Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 11:55 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

55 Agus do ḃí cáisc na nIúdaċ i n‐aṫċomaireaċt: agus do ċuaiḋ mórán daoine ó’n dúṫaiġ sin suas go h‐Iarúsalem, g‐á nglanaḋ féin roiṁ an gcáisc.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

55 Agus ḃí Cáisc na n-Iúdaċ ar na gaoḃair: agus ċuaiḋ mórán as an tír suas go h-Ierusalem roiṁ an Ċáisc, ċun iad féin a naoṁuġaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

55 Ansan ḃí cáisg na n-Iúdaċ go h-aċamair, agus mórán daoine ag teaċt go Ierúsalem ó’n dtuaṫ roimis an gcáisg ċun iad féin do naoṁú.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

55 Agus do ḃí cáisg na Níuduiḋeaḋ a ḃfogas dóiḃ: agus do imṫiġeadar mórán as a tírsin súas go Híarusalém roiṁ ċáisg, da nglanaḋ féin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 11:55
30 Iomraidhean Croise  

Agus sé lá roiṁ an gcáisc, ṫáinig Íosa go Bétánia, mar a raiḃ Lasarus, do ḃí tógṫa ag Íosa ó’n mbás.


Agus do ḃí an ċáisc, féile na nIúdaċ, i ḃfogas.


Agus do ḃí cáisc na nIúdaċ i ḃfogas, agus do ċuaiḋ Íosa suas go h‐Iarúsalem.


Druidiḋ le Dia, agus druidfiḋ seisean liḃ. Niġiḋ ḃur láṁa, a ṗeacaċa, agus glanaiḋ ḃur gcroiḋeaċa go h‐iomlán, a luċt an dá ċóṁairle.


Scrúduiġeaḋ duine é féin, agus iṫeaḋ sé an t‐arán agus ólaḋ sé an cupán d’á réir sin.


agus fuaradar mé glanta san teampall gan sluaġ, gan toirmeasc:


Do ṫreoruiġeadar Íosa annsin ó Ċáiafas isteaċ sa bPraetorium; agus do ḃí moċ na maidne ann; agus ní ḋeaċadar féin isteaċ sa bPraetorium ċum naċ dtruailleoċaiḋe iad, aċt go n‐íosfaidís an ċáisc.


Agus roiṁ ḟéile na cásca, ó ḃí a ḟios ag Íosa go raiḃ a ṫráṫ tagṫa ċum imṫeaċt as an saoġal so ċum a Aṫar, ó ṫug sé gráḋ d’á ṁuinntir féin do ḃí sa tsaoġal, ṫug se gráḋ ḋóiḃ go deireaḋ.


I n‐a ḋiaiḋ sin do ḃí féile ag na h‐Iúdaċaiḃ: agus do ċuaiḋ Íosa suas go h‐Iarúsalem.


Agus do ḃí sé soiṫiġ cloiċe, do cuireaḋ ann de réir reaċta glantóireaċta na nIúdaċ, agus lán a dó nó a trí d’ḟeircíniḃ ins gaċ soiṫeaċ díoḃ.


Agus i gcionn dá lá do ḃí féile na Cásca agus an aráin gan laiḃín ann: agus do ḃí uaċtaráin na sagart agus na scríoḃaiḋṫe ’g‐a ḃeartú cionnas do ḃéarfaidís air le feall, le n‐a ṁarḃaḋ: óir aduḃradar,


Agus ṫarla, nuair do ḃí na briaṫra sin go léir críoċnuiġṫe ag Íosa, go nduḃairt sé le n‐a ḋeisceablaiḃ,


Atá a ḟios agaiḃ go mbéiḋ an ċáisc ann tar éis dá lá, agus go dtaḃarfar Mac an Duine suas d’á ċéasaḋ.


Agus do ḃí féile an aráin gan laiḃín, d’á ngoirṫear an Ċáisc, ag teaċt i n‐aiṫġiorraċt.


beir leat iad‐san, agus glantar ṫú i n‐éinḟeaċt leo, agus íoc as a gcostas, ċum go mbearrfaiḋ siad a gcinn: annsin béiḋ a ḟios ag gaċ duine naċ ḃfuil aon ḟírinne san méid do h‐inniseaḋ ḋóiḃ id’ ṫaoḃ; aċt go siuḃalfair féin i gceart, mar ċosantóir an reaċta.


Annsin do ġlac Pól leis na fearaiḃ, agus lá ar n‐a ḃáraċ do ġlan sé é féin mar aon leo, agus do ċuaiḋ sé isteaċ san teampall, g‐á ċur i dtuigsin go raiḃ laeṫe a nglanta d’á gcóiṁlíonaḋ, nó go ndearnaḋ íoḋbairt ar son gaċ duine aca.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan