Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 15:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Ní siḃ‐se do ṫoġ mise, aċt is mise do ṫoġ siḃ‐se, agus do ċeapas siḃ ċum go n‐imṫeoċaḋ siḃ agus go dtiuḃraḋ siḃ toraḋ, agus go mbéaḋ ḃúr dtoraḋ buan: ionnas, cibé niḋ iarrfas siḃ ar an Aṫair im’ ainm‐se, go dtiuḃraḋ sé ḋaoiḃ é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

16 Ní síḃ-se a ṫoġ mise, aċt mise a ṫoġ síḃ-se, agus a ċuir síḃ ċun go dtéiġeaḋ síḃ, agus go dtaḃaraḋ siḃ toraḋ uaiḃ: agus go ḃfanaḋ ḃur dtoraḋ: ionnas, cibé níḋ a d’iarrfaḋ síḃ ar an Aṫair i m’ainm-se, go dtaḃaraḋ sé díḃ é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Ní siḃ-se a ḋein mise do ṫoġaḋ: aċ is mise a ḋein siḃ-se do ṫoġaḋ, agus do ċeapaḋ ċun go n-imṫeoċaḋ siḃ agus go dtaḃarfaḋ siḃ toraḋ uaiḃ, agus go leanfaḋ ḃúr dtoraḋ; i dtreó, pé rud a ḋ’iarrfaḋ siḃ ar an Aṫair am’ ainim-se, go dtaḃarfaḋ sé daoiḃ é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Ní siḃsi do ṫog misi, aċd misi do ṫoġ siḃsi, agus do ċuir mé siḃ, ionnus go nimṫeoċaḋ siḃ agus go dtiuḃraḋ siḃ toraḋ, agus go ḃfanfaḋ ḃur dtoraḋ: ar ċor giḋ bé ní íarrfuiḋe a mainmsi ar a Naṫair, go dtioḃraḋ se ḋiḃ é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 15:16
57 Iomraidhean Croise  

Agus cibé niḋ iarrfas siḃ i n‐urnaiġe, do‐ġeoḃaiḋ siḃ é, aċt creideaṁ ḃeiṫ agaiḃ.


Iarraiḋ, agus do‐ḃéarfar daoiḃ: loirgiḋ, agus do‐ġeoḃaiḋ siḃ; cnagaiḋ, agus fosclóċar daoiḃ.


Agus nuair ṫáinig an lá, do ġlaoḋ sé ċuige a ḋeisceabail: agus do ṫoġ sé dáréag aca, d’as ġoir sé apstail;


Ní ḟuilim ag laḃairt oraiḃ uile: atá a ḟios agam na daoine do ṫoġas: áċt ċum go gcóiṁlíonfaiḋe an scrioptúir, An té iṫeas mo ċuid aráin do ṫóg sé a ṡál im’ ċoinniḃ.


Dá mba leis an saoġal so siḃ, do ḃéaḋ cion ag an saoġal ar a ċineál féin: aċt de ḃriġ naċ leis an saoġal siḃ, aċt gur ṫoġas‐sa siḃ as an saoġal, ar an aḋḃar sin atá fuaṫ ag an saoġal daoiḃ.


Is mise an ḟíneaṁain, is siḃ‐se na craoḃaċa: An té ḟanas ionnam‐sa, agus go ḃfanaim‐se ann, do‐ḃeir seisean mórán torṫa: óir im’ éagmais‐se ní ḟéadann siḃ éinniḋ do ḋéanaṁ.


D’ḟreagair Íosa ḋóiḃ, Nár ṫoġas‐sa siḃ‐se, dáréag, agus duine agaiḃ ’n‐a ḋiaḃal?


Agus do ġuiḋeadar, agus aduḃradar, A Ṫiġearna, ṫuigeas croiḋeaċa na ndaoine uile, taisbeán dúinn cia aca de’n ḃeirt seo is roġa leat,


Aċt doġeoḃaiḋ siḃ neart nuair ṫiocfas an Spiorad Naoṁ oraiḃ: agus béiḋ siḃ ’n‐ḃúr ḃfiaḋnaiḋṫiḃ daṁ‐sa i nIarúsalem, agus i nIúdaea ar fad, agus i Samária, agus go foirimeall an doṁain.


aċt d’ḟiaḋnaiḋṫiḃ do ḃí toġṫa ag Dia roiṁ ré, dúinne, do ḃí ag iṫe agus ag ól ’n‐a ḟoċair tar a éis dó aiséirġe ó na marḃaiḃ.


Agus aduḃairt sé, Do ċeap Dia ár sinnsear ṫú ċum a ṫoile do ṫuigsin, agus ċum an Aoin Ionnraic d’ḟeicsin, agus ċum glóir a ḃéil do ċlos.


Aċt aduḃairt an Tiġearna leis, Imṫiġ leat: óir is soiṫeaċ toġṫa agam‐sa é, ċum m’ainm do ḃreiṫ i láṫair na nGeinte agus na ríoġ, agus do ċlainn Israel:


Agus, a ḃráiṫre, níor ṁian liom gan a ḟios ḃeiṫ agaiḃ gur minic do ċuireas róṁam teaċt ċugaiḃ (aċt do cuireaḋ cosc orm go dtí anois), ionnas go mbéaḋ toraḋ éigin agam de ḃárr mo ṡaoṫair ’n‐ḃur measc, fá mar ḃí agam i measc na gCineaḋaċ eile.


tré n‐a ḃfuaramair‐ne grása agus abstalaċt, ċum na Cineaḋaċa uile do ṫaḃairt ċum uṁlaċta do’n ċreideaṁ,


Óir gaċ ar scríoḃaḋ roiṁe seo do scríoḃaḋ iad ċum teagasc do ṫaḃairt dúinn, ionnas go mbéaḋ dóċas againn tré ḟoiġid agus tré ṡólás na scrioptúir.


Naċ ḃfuil cuṁaċt ag an gcriadóir ar an gcré ċum an soiṫeaċ so do ḋéanaṁ ċum onóra, agus an soiṫeaċ eile do ḋéanaṁ ċum easonóra as an aon ċnap aṁáin?


Ṫárla na neiṫe úd ḋóiḃ mar ṡamplaí, agus tá siad scríoḃṫa ċum raḃaḋ do ṫaḃairt dúinne, go ḃfuil deireaḋ an tsaoġail tagṫa orainn.


Aċt nuair ba é deaġ‐ṫoil Dé é, do ċuir ar leiṫ mé ó ḃroinn mo ṁáṫar, agus do ġlaoḋ tré n‐a ġrása mé,


Óir is sinne obair a láiṁe, do cruṫuiġeaḋ i nÍosa Críost ċum deaġ‐ġníoṁarṫa, d’ullṁuiġ Dia roiṁ ré ċum go gcleaċtfaimís iad.


aċt go seasuiġiḋ siḃ go daingean ar ḃun an ċreidiṁ, gan casaḋ i leaṫtaoḃ ó ḋóċas an tsoiscéil do ċualaḃar, do craoḃscaoileaḋ i measc gaċ a ḃfuil cruṫuiġṫe fá neaṁ, go ḃfuilim‐se Pól im’ ṁinistir de.


ṫáinig ċugaiḃ‐se; fá mar tá sé ag taḃairt torṫa ar fud an doṁain, agus ag dul i méid, mar tá sé ’n‐ḃur measc‐na, leis, ó’n lá ’n‐a gcualaḃar agus ’n‐a ḃfuaraḃar eolas ar ġrása Dé i ḃfírinne;


Ċuige sin is eaḋ do h‐órduiġeaḋ mise im’ ṡeanmóiriḋe agus im abstal (is í an ḟírinne atá agam d’á ráḋ, ní bréag í), im’ ṫeagascṫóir ċum an creideaṁ agus an ḟírinne do ṁúineaḋ do na Cineaḋaċaiḃ.


ċum ar h‐órduiġeaḋ mise im’ ṡeanmóiriḋe, agus im’ abstal, agus im’ ṫeagascṫóir de.


Agus na neiṫe do ċualais uaim‐se i n‐éisteaċt móráin fiaḋnaiḋṫe, cuir ar iontaoiḃ daoine ionnraice iad, go mbéiḋ ar ċumas dóiḃ daoine eile do ṫeagasc, leis.


Is é seo an fáṫ gur ḟágas san Ċréit ṫu, ċum go gcuirfeá i dtreo na neiṫe do ḃí gan déanaṁ, agus ċum seanóirí d’órdú ins gaċ caṫair; fá mar d’órduiġeas duit:


Is tré ċreideaṁ d’ofráil Aibial do Ḋia íoḋbairt dob’ ḟearr ’ná íoḋbairt Ċáin; agus d’á ḃárr sin fuair sé an teist gurḃ ḟíréan é, Dia ag glacaḋ le n‐a ṫíoḋlaicṫiḃ: agus d’á ḃárr sin laḃrann sé fós, agus é marḃ.


Agus is iad luċt déanta na síoṫċána ċuireas go síoṫċánta an síol as a dtig an ḟíréantaċt.


aċt naoṁuiġiḋ Críost mar Ṫiġearna ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ: agus siḃ ullaṁ i gcóṁnaiḋe ċum freagra do ṫaḃairt do gaċ duine iarras fios fáṫa an dóċais atá ionnaiḃ:


ag féaċain dóiḃ ar ḃur mbéasaiḃ banaṁla, cúṫaile.


Is ann atá an gráḋ, ní h‐é go dtugamar gráḋ do Ḋia, aċt go dtug seisean gráḋ ḋúinne, agus gur ċuir sé a Ṁac uaiḋ mar íoḋbarṫaċ ar son ár bpeacaiḋe.


Do‐ḃeirimíd gráḋ ḋósan de ḃriġ go raiḃ tosaċ aige‐sean ag taḃairt gráḋa ḋúinne.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan