Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 17:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Do laḃair Íosa an méid sin; annsin, ag árdú a ṡúl ċum neiṁe, aduḃairt sé, A Aṫair, atá an uair tagṫa; taḃair glóir dod’ Ṁac, ċum go dtiuḃraḋ an Mac glóir ḋuit‐se:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

1 Laḃair Íosa na neiṫe sin: agus ag tógáil a ṡúl suas go neaṁ dó, duḃairt sé: A Aṫair, ṫáinic an uair, taḃair glóir do do Ṁac, ċun go dtugaiḋ do Ṁac glóir duit-se:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Do laḃair Íosa an ċaint sin, agus ansan do ṫóg sé a ṡúile suas ċun na ḃflaṫas, agus duḃairt sé: A Aṫair, tá an uair tagaiṫe; taḃair glóire do d’Ṁac ionus go dtaḃarfaḋ do Ṁac glóire ḋuit:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Do laḃair Iósa na neiṫesi, agus ag tógḃáil a ṡúl ċum neime ḋó a duḃairt sé, A Aṫair ṫáinig a nuáir, taḃair glóir dod Ṁac féin, ionnus dtíuḃraḋ do Ṁac glóir ḋuitse mar an gcéadna:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 17:1
20 Iomraidhean Croise  

Agus ṫáinig sé an treas uair, agus aduḃairt sé leo, Codlaiḋ anois, agus déanaiḋ suaiṁneas: is leor é; atá an uair tagṫa; féaċ, atá Mac an Duine d’á ṫaḃairt ar láiṁ do na peacaċaiḃ.


Aċt d’ḟan an poibleacán ’n‐a ṡeasaṁ i ḃfad siar, agus ní ḋéanfaḋ sé fiú aṁáin a ṡúile d’árdú ċum neiṁe, aċt do ḃí sé ag bualaḋ a uċta, agus g‐á ráḋ, A Ḋia, déan trócaire orm‐sa, peacaċ.


Nuair do ḃíos gaċ aon lá ’n‐ḃúr measc sa teampall, níor ṡíneaḃar láṁ im’ ċoinniḃ: aċt is liḃ‐se an uain seo, agus cuṁaċt an dorċadais.


Aċt nuair do‐ċuala Íosa é, aduḃairt sé, Ní ċum báis an ḃreoiteaċt so, aċt ċum glóire Dé, ionnas go ḃfaiġeaḋ Mac Dé glóir d’á ḃárr.


Agus do ṫógadar an leac. Agus d’ḟéaċ Íosa i n‐áirde, agus aduḃairt, A Aṫair, do‐ḃeirim a ḃuiḋeaċas leat gur éistis liom.


Agus d’ḟreagair Íosa iad, g‐á ráḋ, Atá an uair tagṫa ċum glóir do ṫaḃairt do Ṁac an Duine.


Agus roiṁ ḟéile na cásca, ó ḃí a ḟios ag Íosa go raiḃ a ṫráṫ tagṫa ċum imṫeaċt as an saoġal so ċum a Aṫar, ó ṫug sé gráḋ d’á ṁuinntir féin do ḃí sa tsaoġal, ṫug se gráḋ ḋóiḃ go deireaḋ.


Féaċ, atá an uair ag teaċt, atá sí ann anois féin, ’n‐a scaipfear gaċ duine agaiḃ ċum a ḃaile féin, agus ’n‐a ḃfágfaiḋ siḃ mise im’ aonar: aċt ċeana, ní im’ aonar atáim, óir atá an t‐Aṫair im’ ḟoċair.


Annsin do ṡanntuiġeadar breiṫ air: aċt níor ċuir aon duine láṁ ann, óir ní raiḃ a uair tagṫa fós.


Aċt is i dtaoḃ an Spioraid do ḃí le glacaḋ aca‐san do ċreidfeaḋ ann, aduḃairt sé an méid sin: óir do ḃí an Spiorad gan bronnaḋ fós; de ḃriġ go raiḃ Íosa gan glóiriú fós.


Do laḃair Íosa na briaṫra sin i n‐áit an ċiste, agus é ag teagasc sa teampall: agus níor ċuir aon duine láṁ air, óir ní raiḃ a uair tagṫa fós.


Dia Abraċaim, Dia Íosóig, agus Dia Iácóib, Dia ár sinnsear, ṫug sé glóir d’á ṡeirḃíseaċ Íosa; an té do ḃraiṫ eaḃair‐se, agus do ṡéanaḃair os cóṁair Ṗíoláid, an tan do ċeap sé a scaoileaḋ saor.


ċreideas tríd‐sean i nDia, do ṫóg ó na marḃaiḃ é, agus ṫug glóir dó; ċum go mbéaḋ ḃur muiniġin agus ḃur ndóċas as Dia.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan