Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 14:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Is iomḋa árus i dteaġlaċ m’Aṫar; muna mar sin do ḃí, adéarfainn liḃ é; óir atáim ag dul le áit do ċur i n‐áiriṫe ḋaoiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

2 Is iomḋa árus i dtiġ m’Aṫar; dá mba naċ mbéaḋ, d’innseoċainn díḃ: óir tá mé ag dul ċun áit a ċur fá réir díḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Is mó árus i dtiġ m’Aṫar; dá mba ná beaḋ, do neósfainn daoiḃ é: óir táim ag dul ag cur áite i n-eagar ḋaoiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 As iomḋa tíaġais a dtiġ Maṫarsa: agus muna mbeiṫ, dinnéosuinn ḋáoiḃ é. Atáim ag dul dullṁuġaḋ áite ḋáoiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 14:2
25 Iomraidhean Croise  

Agus aduḃairt an seirḃíseaċ, A ṫiġearna, atá gaċ niḋ déanta de réir mar d’órduiġis, agus atá sliġe fágṫa fós.


A ċlann dílis, atáim ’n‐ḃúr ḃfoċair tamall beag go fóill. Béiḋ siḃ ’gam’ lorg, aċt, mar aduḃairt mé leis na h‐Iúdaċaiḃ, An áit ’n‐a ḃfuilim ag dul, ní ḟéadann siḃ‐sé teaċt ann; deirim liḃ‐se anois é.


Aduḃairt Síomón Peadar leis, A Ṫiġearna, cá ḃfuil tú ag dul? D’ḟreagair Íosa, An áit ’n‐a ḃfuilim ag dul, ní ḟéadann tusa mo leanaṁain ann anois; aċt leanfaiḋ tú mé ’n‐a ḋiaiḋ seo.


Do‐ċualaḃar mé g‐á ráḋ liḃ, Atáim ag imṫeaċt agus atáim ag filleaḋ ċugaiḃ. Dá mbéaḋ gráḋ agaiḃ dom, do ḃéaḋ áṫas oraiḃ, toisc go ḃfuilim ag dul ċum an Aṫar: óir is mó an t‐Aṫair ’ná mise.


Aċt d’inniseas na neiṫe sin daoiḃ ċum go gcuiṁneoċaiḋ siḃ ar a nduḃairt mé liḃ, nuair ṫiocfas an t‐am. Aċt níor inniseas na neiṫe sin daoiḃ ó ṫosaċ, toisc go raḃas‐sa ’n‐ḃúr ḃfoċair.


A Aṫair, is é is mian liom na daoine ṫugais dom do ḃeiṫ mar a ḃfuilim; go ḃfeicfiḋ siad mo ġlóir, a ṫugais‐se ḋom: óis ṫugais gráḋ ḋom roiṁ ċruṫú an doṁain.


óir taisbeánfad‐sa ḋó an ṁéid ṁór atá le fulang aige ar son m’ainme.


Óir is eol dúinn, má scriostar an pailliún so ’n‐a gcóṁnuiġmíd ar talaṁ, go ḃfuil áitreaḃ ó Ḋia againn, teaċ naċ ndearnaḋ le láṁaiḃ, atá síorraiḋe, ins na flaiṫeasaiḃ.


Óir ní ċum díḃeirge do ċeap Dia sinn, aċt ċum slánuġaḋ d’ḟáġáil tré n‐ár dTiġearna Íosa Críost,


i ndóċas na beaṫaḋ síorraiḋe, do ġeall Dia, naċ ḃféadann bréag do ḋéanaṁ, ins na h‐aoisiḃ i ḃfad ó ṡoin;


óir do ḃí sé ag súil leis an gcaṫair go ḃfuil bun daingean fúiṫi, gur ab é Dia a h‐árd‐ṡaor agus a foirgniġṫeoir.


Óir ní caṫair ċóṁnuiġṫeaċ atá againn annso, aċt is aṁlaiḋ atáimíd ag tnúṫ le caṫair atá le teaċt.


mar a ndeaċaiḋ Íosa isteaċ mar réiṁ‐ṫeaċtaire ar ár son, ’n‐a árd‐ṡagart dó go síorraiḋe do réir úird Ṁelcisedec.


Is é ḟoillsiġeas an Spiorad Naoṁ san méid sin, naċ ḃfuil an tsliġe isteaċ ċum na h‐áite naoṁṫa ar ḟoscailt fós, ċóṁ fada agus atá an ċéad tabernacal ar bun.


agus ó Íosa Críost, an fiaḋnaiḋe fírinneaċ, an ċéid‐ġein ó na marḃaiḃ, agus árd‐rí riġṫe na talṁan. Do’n té ġráḋuiġeas sinn, agus do scaoil ó n‐ár bpeacaiḋiḃ le n‐a ḟuil féin sinn;


Agus do ċonnacas an naoṁ‐ċaṫair, Iarúsalem nua, ag teaċt anuas ó Ḋia as na flaiṫeasaiḃ, í gléasta mar ḃéaḋ bean nua‐ṗósta maisiġṫe fá ċóṁair a fir.


An té ḃeireas buaiḋ, déanfad colaṁan i dteampall mo Ḋé ḋe, agus ní imṫeoċaiḋ sé amaċ as go deoiḋ: agus scríoḃfad ainm mo Ḋé air, agus ainm caṫraċ mo Ḋé, Iarúsalem nua ṫig anuas as neaṁ óm’ Ḋia, agus m’ainm nua féin.


An té ḃeireas buaiḋ, do‐ḃéarfad de ċead dó suiḋe síos i n‐éinḟeaċt liom im’ riġ‐ċaṫaoir, fá mar rugas féin buaiḋ, agus do ṡuiḋeas síos i n‐éinḟeaċt lem’ Aṫair ’n‐a riġ‐ċaṫaoir‐sean.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan