se eolas ar rúin‐diaṁair ríoġaċta na ḃflaiṫeas, aċt ní tugaḋ ḋóiḃ‐siúd é.


Óir ní h‐uaim féin do laḃras‐sa; aċt an t‐Aṫair do ċuir uaiḋ mé, ṫug sé órdú ḋom, céard adéarfainn, agus céard do laḃarfainn.


Naċ gcreideann tú go ḃfuilim‐se san Aṫair, agus go ḃfuil an t‐Aṫair ionnam‐sa? na briaṫra adeirim liḃ, ní h‐uaim féin laḃraim iad; aċt an t‐Aṫair atá ’n‐a ċóṁnaiḋe ionnam, is é oibriġeas.


Ní seirḃísiġ ġlaoḋaim oraiḃ feasta; óir ní h‐eol do’n tseirḃíseaċ céard do‐ġní a ṫiġearna: aċt ṫugas cáirde oraiḃ; óir gaċ a gcualas óm’ Aṫair ṫugas le fios daoiḃ‐se.


óir atá gráḋ ag an Aṫair féin daoiḃ, de ḃriġ go raiḃ gráḋ agaiḃ‐se ḋaṁ‐sa, agus gur ċreideaḃar gur ó Ḋia ṫáinig mé.


Atá a ḟios againn anois gur ab eol duit an uile niḋ, agus naċ gáḃaḋ ḋuit aon duine ḃeiṫ gad’ ċeistiú: creidimíd d’á ḃriġ sin go dtáinig tú amaċ ó Ḋia.


Ṫugas‐sa ḋóiḃ do ḃriaṫar‐sa; agus ṫug an saoġal fuaṫ ḋóiḃ, de ċionn naċ de’n tsaoġal iad, fá mar naċ de’n tsaoġal mise.


Fá mar ċuiris mise ċum an tsaoġail, do ċuireas‐sa ċum an tsaoġail iad‐san, ċóṁ maiṫ.


fá mar atáir‐se, a Aṫair, ionnam‐sa, agus mise ionnat‐sa, go mbéaḋ siad‐san ionainn, ċóṁ maiṫ: ċum go gcreidfeaḋ an saoġal gur ċuiris uait mé.


mise ionnta‐san, agus tusa ionnam‐sa; ċum go mbéidís ’n‐a n‐aon go h‐iomlán; go mbéaḋ a ḟios ag an saoġal gur ċuiris uait mé, agus go dtugais gráḋ ḋóiḃ‐sean, fá mar ṫugais gráḋ ḋaṁ‐sa.


Agus is í seo an ḃeaṫa ṡíorraiḋe, aiṫne do ḃeiṫ aca ort‐sa, an t‐aon Dia fírinneaċ, agus ar an té do ċuiris uait, Íosa Críost.


Óir ní ċum breiṫeaṁnas do ṫaḃairt ar an saoġal do ċuir Dia a Ṁac uaiḋ; aċt ċum go saorfaiḋe an saoġal tríd.


An té do ġlac a ḟiaḋnaise, atá taḃarṫa fá n‐a ṡéala aige go ḃfuil Dia fíor.


D’ḟreagair Síomón Peadar é, A Ṫiġearna, cia ċum a raċaimís? is agat‐sa atá briaṫra na beaṫaḋ síorraiḋe.


Aduḃairt Íosa leo, Dá mba é Dia ḃúr n‐aṫair, do ḃéaḋ gráḋ agaiḃ daṁ‐sa: óir is ó Ḋia ṫáinig mé, agus is uaiḋ ṫigim, agus ní uaim féin ṫáinig mé, aċt ba eisean do ċuir uaiḋ mé.


Óir is ó’n Tiġearna fuaras an méid do ṁúineas daoiḃ, gur ġlac an Tiġearna Íosa an t‐arán, an oiḋċe ’n‐ar braiṫeaḋ é;


Anois, a ḃráiṫre, cuirim ar eolas daoiḃ an soiscéal do ṡeanmóireas daoiḃ, gur ġlac siḃ leis, go ḃfuil ḃur seasaṁ air,


Ar an aḋḃar sin do‐ḃeirimíd buiḋeaċas gan stad do Ḋia, de ḃriġ, nuair ġlacaḃar briaṫar teaċtaireaċta Dé uainn, gur ġlacaḃar é, ní mar ḃriaṫar daoine, aċt (mar is é go fírinneaċ) mar ḃriaṫar Dé oibriġeas ionnaiḃ‐se ċreideas.


I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, atáimíd g‐á ċur d’impiḋe agus d’aṫċuinġe oraiḃ san Tiġearna Íosa, fá mar d’ḟoġlaim siḃ uainne cionnas ba ċeart daoiḃ siuḃal ċum taiṫneaṁ do ṫaḃairt do Ḋia, fá mar tá siḃ do ḋéanaṁ, dul i ḃfeaḃas níos fearr ’ná ariaṁ.


Agus do ċonnacamar agus do‐ḃeirimíd fiaḋnaise gur ċuir an tAṫair a Ṁac uaiḋ mar Ṡlánuiġṫeoir an doṁain.


Taisbeánaḋ Íosa Críost, ṫug Dia ḋó ċum na neiṫe atá le teaċt ċum críċe go luaṫ d’ḟoillsiú d’á ṡeirḃíseaċaiḃ; agus do noċt d’á ṡeirḃíseaċ Eoin iad le teaċtaireaċt aingil,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan