Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 14:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Dá mbéaḋ aiṫne agaiḃ orm‐sa, d’aiṫneoċaḋ siḃ an t‐Aṫair, ċóṁ maiṫ: is aiṫnid daoiḃ anois é, agus do ċonnacaḃar é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

7 Dá mbéaḋ aiṫne agaiḃ orm-sa, is cinnte go mbéaḋ aiṫne agaiḃ ar m’Aṫair fosta: aċt béiḋ aiṫne agaiḃ air feasta, agus ċonnaic siḃ é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Dá n-aiṫniġeaḋ siḃ mise d’aiṫneóċ’ siḃ m’Aṫair gan aṁras, agus aiṫneóċaiḋ siḃ é feasda, agus do ċonacaḃair é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Dá maḋ aiṫniḋ ḋáoiḃ misi, dob aiṫne ḋíḃ Máṫair mar an gcéadna: agus as aiṫniḋ ḋáoiḃ a nois é, agus do ċunncaḃair é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 14:7
21 Iomraidhean Croise  

Atá gaċ uile niḋ taḃarṫa ḋaṁ‐sa ag m’Aṫair: agus ní ḟuil aiṫne ag aoinneaċ ar an Mac, aċt ag an Aṫair; agus ní ḟuil aiṫne ag aoinneaċ ar an Aṫair aċt ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a ḟoillsiú ḋó.


Atá gaċ uile niḋ taḃarṫa ag m’Aṫair daṁ‐sa; agus ní ḟuil a ḟios ag aoinneaċ, aċt ag an Aṫair aṁáin, cia h‐é an Mac; agus cia h‐é an t‐Aṫair, aċt ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a noċtaḋ ḋó.


Ní ḟaca aoinneaċ Dia ariaṁ; an t‐Aon‐Ṁac atá i n‐uċt an Aṫar, do b’é d’ḟoillsiġ é.


Muna mbéaḋ go ndearnas ’n‐a measc na h‐oibreaċa naċ ndearna aoinneaċ eile, do ḃéidís gan ṗeacaḋ: aċt anois do ċonnacadar mise agus m’Aṫair, agus ṫugadar fuaṫ ḋúinn.


Agus do‐ġéanaid an méid sin, de ċionn naċ aiṫnid dóiḃ an t‐Aṫair ná mise.


fá mar atáir‐se, a Aṫair, ionnam‐sa, agus mise ionnat‐sa, go mbéaḋ siad‐san ionainn, ċóṁ maiṫ: ċum go gcreidfeaḋ an saoġal gur ċuiris uait mé.


mise ionnta‐san, agus tusa ionnam‐sa; ċum go mbéidís ’n‐a n‐aon go h‐iomlán; go mbéaḋ a ḟios ag an saoġal gur ċuiris uait mé, agus go dtugais gráḋ ḋóiḃ‐sean, fá mar ṫugais gráḋ ḋaṁ‐sa.


agus d’ḟoillsiġeas t’ainm dóiḃ, agus foillseoċad é; ionnas, an gráḋ ṫugais dom, go mbéiḋ sé ionnta‐san, agus go mbéiḋead‐sa ionnta.


Agus is í seo an ḃeaṫa ṡíorraiḋe, aiṫne do ḃeiṫ aca ort‐sa, an t‐aon Dia fírinneaċ, agus ar an té do ċuiris uait, Íosa Críost.


D’ḟoillsiġeas t’ainm do na daoiniḃ ṫugais dom as an saoġal: ba leat‐sa iad, agus ṫugais daṁ‐sa iad; agus do ċóiṁéadadar do ḃriaṫar.


óir na briaṫra ṫugais dom, ṫugas dóiḃ‐sean iad, agus do ġlacadar iad, agus do ḃí a ḟios aca go fíor gur ab uait‐se ṫáinig mé, agus do ċreideadar gur tusa do ċuir uait mé.


Ní h‐é go ḃfaca aon duine an t‐Aṫair, aċt aṁáin an té atá ó Ḋia, do ċonnaic seisean an t‐Aṫair.


Agus aduḃradar leis, Cá ḃfuil t’Aṫair? D’ḟreagair Íosa, Ní ḟuil aiṫne agaiḃ orm‐sa ná ar m’Aṫair: dá mbéaḋ aiṫne agaiḃ orm‐sa, do ḃéaḋ aiṫne agaiḃ ar m’Aṫair, ċóṁ maiṫ.


Óir Dia d’órduiġ do’n tsolas soillsiú as lár an dorċadais, do ṡoillsiġ sé ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ, ċum solas glóire Dé do ṫaḃairt dúinn i ngnúis Íosa Críost.


Is é lonnraḋ a ġlóire é, agus is é cló a nádúire é, is é congḃuiġeas gaċ uile niḋ le ċéile le briaṫar a ċuṁaċta; nuair do ḃí na peacaiḋe glanta aige, do ṡuiḋ sé síos ar ḋeas‐láiṁ na Mórḋaċta i n‐áirde;


Atáim ag scríoḃaḋ ċugaiḃ‐se, a aiṫreaċa, de ḃriġ go ḃfuil aiṫne agaiḃ ar an té atá ann ó ṫús. Atáim ag scríoḃaḋ ċugaiḃ‐se, a ḟeara óga, de ḃriġ go ḃfuil buaiḋte agaiḃ ar an ainspioraid. Do scríoḃas ċugaiḃ‐se, a ċlann ḃeag, de ḃriġ go ḃfuil aiṫne agaiḃ ar an Aṫair.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan