Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 15:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Is mise an ḟíneaṁain, is siḃ‐se na craoḃaċa: An té ḟanas ionnam‐sa, agus go ḃfanaim‐se ann, do‐ḃeir seisean mórán torṫa: óir im’ éagmais‐se ní ḟéadann siḃ éinniḋ do ḋéanaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

5 Is mise an ḟíneaṁain, síḃ-se na géaga: an té a ḟanas ionnam-sa, agus mise ann-san, ḃeir seisean toraḋ mór uaiḋ: óir gan mise ní féidir díḃ aon níḋ a ḋéanaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Mise an ḟíneaṁuin, siḃ-se na géaga; an t-é ḟanann ionam-sa agus mise ann, tugann sé sin toraḋ mór uaiḋ; óir am’ éaġmuis-se ní féidir daoiḃ aon níḋ a ḋéanaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 As misi án ḟíneaṁuin, siḃsi na géuga: Giḋ bé ḟanus ionnamsa, agus misi annsan, do ḃeir sé toraḋ mór: óir gan misi ní héidir liḃ éainni do ḋéanaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 15:5
28 Iomraidhean Croise  

aċt ní ḟuil aon ḟréaṁ aige ann féin, aċt seasann sé ar feaḋ scaṫaiṁ; agus nuair éiriġeas trioblóid nó géirleanṁain, mar ġeall ar an mbriaṫar, glacann sé scannal ar an láṫair.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, Muna dtuitiḋ gráinne cruiṫneaċtan sa talaṁ agus go n‐éagann sé, fanann sé ’n‐a aonar: aċt má éagann sé, do‐ḃeir sé toraḋ mór uaiḋ.


Ní siḃ‐se do ṫoġ mise, aċt is mise do ṫoġ siḃ‐se, agus do ċeapas siḃ ċum go n‐imṫeoċaḋ siḃ agus go dtiuḃraḋ siḃ toraḋ, agus go mbéaḋ ḃúr dtoraḋ buan: ionnas, cibé niḋ iarrfas siḃ ar an Aṫair im’ ainm‐se, go dtiuḃraḋ sé ḋaoiḃ é.


D’á ḃriġ sin d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Ní ḟéadann an Mac éinniḋ do ḋéanaṁ uaiḋ féin, aċt an méid do‐ċí sé ag an Aṫair d’á ḋéanaṁ: óir cibé neiṫe do‐ġní seisean, do‐ġní an Mac iad ar an gcuma ċéadna.


Muna mbéaḋ gur ó Ḋia an fear so, ní ḟéadfaḋ sé niḋ ar biṫ do ḋéanaṁ.


Agus ní ḟuil slánú le fáġáil i n‐aoinneaċ eile: óir ní ḟuil aon ainm eile fá neaṁ tugaḋ do ḋaoiniḃ le n‐ar ḃ’ḟéidir ár slánú.


mar sin dúinne, agus a lán againn ann, is aon ċorp aṁáin i gCríost sinn, agus is baill d’á ċéile sinn uile.


Aċt anois, ar mbeiṫ fuascailte ó ṗeacaḋ ḋaoiḃ, agus siḃ ’n‐ḃur seirḃíseaċaiḃ do Ḋia, atá toraḋ ḃur saoṫair agaiḃ ċum naoṁṫaċta, agus is í an ḃeaṫa ṡíorraiḋe an deireaḋ béas air.


Ar an gcuma sin, a ḃráiṫre, atá siḃ‐se marḃ do’n dliġe tré ċorp Ċríost; ċum go mbéaḋ siḃ ceangailte do ḋuine eile, is é sin do’n té do tógaḋ ó na marḃaiḃ, ċum go dtiuḃraimís toraḋ do Ḋia.


Cupán na mbeannaċt ḃeannuiġmíd, naċ é comaoin fola Ċríost é? An ḃollóg aráin ḃrisimíd, naċ é comaoin cuirp Ċríost é?


Óir, fá mar is aon niḋ aṁáin an corp, agus a lán ball ann, agus, giḋ go ḃfuil a lán ball ann, naċ ḃfuil ionnta aċt aon ċorp aṁáin; mar sin do Ċríost é.


Anois is siḃ‐se corp Ċríost, agus gaċ duine ’n‐a ḃall ar leiṫ.


Óir ní féidir linn éinniḋ do ḋéanaṁ i n‐aġaiḋ na fírinne, aċt ar son na fírinne.


Agus an té do‐ḃeir síol do’n tsíoladóir agus arán mar ḃiaḋ, soláṫróċaiḋ agus méadóċaiḋ sé síol ċum curṫa ḋaoiḃ, agus méádóċaiḋ sé toraḋ ḃur ḃfíréantaċta:


Aċt is é toraḋ an Spioraid, gráḋ, aoiḃneas, síoṫċáin, fád‐ḟulang, muinntearas, maiṫeas, dílse,


(Óir atá toraḋ an tsolais i ngaċ saġas maiṫeasa, agus fíréantaċta, agus fírinne),


líonta de ṫoraḋ na fíréantaċta, ċum glóire agus aḋṁolta Dé.


Ní ḟuil niḋ naċ dtig liom a ḋéanaṁ le cumas an té neartuiġeas mé.


Ní h‐é go ḃfuilim ag éileaṁ aon ḃronntanais; aċt gur ab aṁlaiḋ atáim ar lorg an torṫa raċas cum creideaṁna ḋaoiḃ.


ċum go siuḃalfaiḋ siḃ mar d’oirfeaḋ daoiḃ san Tiġearna, go sásóċaiḋ siḃ é ar an uile ṡliġe, ag taḃairt torṫa san uile ḋeaġ‐ġníoṁ, agus ḃur n‐eolas ar Ḋia ag dul i méid;


ṫáinig ċugaiḃ‐se; fá mar tá sé ag taḃairt torṫa ar fud an doṁain, agus ag dul i méid, mar tá sé ’n‐ḃur measc‐na, leis, ó’n lá ’n‐a gcualaḃar agus ’n‐a ḃfuaraḃar eolas ar ġrása Dé i ḃfírinne;


Is ó’n áirde ṫuas atá gaċ deaġ‐ṫaḃartas agus gaċ tíoḋlacaḋ iomlán, ag teaċt anuas ó Aṫair na soillse, naċ dtagann claoċloḋ ar biṫ air, ná aṫrú ó ṡolas go dorċadas.


Druidiḋ leis, cloċ ṡír‐ḃeo, d’ar ḋiúltuiġ na daoine, aċt atá toġṫa, luaċṁar i ḃfiaḋnaise Dé.


Aċt biḋiḋ ag fás i ngrása agus i n‐eolas ár dTiġearna agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost. Dó‐san go dtugtar an ġlóir anois agus go síorraiḋe. Amén.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan