Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 13:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Ní ḟuilim ag laḃairt oraiḃ uile: atá a ḟios agam na daoine do ṫoġas: áċt ċum go gcóiṁlíonfaiḋe an scrioptúir, An té iṫeas mo ċuid aráin do ṫóg sé a ṡál im’ ċoinniḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

18 Ní ḟuil mé ag laḃairt oraiḃ uilig: tá a ḟios agam cé h-iad atá toiġte agam: aċt ċun go gcóiṁlíontaí an scrioptúir: An té atá ag iṫe aráin i mo ċuideaċta, tógfaiḋ sé a ṡál i m’aġaiḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Ní’lim ag laḃairt oraiḃ go léir; aiṫním na daoine a ṫoġas: Aċ ionus go gcóṁlíonfí an Sgríḃinn: An t-é a ḋ’iṫeann arán am’ ḟoċair árdóċaiḋ sé a ṡál am’ ċoinniḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Ní laḃruim oruiḃ uile: atá a ḟios agum cía an dream do ṫoġ mé: aċd do ċum go gcoiṁlíonfuiḋe an sgríobtúir, An té ata ag iṫe aráin am ḟoċair, do ṫóg sé a sbál am aġaiḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 13:18
27 Iomraidhean Croise  

agus is iad muinntear a ṫiġe féin ḃéas mar náiṁdiḃ ag an duine.


agus le linn dóiḃ ḃeiṫ ag iṫe, aduḃairt sé, Adeirim liḃ go fírinneaċ, go mbraiṫfiḋ duine agaiḃ‐se mé.


Agus d’ḟreagair seisean agus aduḃairt, An té do ċuir a láṁ sa méis ċéadna liom, is eisean ḃraiṫfeas mé.


Agus nuair do ḃí an tráṫnóna ann, ṫáinig sé i n‐éinḟeaċt leis an dá‐réag.


Agus nuair do ḃíodar ’n‐a suiḋe agus ag iṫe, aduḃairt Íosa, Adeirim liḃ go fírinneaċ, Atá duine agaiḃ‐se, atá ag iṫe im ḟoċair, agus braiṫfiḋ sé mé.


Agus aduḃairt sé leo, Is duine de’n dá‐réag é, an té ċuireas a láṁ mar aon liom sa méis.


Aċt féaċ, atá láṁ an té atá ’gam’ ḃraiṫ ar an mbórd im’ ḟoċair.


Ar n‐a ráḋ sin d’Íosa, do ḃí sé go buaiḋearṫa ’n‐a spioraid, agus do ḋearḃuiġ sé, agus aduḃairt, Go fírinneaċ adeirim liḃ, go mbraiṫfiḋ duine agaiḃ mé.


Do ḋearc na deisceabail ar a ċéile, agus mearḃall orṫa i dtaoḃ an té d’á mbéaḋ sé ag tagairt.


D’ḟreagair Íosa ḋó, An té d’á dtomfad an giota aráin seo agus go dtiuḃrad dó é, is é é. Agus nuair do ḃí an giota aráin tomṫa aige, do ṫóg sé é agus ṫug d’Iúdás Ṡíomóin Iscariót é.


Ní siḃ‐se do ṫoġ mise, aċt is mise do ṫoġ siḃ‐se, agus do ċeapas siḃ ċum go n‐imṫeoċaḋ siḃ agus go dtiuḃraḋ siḃ toraḋ, agus go mbéaḋ ḃúr dtoraḋ buan: ionnas, cibé niḋ iarrfas siḃ ar an Aṫair im’ ainm‐se, go dtiuḃraḋ sé ḋaoiḃ é.


Dá mba leis an saoġal so siḃ, do ḃéaḋ cion ag an saoġal ar a ċineál féin: aċt de ḃriġ naċ leis an saoġal siḃ, aċt gur ṫoġas‐sa siḃ as an saoġal, ar an aḋḃar sin atá fuaṫ ag an saoġal daoiḃ.


Aċt ċuige sin ṫarla, ċum go gcóiṁlíonfaiḋe an briaṫar atá scríoḃṫa ’n‐a ndliġe, Ṫugadar fuaṫ ḋom gan ċúis.


An ḟaid do ḃíos‐sa ’n‐a ḃfoċair, do ċongḃuiġeas it’ ainm‐se iad‐san ṫugais dom, agus do ċosnas iad, agus ní ḋeaċaiḋ aoinneaċ aca amuġa, aċt mac an ṁillte, ċum go gcoiṁlíonfaiḋe an Scrioptúir.


Ní dlistineaċ dúinne aon duine do ċur ċum báis: ċum go gcóiṁlíonfaiḋe an briaṫar aduḃairt Íosa, g‐á ċur i n‐uṁail cia an saġas báis do ḃí i ndán dó.


Ar an aḋḃar sin aduḃradar le ċéile, Ná réabaimís í, aċt cuirimís ar ċrannaiḃ cia leis í: ċum go gcóiṁlíonfaiḋe an scrioptúir, aduḃairt, Do roinneadar mo ċuid éadaiġe eatorṫa, Agus do ċuireadar ar ċrannaiḃ mo ċlúdaċ.


Óir ṫáinig an méid sin ċum críċe ċum go gcóiṁlíonfaiḋe an scrioptúir, Cnáṁ de ní brisfear.


Aduḃairt sé leis an tríoṁaḋ h‐uair, A Ṡíomóin Eoin, An ionṁain leat mé? Do ġoill sé ar Ṗeadar go nduḃairt sé leis an tríoṁaḋ h‐uair, An ionṁain leat mé? Agus aduḃairt sé leis, A Ṫiġearna, is eol duit an uile niḋ; atá a ḟios agat gur ab ionṁain liom ṫú. Aduḃairt Íosa leis, Beaṫuiġ mo ċaoiriġ.


D’ḟreagair Íosa ḋóiḃ, Nár ṫoġas‐sa siḃ‐se, dáréag, agus duine agaiḃ ’n‐a ḋiaḃal?


agus aduḃairt, A ḃráiṫreaċa, ní foláir go gcóiṁlíonfaiḋe an scrioptúir, do ṫairngir an Spiorad Naoṁ tré ḃéal Dáiḃi i dtaoḃ Iúdáis, an té do ṫreoruiġ iad‐san go ġaḃ Íosa.


go dtí an lá ’n‐ar tógaḋ suas é, tar a éis dó aiṫeanta do ṫaḃairt tríd an Spiorad Naoṁ do na h‐abstalaiḃ do ṫoġ sé;


Óir ní sinn féin ḟógraimíd, aċt Íosa Críost mar Ṫiġearna, agus sinn féin mar ṡeirḃísiġ ḋaoiḃ ar son Íosa.


Agus ní ḟuil éinniḋ d’ár cruṫuiġeaḋ naċ ḃfuil soiléir os cóṁair a ṡúl; aċt atá an uile niḋ noċta, lán‐ḟoscailte roiṁ ṡúiliḃ an té go ḃfuil cunntas againn le déanaṁ leis.


Agus imreoċad bás ar a clainn; agus tuigfiḋ na h‐eaglaisí gur mise an té scrúduiġeas na duḃáin agus na croiḋeaċa: agus do‐ḃéarfad do gaċ duine agaiḃ do réir ḃur ngníoṁarṫa.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan