12 Go fírinneaċ adeirim liḃ, An té ċreideas ionnam‐sa, na h‐oibreaċa do‐ġním‐se, déanfaiḋ seisean iad mar an gcéadna, agus is mó ’ná iad ḋéanfas sé; toisc go ḃfuilim ag dul ċum an Aṫar.
12 Nó munab é sin, creidigiḋ mar ġeall ar na h-oibreaċa féin. Amén, amén adeirim liḃ, an té a ċreideas ionnam-sa, ḋéanfaiḋ seisean fosta na h-oibreaċa a ġním-se, agus ḋéanfaiḋ sé oibreaċa is mó ná iad: de ḃríġ go ḃfuil mise ag dul ċuig an Aṫair.
12 Nó murab é sin é, creidiḋ mé mar ġeall ar na h-oibreaċa féin. Go deiṁin, deiṁin, adeirim liḃ, an t-é a ċreideann ionam-sa, na h-oibreaċa a ḋeinim-se déanfaiḋ sé féin iad, agus déanfaiḋ sé oibreaċa is mó ’ná iad; mar táim-se ag dul ag triall ar an Aṫair.
12 Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, Giḋ bé ċreidéas ionnamsa, do ḋéuna se na hoibreaċa nímsi; agus do ḋéuna sé oibreaċa as mó ná íad; oir atáimsi ag dul dionsuiġe Maṫar.
Agus nuair do‐ċonnaic na deisceabail é, ṫáinig iongnaḋ mór orṫa, agus aduḃradar, Cionnas d’ḟeoġ an crann fige ċóṁ luaṫ sin? Agus d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Má ḃíonn creideaṁ agaiḃ, gan aṁras ḃeiṫ oraiḃ, do‐ġéanaiḋ siḃ, ní h‐é aṁáin a ndearnaḋ do’n ċrann fige, aċt má deir siḃ leis an sliaḃ so, Tógtar agus teilgṫear isteaċ sa ḃfairrge ṫú, déanfar é.
Agus do ċonnaic sé i ḃfad uaiḋ crann fige agus duilleaḃar air, agus ṫáinig sé d’ḟéaċain an ḃfuiġeaḋ sé aon niḋ air: agus nuair ṫáinig sé ċuige, ní ḟuair sé aċt duilleoga air; óir ní raiḃ séasúr na ḃfige ann.
Do‐ċualaḃar mé g‐á ráḋ liḃ, Atáim ag imṫeaċt agus atáim ag filleaḋ ċugaiḃ. Dá mbéaḋ gráḋ agaiḃ dom, do ḃéaḋ áṫas oraiḃ, toisc go ḃfuilim ag dul ċum an Aṫar: óir is mó an t‐Aṫair ’ná mise.
Aċt ċeana atáim ag innsin na fírinne ḋaoiḃ; Is é ḃúr leas mé d’imṫeaċt: óir muna n‐imṫiġim, ní ṫiocfaiḋ an Sólásaiḋe ċugaiḃ, aċt má imṫiġim, cuirfead ċugaiḃ é.
Óir gráḋuiġeann an t‐Aṫair an Mac, agus noċtann sé ḋó gaċ niḋ do‐ġní sé féin: agus noċtfaiḋ sé ḋó oibreaċa is mó ná iad so, ar ṁoḋ go mbéiḋ iongnaḋ oraiḃ‐se.
Aċt is i dtaoḃ an Spioraid do ḃí le glacaḋ aca‐san do ċreidfeaḋ ann, aduḃairt sé an méid sin: óir do ḃí an Spiorad gan bronnaḋ fós; de ḃriġ go raiḃ Íosa gan glóiriú fós.
Agus do ḃí sí g‐á ḋéanaṁ sin ar feaḋ mórán laeṫe. Aċt do ġoill sin ar Ṗól, agus d’iompuiġ sé agus aduḃairt sé leis an spioraid, Órduiġim duit i n‐ainm Íosa Críost teaċt amaċ aisti. Agus ṫáinig sí amaċ an uair ċéadna sin.
i dtreo go mbeirṫí ó n‐a ċolainn ciarsúirí nó aprúin ċum na ndaoine breoite, agus go n‐imṫiġeaḋ na h‐aicídí ḋíoḃ, agus go n‐imṫiġeaḋ na droċ‐spioraidí asta.
Ar n‐a árdú, mar sin, le láiṁ ḋeis Dé, fuair sé ó’n Aṫair an Spiorad Naoṁ do ḃí geallta, agus do ḋoirt sé amaċ é seo, atá le feicsin agus le clos agaiḃ.
g‐á raḋ, Créad do‐ġéanaimíd do na daoiniḃ seo? óir is léir do gaċ duine ċóṁnuiġeas i nIarúsalem go ḃfuil míorḃail iomráiḋteaċ déanta; agus ní ḟéadfaimíd a ṡéanaḋ.
ionnas go n‐iomċraidís na daoine breoite amaċ ar na sráidiḃ, agus ċuiridís ar leabṫaċaiḃ agus ar ṫoċtaiḃ iad, le súil, ag dul ṫart do Ṗeadar, go dtuitfeaḋ a scáil féin ar ḋuine aca.
Agus do ḃí briaṫar Dé ag leaṫaḋ; agus ḃí uiṁir na ndeisceabal ag dul i méid go mór i nIarúsalem; agus do ḃí a lán de na sagartaiḃ d’uṁluiġ do’n ċreideaṁ.
Óir do ḃí mórán daoine as a dtáinig spioraidí neaṁ‐ġlana amaċ, ag éiġeaṁ go h‐árd: agus do leiġeasaḋ mórán go raiḃ pairilis orṫa, agus do ḃí ’n‐a máirtíneaċaiḃ.
Aċt do ċuir Peadar iad go léir amaċ, agus do leig sé é féin ar a ġlúnaiḃ, agus do‐rinne sé urnaiġe; agus ag iompoḋ ċum an ċuirp, aduḃairt sé, A Ṫabitá, éiriġ. Agus d’ḟoscail sí a súile; agus nuair do ċonnaic sí Peadar, d’éiriġ sí aniar.