Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 13:23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 Agus do ḃí ag an mbórd duine d’á ḋeisceablaiḃ, do b’ionṁain le h‐Íosa, ’n‐a luiġe ar uċt Íosa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

23 Agus ḃí ina luiġe ar uċt Íosa duine dá ḋeisciobail a raiḃ gráḋ ag Íosa dó.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Ṫárla go raiḃ ’n-a luiġe i n-uċt Íosa duine ḋ’á ḋeisgiobulaiḃ ba ró-ionṁuin le h-Íosa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

23 Agus do ḃí áon dá ḋeisciobluiḃ na luiḋe a nuċd Iósa, noċ dob ionṁuin leis.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 13:23
15 Iomraidhean Croise  

Agus ṫarla go ḃfuair an boċtán bás, agus go rug na h‐aingle leo é go h‐uċt Abraċaim: agus fuair an duine saiḋḃir bás, leis, agus do h‐aḋlacaḋ é.


Ní ḟaca aoinneaċ Dia ariaṁ; an t‐Aon‐Ṁac atá i n‐uċt an Aṫar, do b’é d’ḟoillsiġ é.


Agus do ċuir an ḃeirt deirḃṡiúr teaċtaireaċt ċuige, g‐á ráḋ, A Ṫiġearna, féaċ, an té is ionṁain leat atá sé breoite.


Agus aduḃairt na h‐Iúdaiġ, Féaċ an cion do ḃí aige air!


Agus do ḃí an‐ċion ag Íosa ar Ṁarta, agus ar a deirḃṡiúr, agus ar Lasarus.


Agus do sméid Síomón Ṗeadar airsean, agus aduḃairt sé leis, Innis dúinn cia ḋó go ḃfuil sé ag tagairt.


Aduḃairt seisean leis, agus é sínte siar ar uċt Íosa, A Ṫiġearna, cia h‐é?


Agus nuair do ċonnaic Íosa a ṁáṫair, agus an deisceabal ab ionṁain leis ’n‐a ṡeasaṁ ’n‐a h‐aice, aduḃairt sé le n‐a ṁáṫair, A ḃean, sin é do ṁac!


Do riṫ sí annsin, agus ṫáinig sí mar a raiḃ Síomón Peadar, agus an deisceabal eile ba ionṁain le h‐Íosa, agus aduḃairt sí leo, Do ṫógadar an Tiġearna as an tuama, agus ní ḟuil a ḟios againn cár ċuireadar é.


Agus ar iompoḋ do Ṗeadar do ċonnaic sé an deisceabal ba ionṁain le h‐Íosa ag leanaṁain; an té do ṡín ’n‐a uċt ag an suipéar, an té aduḃairt, A Ṫiġearna, cia h‐é ḃraiṫfeas ṫú?


Is é an deisceabal so do‐ḃeir fiaḋnaise i dtaoḃ na neiṫe seo, agus do scríoḃ na neiṫe seo: agus is eol dúinn gur fíor í a ḟiaḋnaise.


An deisceabal úd do b’ionṁain le h‐Íosa, aduḃairt sé le Peadar, Is é an Tiġearna atá ann. Nuair do‐ċuala Peadar gurḃ é an Tiġearna é, do ċuir sé a ċóta air, (óir ḃí sé noċt), agus do ċaiṫ sé é féin isteaċ san ḃfairrge.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan