Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 13:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus roiṁ ḟéile na cásca, ó ḃí a ḟios ag Íosa go raiḃ a ṫráṫ tagṫa ċum imṫeaċt as an saoġal so ċum a Aṫar, ó ṫug sé gráḋ d’á ṁuinntir féin do ḃí sa tsaoġal, ṫug se gráḋ ḋóiḃ go deireaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

1 Roiṁ lá ḟéile na Cásca, ó ḃí a ḟios ag Íosa go dtáinic a uair ċun imṫeaċt ó’n tsaoġal seo go dtí an t-Aṫair: ó ġráḋuiġ sé a ṁuinntir féin a ḃí ar an tsaoġal, ġráḋuiġ sé go deireaḋ iad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Roiṁ lá ḟéile na cásga, ó ḃí ḟios ag Íosa go raiḃ a ṫráṫ tagaiṫe ċun imṫeaċt as an saoġal so ag triall ar an Aṫair: ó ṫug sé gráḋ d’á ṁuíntir féin, do ġráḋuiġ sé iad go deire.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus roiṁ ṡollamáin na cásg, ar na aiṫe Díosa go dtáinig a uáir ann a raċaḋ sé as an tsáoġalsa ċum a Naṫar, ar ngráḋuġaḋ a ṁuinntire féin do ḃí ar a tsáoġal, do ġraḋuiġ sé go deireaḋ íad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 13:1
44 Iomraidhean Croise  

Annsin ṫáinig sé ċum na ndeisceabal, agus aduḃairt sé leo, Codlaiḋ anois, agus déanaiḋ ḃúr suaiṁneas: féaċ, atá an uair druidṫe linn, agus atá Mac an Duine d’á ṫaḃairt i láṁaiḃ na bpeacaċ.


g‐á ṫeagasc dóiḃ gaċ ar órduiġeas daoiḃ do ċóiṁlíonaḋ, agus féaċ, atáim‐se ’n‐ḃúr ḃfoċair i gcóṁnaiḋe, go deireaḋ an tsaoġail.


Nuair do ḃíos gaċ aon lá ’n‐ḃúr measc sa teampall, níor ṡíneaḃar láṁ im’ ċoinniḃ: aċt is liḃ‐se an uain seo, agus cuṁaċt an dorċadais.


Agus ṫarla, nuair do ḃí am a ḋeasgaḃála ag teaċt i ngiorraċt dó, gur ġlac sé de rún daingean aġaiḋ do ṫaḃairt ar Iarúsalem, agus do ċuir sé teaċtairí roiṁe:


Agus do ḃí cáisc na nIúdaċ i n‐aṫċomaireaċt: agus do ċuaiḋ mórán daoine ó’n dúṫaiġ sin suas go h‐Iarúsalem, g‐á nglanaḋ féin roiṁ an gcáisc.


Agus d’ḟreagair Íosa iad, g‐á ráḋ, Atá an uair tagṫa ċum glóir do ṫaḃairt do Ṁac an Duine.


Do ċeap cuid aca, ó ḃíoḋ an sparán ag Iúdás, go nduḃairt Íosa leis, Ceannuiġ a ḃfuil ag teastáil uainn i gcóṁair na féile; nó, rud éigin do ṫaḃairt do na boċtaiḃ.


ó ḃí a ḟios ag Íosa go raiḃ gaċ niḋ taḃarṫa ’n‐a láiṁ ḋó ag an Aṫair, agus go dtáinig sé ó Ḋia,


Do‐ḃeirim aiṫne nua ḋaoiḃ, gráḋ do ṫaḃairt d’á ċéile; fá mar ṫug mise gráḋ ḋaoiḃ‐se, go dtiuḃraḋ siḃ‐se gráḋ d’á ċéile, ċóṁ maiṫ.


Do‐ċualaḃar mé g‐á ráḋ liḃ, Atáim ag imṫeaċt agus atáim ag filleaḋ ċugaiḃ. Dá mbéaḋ gráḋ agaiḃ dom, do ḃéaḋ áṫas oraiḃ, toisc go ḃfuilim ag dul ċum an Aṫar: óir is mó an t‐Aṫair ’ná mise.


aċt ċum go n‐aiṫneoċaḋ an saoġal go ḃfuil gráḋ agam do’n Aṫair, agus gur de réir mar d’órduiġ an t‐Aṫair ḋom do‐ġním. Éiriġiḋ, imṫiġmís as so.


Ṫáinig mé amaċ ó’n Aṫair, agus ṫáinig mé ar an saoġal: atáim ag fágáil an tsaoġail arís, agus atáim ag dul ċum an Aṫar.


Do laḃair Íosa an méid sin; annsin, ag árdú a ṡúl ċum neiṁe, aduḃairt sé, A Aṫair, atá an uair tagṫa; taḃair glóir dod’ Ṁac, ċum go dtiuḃraḋ an Mac glóir ḋuit‐se:


Ní de’n tsaoġal iad, fá mar naċ de’n tsaoġal mise.


agus d’ḟoillsiġeas t’ainm dóiḃ, agus foillseoċad é; ionnas, an gráḋ ṫugais dom, go mbéiḋ sé ionnta‐san, agus go mbéiḋead‐sa ionnta.


Agus anois, a Aṫair, taḃair‐se glóir ḋaṁ‐sa, i n‐éinḟeaċt leat féin, leis an nglóir do ḃí agam id’ ḟoċair sara raiḃ an doṁan ar bun.


Agus ó ḃí a ḟios ag Íosa gaċ a raiḃ le teaċt air, do ċuaiḋ sé amaċ, agus aduḃairt sé leo, Cia atá uaiḃ?


I n‐a ḋiaiḋ sin, ó ḃí a ḟios ag Íosa go raiḃ gaċ niḋ críoċnuiġṫe, ionnas go gcóiṁlíonfaiḋe an scrioptúir, aduḃairt sé, Atá tart orm.


Agus do ḃí cáisc na nIúdaċ i ḃfogas, agus do ċuaiḋ Íosa suas go h‐Iarúsalem.


Agus do ḃí an ċáisc, féile na nIúdaċ, i ḃfogas.


Annsin do ṡanntuiġeadar breiṫ air: aċt níor ċuir aon duine láṁ ann, óir ní raiḃ a uair tagṫa fós.


Uime sin aduḃairt Íosa leo, Ní ṫáinig m’uair‐se fós; aċt atá ḃúr n‐uair‐se ann i gcóṁnaiḋe.


Do laḃair Íosa na briaṫra sin i n‐áit an ċiste, agus é ag teagasc sa teampall: agus níor ċuir aon duine láṁ air, óir ní raiḃ a uair tagṫa fós.


Aċt ċeana, ins na neiṫiḃ sin go léir atáimíd ṫar a ḃeiṫ ḃuaḋaċ de ḃárr an té ṫug gráḋ ḋuinn.


an té ḋaingneoċas siḃ go deireaḋ, ċum go mbéiḋ siḃ gan loċt i ló ár dTiġearna Íosa Críost.


agaiḃ le meaḃlaireaċt an ṗeacaiḋ óir do rinneaḋ sinn rannṗáirteaċ le Críost, aċt go gcongḃuiġmíd ár gcéad ṁuiniġin go deireaḋ;


aċt is aṁlaiḋ atá Críost mar Ṁac os cionn tiġe Dé; agus is sinne a ṫeaċ‐san, aċt ár muiniġin agus an dóċas atá mar aḋḃar glóire againn do ċongḃáil go daingean go deireaḋ.


Agus is é is mian liom go dtaisbeánfaḋ gaċ duine agaiḃ an dúṫraċt ċéadna ċum lán‐dearḃṫaċt dóċais do ċoṫú go deireaḋ:


D’á ḃriġ sin, ag teannaḋ ḃur n‐intinne, biḋiḋ stuama, agus bíoḋ ḃur súil go h‐iomlán leis an ngrása tiuḃarfar daoiḃ le foillsiú Íosa Críost;


Do‐ḃeirimíd gráḋ ḋósan de ḃriġ go raiḃ tosaċ aige‐sean ag taḃairt gráḋa ḋúinne.


agus ó Íosa Críost, an fiaḋnaiḋe fírinneaċ, an ċéid‐ġein ó na marḃaiḃ, agus árd‐rí riġṫe na talṁan. Do’n té ġráḋuiġeas sinn, agus do scaoil ó n‐ár bpeacaiḋiḃ le n‐a ḟuil féin sinn;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan