Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 11:51 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

51 Aċt ní uaiḋ féin aduḃairt sé sin: aċt ó ḃí sé ’n‐a árd‐ṡagart an ḃliaḋain sin, do ṫairngir sé go raiḃ Íosa ċum bás d’ḟáġáil ar son an ċiniḋ;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

51 Aċt níorḃ uaiḋ féin a duḃairt sé sin: aċt mar gurḃ é árdṡagart na bliaḋna sin é, ṫairngir sé go ḃfuiġeaḋ Íosa bás ar son an ċiniḋ;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

51 Ní uaiḋ féin, áṁṫaċ, aduḃairt sé an ċaint sin, aċ ó b’é an t-árdṡagart é do’n ḃliain, do laḃair sé targaireaċt, go raiḃ Íosa ċun báis d’ḟaġáil ar son an ċinéil;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

51 Giḋeaḋ ní úaḋ féín a duḃairt sé so: aċd ar mbeiṫ ḋó na árdsagart an ḃlíaḋuinsin, do ṫairrġir sé go ḃfuiġeaḋ Iósa bás ar son an ċiniḋ;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 11:51
23 Iomraidhean Croise  

ar ċuma Ṁic an Duine naċ dtáinig ċum go ndéanfaiḋe frioṫáileaṁ air, aċt ċum go ndéanfaḋ seisean frioṫáileaṁ, agus ċum a anam do ṫaḃairt i n‐éiric móráin.


fá mar aiṫniġeann an t‐Aṫair mé, agus aiṫniġim‐se an t‐Aṫair; agus do‐ḃeirim m’anam ar son na gcaoraċ.


Aċt aduḃairt duine aca darḃ ainm Cáiafas, do ḃí ’n‐a árd‐ṡagart an ḃliaḋain sin, Ní ṫuigeann siḃ aon niḋ ’n‐a ṫaoḃ,


agus do ċeangladar é, agus rugadar i láṫair Annais ar dtús é; óir ba é aṫair céile Ċáiafais é, do ḃí ’n‐a árd‐ṡagart an ḃliaḋain sin.


Agus dá mbéaḋ buaiḋ na fáiḋeadóireaċta agam, agus dá dtuiginn gaċ rúindiaṁair agus gaċ eolas, agus dá mbéaḋ gaċ creideaṁ agam ar ṁoḋ go ḃféadfainn sléiḃte d’aistriú, agus mé ḃeiṫ gan gráḋ, atáim gan éifeaċt.


Óir ṫug sé airsean, do ḃí gan eolas ar an bpeacaḋ, ṫug sé air ḃeiṫ ’n‐a ṗeacaḋ ar ár son, ċum go ndéanfaiḋe fíréantaċt Dé ḋínne ann.


D’ḟuascail Críost ó ṁallaċt an dliġe sinn, ag déanaṁ mallaċta ḋe féin ar ár son: óir atá scríoḃṫa, Is malluiġṫe gaċ duine croċtar ar ċrann:


an té d’iomċair ár bpeacaiḋe ’n‐a ċorp féin ar an gcrann, ċum, ar mbeiṫ ḋúinn marḃ do’n ṗeacaḋ, go mairfimís do’n ḟíréantaċt; agus do leiġeasaḋ siḃ le n‐a ċneaḋaiḃ.


Óir d’ḟulaing Críost féin, aon uair aṁáin, ar son na bpeacaiḋe, an fíréan i n‐éiric na neiṁḟíréan, ċum sinn do ṫaḃairt ċum Dé; d’á ċur ċum báis san ḃfeoil, aċt d’á ḃeoḋaḋ san spiorad;


agus is eisean an t‐íoḋbarṫaċ, ní h‐aṁáin ar son ár bpeacaiḋe‐ne, aċt ar son peacaiḋe an doṁain ar fad.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan