Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 13:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Ar n‐a ráḋ sin d’Íosa, do ḃí sé go buaiḋearṫa ’n‐a spioraid, agus do ḋearḃuiġ sé, agus aduḃairt, Go fírinneaċ adeirim liḃ, go mbraiṫfiḋ duine agaiḃ mé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

21 Nuair a duḃairt Íosa na neiṫe sin, ṫáinic buaiḋreaṁ ina spiorad air: agus ḋeiṁniġ sé, agus duḃairt: Amén, amén adeirim liḃ, go mbraiṫfiḋ duine agaíḃ mé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Nuair a ḃí an méid sin ráiḋte ag Íosa ṫáiniġ buaireaṁ spioraide air agus do ḋeiṁniġ sé, agus duḃairt sé: Go deiṁin, deiṁin, adeirim liḃ, déanfaiḋ duine agaiḃ-se mise ṫaḃairt i láiṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Ar na ráḋ so Díosa, do ḃí sé buaiḋearṫa na sbioraid, agus do rinne sé fínne, agus a duḃairt sé, Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, go mbraiṫfi áon dáoiḃ misi.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 13:21
17 Iomraidhean Croise  

agus le linn dóiḃ ḃeiṫ ag iṫe, aduḃairt sé, Adeirim liḃ go fírinneaċ, go mbraiṫfiḋ duine agaiḃ‐se mé.


Annsin aduḃairt sé leo, Atá brón mór ar m’anam go ponnc an ḃáis: fanaiḋ‐se annso, agus déanaiḋ faire mar aon liom.


Agus nuair do ḃíodar ’n‐a suiḋe agus ag iṫe, aduḃairt Íosa, Adeirim liḃ go fírinneaċ, Atá duine agaiḃ‐se, atá ag iṫe im ḟoċair, agus braiṫfiḋ sé mé.


Agus ag féaċain dó go feargaċ ’n‐a ṫimċeall orṫa, agus brón air mar ġeall ar ċruaḋas a gcroiḋe, aduḃairt sé leis an ḃfear: Sín amaċ do láṁ uait. Do ṡín: agus do leiġeasaḋ an láṁ.


Agus nuair do ċonnaic Íosa í ag caoineaḋ, agus na h‐Iúdaiġ ṫáinig i n‐éineaċt léi ag caoineaḋ, do ċorruiġ an spioraid ann, agus do ḃí sé buaiḋearṫa,


Do ḃris a ġol ar Íosa.


Agus táinig Íosa ċum an tuama, agus a spioraid ag corrú ann. Agus pluais ab eaḋ í, agus leac ar a béal.


Anois atá buaiḋirt anma orm; agus créad adéarfad? A Aṫair, fuascail mé ó’n uair seo. Aċt ċuige seo is eaḋ ṫáinig mé ċum na h‐uaire seo.


Ní ḟuilim ag laḃairt oraiḃ uile: atá a ḟios agam na daoine do ṫoġas: áċt ċum go gcóiṁlíonfaiḋe an scrioptúir, An té iṫeas mo ċuid aráin do ṫóg sé a ṡál im’ ċoinniḃ.


Agus le linn an tsuipéir, agus an diaḃal tar éis a ċur i gcroiḋe Iúdáis Iscariót Ṡíomóin, é do ḃraṫ,


Do ḋearc na deisceabail ar a ċéile, agus mearḃall orṫa i dtaoḃ an té d’á mbéaḋ sé ag tagairt.


An ḟaid do ḃí Pól ag fanaṁain leo i gCaṫair na h‐Aiṫne, do ḃí a spioraid d’á corrú ann, agus é ag féaċain ar an gcaṫair agus í lán d’íoḋalaiḃ.


Do ċuadar amaċ as ár measc, aċt níor ḋaoine ḋínne iad; óir dá mba daoine ḋínn iad d’ḟanfaidís i n‐éinḟeaċt linn; aċt d’imṫiġeadar ċum go mba léir naċ daoine ḋínne iad uile.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan