Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 15:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Aċt do‐ġéanaid na neiṫe seo go léir ḋaoiḃ mar ġeall ar m’ainm‐se, de ḃriġ naċ ḃfuil aiṫne aca ar an té do ċuir uaiḋ mé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

21 Aċt ḋéanfaiḋ siad na neiṫe sin uilig oraiḃ mar ġeall ar m’ainm-se: de ḃríġ naċ aiṫnid dóiḃ an té a ċuir uaiḋ mé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Aċ déanfaid siad na neiṫe sin go léir liḃ mar ġeall ar m’ ainim-se, toisg gan aiṫne ḃeiṫ acu ar an t-é a ċuir uaiḋ mé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Aċd do ḋéunuid síad na neiṫesi uile riḃ ar son manmasa, do ḃriġ naċ ḃfuil fios an tí ó a dtáinig mé aca.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 15:21
35 Iomraidhean Croise  

agus béarfaiḋ siad siḃ i láṫair uaċtarán agus ríoġ ar mo ṡon‐sa, mar ḟiaḋnaise ḋóiḃ‐sean agus do na Págánaċaiḃ.


Agus béiḋ fuaṫ ag gaċ uile ḋuine ḋaoiḃ mar ġeall ar m’ainm‐se: aċt an té ḃéas buantseasṁaċ go deireaḋ, is é slánóċar.


Cibé duine ġeoḃas a anam caillfiḋ sé é; agus cibé ċaillfeas a anam ar mo ṡon‐sa, do‐ġeoḃaiḋ sé é.


Annsin do‐ḃéarfaiḋ siad ċum géir‐leanaṁna siḃ, agus marḃóċaiḋ siad siḃ: agus béiḋ fuaṫ ag na ciniḋeaċaiḃ go léir daoiḃ mar ġeall ar m’ainm‐se.


Is aoiḃinn daoiḃ‐se nuair do‐ḃéarfar tarcuisne ḋaoiḃ, agus nuair ciapfar siḃ, agus nuair adéarfar gaċ aon ḟocal bréagaċ ’n‐ḃúr n‐aġaiḋ, ar mo ṡon‐sa.


Agus béiḋ fuaṫ ag gaċ uile ḋuine ḋaoiḃ ar son m’anma: aċt as té ḃéas buan‐tseasṁaċ go deireaḋ, is é slánóċar.


Aċt roiṁ ṫeaċt do na neiṫiḃ sin uile, do‐ġeobaid greim láiṁe oraiḃ, agus cráḋfaid siḃ, ’g‐ḃúr mbreiṫ i láṫair na sionagóg, agus ċum na bpríosún, ’g‐ḃúr dtarraing i láṫair ríoġ agus i láṫair uaċtarán ar son m’anma‐sa.


Agus béiḋ fuaṫ ag gaċ uile ḋuine ḋaoiḃ ar son m’anma.


Is aoiḃinn daoiḃ‐se nuair ṫiuḃras na daoine fuaṫ ḋaoiḃ, agus nuair ṡéanfas siad siḃ, agus ṫiuḃras siad tarcuisne ḋaoiḃ, agus ṁaslóċas siad ḃúr n‐ainm mar ḋroċ‐rud, ar son Ṁic an Duine.


Muna mbéaḋ go ndearnas ’n‐a measc na h‐oibreaċa naċ ndearna aoinneaċ eile, do ḃéidís gan ṗeacaḋ: aċt anois do ċonnacadar mise agus m’Aṫair, agus ṫugadar fuaṫ ḋúinn.


Agus do‐ġéanaid an méid sin, de ċionn naċ aiṫnid dóiḃ an t‐Aṫair ná mise.


A Aṫais ḟiréin, níor aiṫin an saoġal mé, aċt d’aiṫniġeas‐sa ṫú; agus do ḃí a ḟios aca‐san gur ċuiris‐se uait mé;


Agus aduḃradar leis, Cá ḃfuil t’Aṫair? D’ḟreagair Íosa, Ní ḟuil aiṫne agaiḃ orm‐sa ná ar m’Aṫair: dá mbéaḋ aiṫne agaiḃ orm‐sa, do ḃéaḋ aiṫne agaiḃ ar m’Aṫair, ċóṁ maiṫ.


D’ḟreagair Íosa, Má ḃeirim glóir ḋom féin, is neaṁ‐niḋ mo ġlóir: is é m’Aṫair do‐ḃeir glóir ḋom; an té adeir siḃ‐se gur ab é ḃúr nDia é;


agus ní ḟuil aiṫne agaiḃ‐se air: aċt atá aiṫne agam‐sa air; agus dá n‐abrainn, Ní ḟuil aiṫne agam air, béiḋ mé im’ ḃréagaire ċóṁ maiṫ liḃ‐se: aċt atá aiṫne agam air, agus coiṁéadaim a ḃriaṫar.


Óir san tsiuḃal dom, agus mé ag féaċain ar na neiṫiḃ aḋras siḃ, fuaras altóir ar a raiḃ an inscríḃinn seo, DO’N DIA ANAIṪNID. An té úd aḋras siḃ gan aiṫne ḃeiṫ agaiḃ air, fógraim daoiḃ é anois.


Do ċeapas féin go raiḃ sé de ḋualgas orm mórán neiṫe do ḋéanaṁ i n‐aġaiḋ ainme Íosa Nasarḋa.


Agus anois, a ḃráiṫreaċa, atá a ḟios agam gur tré aineolas do‐rinneaḃar é, fá mar rinne ḃúr n‐uaċtaráin.


Aċt ar eagla go leaṫnóċaiḋ sé níos fuide i measc na ndaoine, bagraimís orṫa, gan leigin dóiḃ laḃairt a ṫuilleaḋ le h‐aon duine san ainm sin.


Agus d’imṫiġeadar‐san as láṫair na h‐árd‐ċóṁairle, agus aṫás mór orṫa de ċionn gur measaḋ gurḃ ḟiú iad easonóir d’ḟulang ar son an Ainme.


agus atá uġdarás aige annso ó uaċtaránaiḃ na sagart ċum na daoine ġlaoḋas ar t’ainm do ġaḃáil.


óir taisbeánfad‐sa ḋó an ṁéid ṁór atá le fulang aige ar son m’ainme.


Agus ó nár ṫoiliġeadar ċum eolas ar Ḋia d’adṁáil, ṫug Dia suas iad d’á ndroċ‐ṁeon féin, ċum neiṫe naċ cuiḃe do ḋéanaṁ;


Dúisiġiḋ ċum fíréantaċta, agus ná déanaiḋ peacaḋ: óir atá cuid agaiḃ atá gan eolas ar Ḋia: deirim an méid seo ċum náire do ċur oraiḃ.


eagna naċ raiḃ eolas ag luċt ceannais an tsaoġail seo uirṫi, óir dá mbéaḋ eolas aca uirṫi, ní ċéasfaidís Tiġearna ná glóire:


i lasraċaiḃ teineaḋ, ag agairt díoġaltais ar an dream nár ċuir eolas ar Ḋia, agus ar na daoiniḃ naċ n‐uṁluiġeann do ṡoiscéal ár dTiġearna Íosa:


Féaċaiḋ méid an ġráḋa ṫug an tAṫair dúinn, go nglaoḋfaiḋe clann Dé orainn: agus atá an scéal aṁlaiḋ ’n‐ár dtaoḃ. Ar an aḋḃar sin ní aiṫniġeann an saoġal sinn, toisc nár aiṫniġ sé eisean.


óir is ar son an Ainme d’imṫiġeadar gan éinniḋ do ġlacaḋ ó na Cineaḋaċaiḃ.


agus go ḃfuil foiġid agat agus gur ḟulaingis ar son m’ainme, agus nár éiriġis tuirseaċ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan