Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 15:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Siḃ‐se do ṫaḃairt mórán torṫa, as sin is eaḋ tugtar glóir dom’ Aṫair; agus siḃ do ḃeiṫ ’n‐ḃúr ndeisceablaiḃ agam‐sa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

8 As seo a ġeiḃ m’Aṫair glóir, go dtaḃrann síḃ-se toraḋ an-ṁór uaiḃ, agus go ḃfuil siḃ i ḃur ndeisciobail agam-sa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 As so a tugtar glóire do m’Aṫair, siḃ-se do ṫaḃairt mór-ṫoraḋ uaiḃ, agus siḃ a ḃeiṫ i nḃúr ndeisgiobuil agam-sa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 As so do ġeiḃ Maṫairsi glóir siḃsi do ṫaḃairt móráin toraiḋ; agus ḃeiṫí ḃur ndeisciobluiḃ agamsa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 15:8
19 Iomraidhean Croise  

Bíoḋ ḃúr solas‐sa ag deallrú ar an gcuma sin i ḃfiaḋnaise na ndaoine, ionnas go ḃfeicfiḋ siad ḃúr ndeaġoibreaċa, agus go molfaiḋ siad ḃúr n‐Aṫair atá ar neaṁ.


aċt adeirim‐se liḃ, Bíoḋ gráḋ agaiḃ d’ḃúr náṁdiḃ, agus guiḋiḋ ar son na ndaoine do‐ġní géir‐leanaṁain oraiḃ;


Agus nuair do ċonnaic na sluaiġte sin, ṫáinig eagla orṫa, agus ṫugadar glóir do Ḋia, ṫug a leiṫéid sin de ċuṁaċt do ḋaoiniḃ.


Aċt taḃraiḋ‐se grád do ḃúr náiṁdiḃ, agus déanaiḋ maiṫ, agus taḃraiḋ iasaċt uaiḃ gan ḃeiṫ ag súil le h‐aiseag; agus béiḋ ḃúr luaiġeaċt an‐ṁór, agus béiḋ siḃ ’n‐ḃúr gclainn ag an Té is Aoirde: óir bíonn sé cineálta le luċt an díombuiḋeaċais agus le droċ‐ḋaoiniḃ.


As sin aiṫneoċaiḋ gaċ uile ḋuine gur deisceabail daṁ‐sa siḃ, aċt gráḋ ḃeiṫ agaiḃ d’á ċéile.


Is mise an ḟíneaṁain, is siḃ‐se na craoḃaċa: An té ḟanas ionnam‐sa, agus go ḃfanaim‐se ann, do‐ḃeir seisean mórán torṫa: óir im’ éagmais‐se ní ḟéadann siḃ éinniḋ do ḋéanaṁ.


Agus aduḃairt Íosa leis na h‐Iúdaċaiḃ do ċreid ann, Má ċlaoiḋeann siḃ lem’ ḃriaṫraiḃ, go fírinneaċ is deisceabail agam siḃ;


Uime sin, má’s ag iṫe nó ag ól daoiḃ, nó cibé niḋ do‐ġní siḃ, déanaiḋ an uile niḋ ċum glóire Dé.


agus ní liḃ féin siḃ; óir do ceannuiġeaḋ siḃ go daor; d’á ḃriġ sin taḃraiḋ glóir do Ḋia ’n‐ḃur gcorp.


líonta de ṫoraḋ na fíréantaċta, ċum glóire agus aḋṁolta Dé.


gan ḃeiṫ ag ais‐ḟreagairt; gan ḃeiṫ ag mionġadaiḋeaċt, aċt an uile ḋílse do ṫaisbeáint; ċum onóir ins gaċ éinniḋ do ṫaḃairt do ḃriaṫar Ḋé, ár Slánuiġṫeoir.


ḃeiṫ stuamḋa, geanmaiḋe, go díċeallaċ i ngnóṫaiḃ an tiġe, ḃeiṫ cáirdeaṁail, uṁal d’á ḃfearaiḃ féin, ċum naċ maslóċar briaṫar Dé.


Bíoḋ deaġ‐iomċar macánta i measc na bPágánaċ agaiḃ; ċum, giḋ go laḃrann siad ’n‐ḃur n‐aġaiḋ aṁail mar ḃéaḋ siḃ ’nḃur luċt mí‐ġníṁ, go dtugaiḋ siad fá deara ḃur ngníoṁarṫa maiṫe, agus go dtugaiḋ siad glóir do Ḋia i ló na cuarta.


Má laḃrann aoinneaċ, laḃraḋ sé mar ḃéaḋ sé ag laḃairt briaṫar Dé; má ġníonn aoinneaċ miniostrálaċt, déanaḋ sé é do réir an ċumais do‐ḃeir Dia: ċum glóir ins an uile niḋ do ṫaḃairt do Ḋia tré Íosa Críost, ag a ḃfuil an ġlóir, agus an ċuṁaċt go saoġal na saoġal. Amen.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan