Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 17:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 D’ḟoillsiġeas t’ainm do na daoiniḃ ṫugais dom as an saoġal: ba leat‐sa iad, agus ṫugais daṁ‐sa iad; agus do ċóiṁéadadar do ḃriaṫar.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

6 D’ḟoillsiġ mé d’ainm do na daoine a ṫug tú daṁ as an tsaoġal. Ba leat-sa iad, agus ṫug tú daṁ-sa iad: agus ċongḃuiġ siad do ḃriaṫar.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Do noċtas t’ainim do sna daoine a ṫugais dom as an saoġal; ba leat-sa iad, agus ṫugais dóṁ-sa iad; agus tá do ḃriaṫar coimeádta acu.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Dfoillsiġ mé ṫainm do na dáoiniḃ ṫug tú ḋaṁ as a tsáoġal: ba leaċdsa íad, agus ṫug tú ḋaṁsa íad; agus do ċoiṁéadadar do ḃriaṫar.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 17:6
48 Iomraidhean Croise  

Ní ḟaca aoinneaċ Dia ariaṁ; an t‐Aon‐Ṁac atá i n‐uċt an Aṫar, do b’é d’ḟoillsiġ é.


A Aṫair, glóiriġ t’ainm. Annsin ṫáinig guṫ ó neaṁ, Do ġlóiriġeas ċeana é, agus glóireoċad arís é.


Dá mba leis an saoġal so siḃ, do ḃéaḋ cion ag an saoġal ar a ċineál féin: aċt de ḃriġ naċ leis an saoġal siḃ, aċt gur ṫoġas‐sa siḃ as an saoġal, ar an aḋḃar sin atá fuaṫ ag an saoġal daoiḃ.


Atá siḃ‐se glan anois de ḃárr an ḃriaṫair do laḃras liḃ.


Má ḟanann siḃ ionnam‐sa, agus má ḟanann mo ḃriaṫra ionnaiḃ‐se, iarraiḋ niḋ ar biṫ is mian liḃ, agus do‐ġéantar daoiḃ é.


An ḟaid do ḃíos‐sa ’n‐a ḃfoċair, do ċongḃuiġeas it’ ainm‐se iad‐san ṫugais dom, agus do ċosnas iad, agus ní ḋeaċaiḋ aoinneaċ aca amuġa, aċt mac an ṁillte, ċum go gcoiṁlíonfaiḋe an Scrioptúir.


Ṫugas‐sa ḋóiḃ do ḃriaṫar‐sa; agus ṫug an saoġal fuaṫ ḋóiḃ, de ċionn naċ de’n tsaoġal iad, fá mar naċ de’n tsaoġal mise.


Ní de’n tsaoġal iad, fá mar naċ de’n tsaoġal mise.


fá mar ṫugais dó cuṁaċt ar gaċ a ḃfuil beo, ionnas, gaċ a dtugais dó, go dtiuḃraḋ sé an ḃeaṫa ṡíorraiḋe ḋóiḃ.


A Aṫair, is é is mian liom na daoine ṫugais dom do ḃeiṫ mar a ḃfuilim; go ḃfeicfiḋ siad mo ġlóir, a ṫugais‐se ḋom: óis ṫugais gráḋ ḋom roiṁ ċruṫú an doṁain.


agus d’ḟoillsiġeas t’ainm dóiḃ, agus foillseoċad é; ionnas, an gráḋ ṫugais dom, go mbéiḋ sé ionnta‐san, agus go mbéiḋead‐sa ionnta.


Atá a ḟios aca anois gur ab uait‐se gaċ a dtugais dom:


ċum go gċóiṁlíonfaiḋe an briaṫar aduḃairt sé, Ḋíoḃ‐san ṫugais dom níor ċailleas duine.


Gaċ a dtugann an t‐Aṫair ḋom, tiocfaiḋ sé ċugam, agus an té ṫig ċugam ní ċuirfiḋ mé uaim é ar ċor ar biṫ.


Agus is é toil an té do ċuir uaiḋ mé naċ gcaillfinn aoinneaċ díoḃ‐san atá taḃarṫa aige ḋom, aċt go dtógfainn suas é an lá deiriḋ.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, Má ċoiṁéadann duine ar biṫ mo ḃriaṫar, ní ḟeicfiḋ sé bás go deoiḋ.


Aduḃairt na h‐Iúdaiġ leis, Atá a ḟios againn anois go ḃfuil deaṁan ionnat. Atá Abraċam marḃ, agus na fáiḋe, agus adeir tusa, Má ċoiṁéadann duine mo ḃriaṫar‐sa, ní ḃlaisfiḋ sé bás go deoiḋ.


Agus nuair do‐ċuala na Geinte sin, ḃí an‐áṫas orṫa, agus ṫugadar glóir do ḃriaṫar Dé: agus do ċreid siad‐san do ḃí réaṁórduiġṫe ċum na beaṫaḋ síorraiḋe.


Níor ḋiúltuiġ Dia d’á ṗobal d’aiṫin sé roiṁ ré. Naċ eol daoiḃ briaṫra na Scrioptúra, mar tráċtar ar Élias? cionnas mar ṗléiḋ sé le Dia i n‐aġaiḋ Israel,


Óir Dia d’órduiġ do’n tsolas soillsiú as lár an dorċadais, do ṡoillsiġ sé ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ, ċum solas glóire Dé do ṫaḃairt dúinn i ngnúis Íosa Críost.


Déanaḋ briaṫar Críost cóṁnaiḋe go fairsing san uile eagna ionnaiḃ; ag múineaḋ agus ag spreagaḋ a ċéile le salmaiḃ, agus le h‐iomnaiḃ, agus le dántaiḃ spioradálta, ag cantaireaċt do Ḋia le grása ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ.


Congḃuiġ go daingean sompla na mbriaṫar maiṫ do ċualais uaim, san gcreideaṁ agus san ngráḋ atá i nÍosa Críost.


g‐á ráḋ, Fógróċad d’ainm dom’ ḃráiṫriḃ, Canfad do ċlú i lár an ċoiṁṫionóil.


aċt is aṁlaiḋ atá Críost mar Ṁac os cionn tiġe Dé; agus is sinne a ṫeaċ‐san, aċt ár muiniġin agus an dóċas atá mar aḋḃar glóire againn do ċongḃáil go daingean go deireaḋ.


Peadar, abstal Íosa Críost, ċum na muinntire atá ar deoraiḋeaċt, i bPontus, i nGalátia, san Áise, agus i mBitínia,


Agus is eol dúinn go dtáinig Mac Dé, agus go dtug sé tuigsin dúinn ċum an té atá fírinneaċ d’aiṫint, agus atáimíd‐ne san té atá firinneaċ, ’n‐a Ṁac Íosa Críost.


Is eol dom t’áit ċóṁnuiġṫe, mar a ḃfuil riġ‐ċaṫaoir Ṡátain: agus greamuiġeann tú dem’ ainm‐se, agus níor ṡéanais mo ċreideaṁ i laeṫiḃ Antipais féin, m’ḟiaḋnaiḋe dílis do marḃaḋ ’n‐ḃur measc, san áit ’n‐a ḃfuil Sátan ’n‐a ċóṁnaiḋe.


De ḃriġ gur ċoiṁeádais briaṫar m’ḟad‐ḟulaing, cuṁdóċad‐sa ṫú ar uair an ċaṫuiġṫe atá le teaċt ar an saoġal uile, ċum a maireann ar talaṁ d’ḟroṁaḋ.


Is eol dom t’oibreaċa (féaċ, atá doras foscailte curṫa agam róṁat, agus ní ḟéadann aoinneaċ a ḋúnaḋ), de ḃriġ go ḃfuil beagán cuṁaċta agat, agus gur ċoiṁeádais mo ḃriaṫar, agus nár ṡéanais m’ainm.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan