Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 10:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Aċt an fear tuarastail, naċ aoḋaire é, agus naċ leis féin na caoiriġ, do‐ċí sé an mac tíre ag teaċt, agus fágann sé na caoiriġ, agus teiċeann sé, agus sciobann an mac tíre iad, agus scaipeann sé iad:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

12 Aċt an buaċaill fostóiḋ, agus an té naċ é an t-aoḋaire é, agus naċ leis féin na caoiriġ, tċí sé an mactíre ag teaċt, agus fágann sé na caoiriġ agus teiċeann sé: agus fuaduiġeann an mactíre na caoiriġ, agus scaipeann sé iad:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 An fear tuarasdail áṁṫaċ, óir ní h-é an t-aoḋaire é, agus ní leis féin ná caoire, ċíonn sé an maċtíre ag teaċt, agus fágann sé na caoire agus teiṫeann sé; agus deineann an maċtíre foġail ar na caoire agus sgaipeann sé iad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Aċd an túarsdaluiġ, agus an té naċ ḃfuil na áoḋaire, agus naċ leis féin na cáoiriġ, do ċí sé an mactíre ag teaċd, agus fáguiḋ sé na cáoiriġ, agus teiṫiḋ sé: agus fuáduiġe an mactíre na cáoiriġ, agus scabuiġe sé iád.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 10:12
15 Iomraidhean Croise  

Féaċaiḋ, cuirim uaim amaċ siḃ ar nós caoraċ i measc madaḋ allta: biḋiḋ, d’á ḃriġ sin, ċóṁ glic leis na naṫraċaiḃ niṁe, agus ċóṁ símpliḋe leis na colmaiḃ.


Seaċnuiġiḋ na fáiḋe fallsa, ṫig ċugaiḃ i rioċt caoraċ, aċt atáid ’n‐a madraiḃ allta leaṫ istiġ.


óir ní ḟuil ann aċt fear tuarastail, agus ní ċuireann sé spéis ins na caoiriḃ.


Aċt an té ṫagas isteaċ an doras is é aoḋaire na gcaoraċ é.


Is dó‐san ḟosclas an geatóir; agus airiġeann na caoiriġ a ġlór: agus glaoḋann sé as a n‐ainm ar a ċaoiriḃ féin, agus seolann sé amaċ iad.


Atá a ḟios agam, nuair ḃéiḋead‐sa imṫiġṫe, go dtiocfaiḋ faolċoin fíoċṁara isteaċ ’n‐ḃúr measc, agus ní staonfaiḋ siad ó’n tréad;


gan ḃeiṫ tugṫa do’n ḟíon, gan ḃeiṫ bruiġeantaċ;


Ar an gcuma ċéadna ní foláir do na deoċanaiḃ ḃeiṫ stuamḋa, gan teanga‐liom‐leat ḃeiṫ aca, gan ḃeiṫ tugṫa do ṁórán fíona, gan ḃeiṫ sanntaċ i ndroċ‐éadáil;


óir do ṫréig Démas mé tré ġráḋ do’n tsaoġal láiṫreaċ so, agus atá sé imṫiġṫe go Tesaloníca; atá Crescens imṫiġṫe go Galátia, agus Títus go Dalmátia.


Óir ní foláir do’n easboc ḃeiṫ gan loċt, mar ba ċóir do ṁaor Dé; gan ḃeiṫ ceanndána, gan ḃeiṫ feargaċ, gan ḃeiṫ tugṫa do’n ól, gan ḃeiṫ buailteaċ, ná sanntaċ i n‐airgead neaṁ‐ġlan;


beaṫuiġiḋ tréad Dé atá ’n‐ḃur measc, ag taḃairt aire ḋó, ní d’ḃur n‐aiṁḋeoin é, aċt go toilteanaċ, do réir tola Dé; ní h‐é ar son táir‐éadála, aċt le h‐ionnracas aigne;


Agus le sainnt déanfaiḋ siad aḋḃar ceannaiḋeaċta ḋíḃ le briaṫraiḃ mealltaċa: dream go ḃfuil a mbreiṫeaṁnas le tamall fada anois ag teannaḋ leo, agus naċ ḃfuil a scrios ag fanaṁain fá ṡuan.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan