Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 13:34 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 Do‐ḃeirim aiṫne nua ḋaoiḃ, gráḋ do ṫaḃairt d’á ċéile; fá mar ṫug mise gráḋ ḋaoiḃ‐se, go dtiuḃraḋ siḃ‐se gráḋ d’á ċéile, ċóṁ maiṫ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

34 Ḃeirim aiṫne nua díḃ: Go raiḃ gráḋ agaiḃ dá ċéile, mar a ġráḋuiġ mise siḃ-se, go ngráḋuiġiḋ siḃ-se a ċéile mar an gcéadna.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Tá aiṫne nua agam ’á ṫaḃairt daoiḃ: go mbeaḋ gráḋ agaiḃ d’a ċéile; fé mar a ṫugas-sa gráḋ ḋaoiḃ-se go dtaḃarfaḋ siḃ-se gráḋ d’á ċéile.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 Do ḃeirim áiṫne núa ḋíḃ, Gráḋuiġe a ċéile; mar do ġráḋuiġ misi siḃsi, gráḋuiġiḋ féin a ċéile aṁluiḋ sin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 13:34
38 Iomraidhean Croise  

aċt adeirim‐se liḃ, Bíoḋ gráḋ agaiḃ d’ḃúr náṁdiḃ, agus guiḋiḋ ar son na ndaoine do‐ġní géir‐leanaṁain oraiḃ;


Do‐ḃeirim na h‐aiṫeanta so ḋaoiḃ, ċum go mbéaḋ gráḋ agaiḃ d’á ċéile.


fá mar atáir‐se, a Aṫair, ionnam‐sa, agus mise ionnat‐sa, go mbéaḋ siad‐san ionainn, ċóṁ maiṫ: ċum go gcreidfeaḋ an saoġal gur ċuiris uait mé.


Le teas‐ġráḋ bráṫarḋa bíoḋ an‐ċion agaiḃ ar a ċéile; gaċ duine agaiḃ ag géilleaḋ d’á ċéile i gcúrsaiḃ onóra;


Ní ḋéanann an gráḋ olc do’n ċóṁarsain: d’á ḃriġ sin is é an gráḋ cóiṁlíonaḋ an dliġe.


Ná bíoḋ fiaċa ag aon duine oraiḃ, aċt aṁáin an gráḋ is ceart ḃeiṫ agaiḃ d’á ċéile: óir an té go ḃfuil gráḋ d’á ċóṁarsain aige, tá an dliġe cóiṁlíonta aige.


Aċt is é toraḋ an Spioraid, gráḋ, aoiḃneas, síoṫċáin, fád‐ḟulang, muinntearas, maiṫeas, dílse,


Óir i nÍosa Críost ní ḟuil fóġnaṁ ar biṫ i dtimċeall‐ġearraḋ ná i neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ aċt oiread: aċt aṁáin san gcreideaṁ oibriġeas tré ġráḋ.


Mar sin de, do réir mar ḃíos an uain againn, déanaimís an ṁaiṫ do’n uile ḋuine, go mórṁór do luċt tiġe an ċreidiṁ.


Tógaiḋ trom‐ualaiġe a ċéile, ag cóiṁlíonaḋ dliġe Ċríost mar sin.


agus siuḃlaiḋ i ngráḋ, fá mar ġráḋuiġ Críost siḃ‐se, agus ṫug é féin ar ár son, ’n‐a ṫoirbirt agus ’n‐a íoḋbairt ḋeaġ‐ċuṁra do Ḋia.


ó ċualamar tráċt ar ḃur gcreideaṁ i nÍosa Críost, agus ar an ngráḋ atá agaiḃ do na naoṁaiḃ go léir,


agus go méaduiġiḋ an Tiġearna an gráḋ ionnaiḃ go líonṁar d’á ċéile, agus do ċáċ, mar atá againn féin daoiḃ‐se;


Is dual dúinn buiḋeaċas do ṫaḃairt go síor, do Ḋia ar ḃur son‐sa, a ḃráiṫre, mar is cuiḃe, de ḃriġ go ḃfuil ḃur gcreideaṁ ag dul i neart, agus gráḋ gaċ duine agaiḃ d’á ċéile ag méadú go mór;


Bíoḋ gráḋ bráṫarḋa i gcóṁnaiḋe eadraiḃ.


Aċt má ċóiṁlíonann siḃ an dliġe ríoġḋa do réir na scrioptúra, Gráḋóċair do ċóṁarsa mar ṫú féin, atá siḃ ag déanaṁ go maiṫ:


Ó ṫárla ḃur n‐anmanna ḃeiṫ glanta ag uṁlú do’n ḟírinne ḋaoiḃ, ċum fíor‐ġráḋ na mbráṫar do ċoṫú, taḃraiḋ gráḋ ó ċroiḋe go dúṫraċtaċ d’á ċéile:


agus diaḋaċt le foiḋne; agus gráḋ bráṫarḋa le diaḋaċt; agus caon‐ċarṫannaċt le gráḋ bráṫarḋa.


Óir is í seo an teaċtaireaċt do ċualaḃar ó ṫús, gur dual dúinn gráḋ do ṫaḃairt d’á ċéile:


Agus is í a aiṫne, creideaṁain i n‐ainm a Ṁic Íosa Críost, agus gráḋ do ṫaḃairt d’á ċéile, do réir na h‐aiṫne ṫug sé ḋúinn.


Agus atá an aiṫne againn uaiḋ, An té ġráḋuiġeas Dia, taḃraḋ sé gráḋ d’á ḃráṫair mar an gcéadna.


Agus impiḋim ort anois, a ḃaintiġearna, ní mar ḃéinn ag scríoḃaḋ aiṫne nuaiḋe ċugat, aċt an aiṫne do ḃí ó ṫús againn, gráḋ do ṫaḃairt d’á ċéile.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan