Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 1:51 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

51 Agus aduḃairt sé leis, Go fírinneaċ adeirim leat, Do ċífiḋ siḃ na flaiṫis ar ḟoscailt, agus aingil Dé ag dul suas agus ag teaċt anuas ar Ṁac an Duine.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

51 Agus deir sé leis: Amén, amén, adeirim lib, tċífiḋ siḃ an neaṁ ar foscailt, agus aingle Dé ag dul suas agus ag teaċt anuas ar Mac an Duine.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

51 Agus duḃairt sé leis: Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ, ċífiḋ siḃ na flaiṫis ar osgailt, agus aingil Dé ag dul suas agus ag teaċt anuas ar Ṁac an Duine.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

51 Agus a duḃairt sé ris, Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, Go ḃfaicfiḋe ó so amaċ neaṁ osgailté, agus aingil Dé ag dul súas agus ag teaċd a núas ar Ṁac an duine.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 1:51
55 Iomraidhean Croise  

Aċt nuair ṫiocfas Mac an Duine ’n‐a ġlóir, agus na h‐aingil go léir i n‐éinḟeaċt leis, suiḋfiḋ sé annsin i gcaṫaoir a ġlóire:


Atá Mac an Duine ag imṫeaċt, fá mar atá scríoḃṫa ’n‐a ṫaoḃ: aċt monuar do’n ḟear sin tré n‐a mbraiṫtear Mac an Duine! do b’ḟearr‐de an fear sin dá mba naċ rugaḋ é ariaṁ.


Agus ar mbeiṫ d’Íosa baistṫe, do ċuaiḋ sé suas as an uisce ar an láṫair: agus, féaċ, do fosclaḋ na flaiṫis dó, agus do ċonnaic sé Spiorad Dé ag tuirling i rioċt cuilm, agus ag teaċt anuas air:


Annsin d’imṫiġ an diaḃal uaiḋ, agus féaċ, ṫáinig aingil agus do‐rinneadar frioṫáileaṁ air.


Agus aduḃairt Íosa leis, Atá uaċaise ag na sionnaċaiḃ, agus atá neada ag éanlaiṫiḃ na spéire; aċt ní ḟuil ag Mac an Duine áit ar a leagfaḋ sé a ċeann.


Aċt, ċum go mbéiḋ a ḟios agaiḃ go ḃfuil ar ċumas do Ṁac an Duine ar talaṁ peacaiḋe do ṁaiṫeaṁ (aduḃairt sé annsin leis an ḃfear pairiliseaċ), Éiriġ, tóg do leaba, agus imṫiġ ċum do ṫiġe.


Agus ar an láṫair, ar dteaċt aníos dó as an uisce, do ċonnaic sé na flaiṫis ar ḟoscailt agus an Spiorad Naoṁ ag tuirling anuas air i rioċt cuilm;


Agus aduḃairt Íosa, Is mé: agus do‐ċífiḋ siḃ Mac an Duine ’n‐a ṡuiḋe ar láiṁ ḋeis na cuṁaċta, agus é ag teaċt le scamallaiḃ neiṁe.


Agus ar an láṫair do ḃí i ḃfoċair an aingil buiḋean ṁór de’n tsluaġ neaṁḋa, iad ag molaḋ Dé, agus g‐á ráḋ,


Agus do ṡeas aingeal ó’n Tiġearna le n‐a n‐ais, agus do ṡoillsiġ glóir an Tiġearna ’n‐a dtimċeall: agus do ḃí eagla ṁór orṫa.


Agus do taiḋḃriġeaḋ ḋó aingeal ó neaṁ, ag neartú leis.


Aċt ó’n tráṫ so amaċ béiḋ Mac an Duine ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeis cuṁaċta Dé. Agus aduḃradar go léir, An tusa Mac Dé, d’á ḃriġ sin?


Agus ṫarla, nuair do ḃí mearḃall orṫa ’n‐a ṫaoḃ sin, gur, féaċ, do ṡeas beirt ḟear ’n‐a n‐aice, agus éadaiġe lonnraċa orṫa:


Agus ṫarla, nuair do ḃí na daoine go léir baistṫe, agus ḃí Íosa baistṫe, agus ḃí sé ag guiḋe, gur fosclaḋ na flaiṫis,


D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leis, De ḃriġ go nduḃras leat, Do ċonnacas fá’n gcrann fige ṫú, an gcreideann tú? do ċífir neiṫe is mó ’ná sin.


Go fírinneaċ, adeirim liḃ, an té naċ dtagann an doras isteaċ i gcró na gcaoraċ, aċt ḋreapuiġeas suas ar ḃealaċ eile, biṫeaṁnaċ agus gadaiḋe is eaḋ é.


Annsin aduḃairt Íosa leo arís, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Is mise doras na gcaoraċ.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, Ní mó an seirḃíseaċ ’ná a ṁáiġistir; agus ní mó an teaċtaire ’ná an té do ċuir uaiḋ é.


D’ḟreagair Íosa, An dtiuḃraiḋ tú t’anam ar mo ṡon? Go fírinneaċ adeirim leat, Ní ġlaoḋfaiḋ an coileaċ sara séanfair trí h‐uaire mé.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, An té ċreideas ionnam‐sa, na h‐oibreaċa do‐ġním‐se, déanfaiḋ seisean iad mar an gcéadna, agus is mó ’ná iad ḋéanfas sé; toisc go ḃfuilim ag dul ċum an Aṫar.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, go ndéanfaiḋ siḃ‐se gol agus caoineaḋ, aċt béiḋ áṫas ar an saoġal: béiḋ brón oraiḃ‐se, aċt aṫróċar ḃúr mbrón ċum gáirdeaċais.


Agus ins an lá sin ní ċuirfiḋ siḃ ceist orm. Go fírinneaċ adeirim liḃ, Má iarrann siḃ niḋ ar biṫ ar an Aṫair, do‐ḃéarfaiḋ sé ḋaoiḃ é im’ ainm‐se.


Go fírinneaċ, adeirim leat, Nuair do ḃí tú óg, do ċuirṫeá do ċrios umat, agus do ṡiuḃalṫá id’ roġa áite; aċt nuair ḃéas tú aosta, sínfiḋ tú amaċ do láṁa, agus cuirfiḋ duine eile an crios umat, agus tógfaiḋ sé ṫú i n‐áit naċ áil leat.


D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leis, Go fírinneaċ adeirim leat, Muna ngeintear duine aṫuair, ní ḟéadann sé ríoġaċt Dé d’ḟeicsin.


D’ḟreagair Íosa, Go fírinneaċ adeirim leat, Muna ngeintear duine ó uisce agus ó’n Spiorad, ní ḟéadann sé dul isteaċ i ríoġaċt Dé.


D’á ḃriġ sin d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Ní ḟéadann an Mac éinniḋ do ḋéanaṁ uaiḋ féin, aċt an méid do‐ċí sé ag an Aṫair d’á ḋéanaṁ: óir cibé neiṫe do‐ġní seisean, do‐ġní an Mac iad ar an gcuma ċéadna.


agus ṫug sé uġdarás dó ċum breiṫ do ḋéanaṁ, toisc gur ab é Mac an Duine é.


D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Ní mar ġeall ar na cóṁarṫaiḃ do ċonnacaḃar atá siḃ ’gam’ lorg, aċt de ċionn gur iṫeaḃar na bollóga, agus gur sásuiġeaḋ siḃ.


Annsin aduḃairt Íosa leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Níorḃ é Maois ṫug an t‐arán ó neaṁ daoiḃ; aċt is é m’Aṫair do‐ḃeir an fíor‐arán ó neaṁ daoiḃ.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, An té ċreideas, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige.


D’á ḃriġ sin aduḃairt Íosa leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Muna n‐iṫiḋ siḃ feoil Ṁic an Duine, agus muna n‐ólaiḋ siḃ a ḟuil, ní ḟuil aon ḃeaṫa ionnaiḃ.


D’ḟreagair Íosa iad, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Duine ar biṫ do‐ġní peacaḋ is seirḃíseaċ do’n ṗeacaḋ é.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, Má ċoiṁéadann duine ar biṫ mo ḃriaṫar, ní ḟeicfiḋ sé bás go deoiḋ.


Aduḃairt Íosa leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Sara rugaḋ Abraċam, atáim‐se ann.


agus do ċonnaic sé na flaiṫis ar ḟoscailt, agus soiṫeaċ, mar ḃéaḋ seol mór, ag tuirling, d’á leigin anuas, agus é ceangailte ar na ceiṫre cúinniḃ, ar an talaṁ:


agus aduḃairt sé, Féaċ, ċím na flaiṫis ar ḟoscailt, agus Mac an Duine ’n‐a ṡeasaṁ ar ḋeasláiṁ Dé.


agus suaiṁneas i n‐éinḟeaċt linne do ṫaḃairt daoiḃ‐se, nuair foillseoċar an Tiġearna Íosa ó neaṁ, mar aon le h‐aingliḃ a ċuṁaċta,


dream ġeoḃas mar ṗionós léirscrios síorraiḋe ó ġnúis an Tiġearna, agus ó ġlóir a ċuṁaċta,


Agus gan déidearḃaḋ ar biṫ, is doiṁin í rúindiaṁair na diaḋaċta; an Té do foillsiġeaḋ san ḃfeoil, do fíréanuiġeaḋ san Spiorad, go ḃfaca aingle é, do craoḃscaoileaḋ i measc na gCineaḋaċ, gur creideaḋ ann san tsaoġal, gur tógaḋ suas é san nglóir.


Naċ spioraidí freastail iad go léir, atá curṫa amaċ ċum frioṫálṁa orṫa‐san go ḃfuil an slánuġaḋ i ndán dóiḃ mar oiḋreaċt?


Is d’á leiṫéidiḃ sin do rinne Énoċ, duine de’n seaċtṁaḋ glún ó Áḋaṁ, tarngaireaċt, g‐á ráḋ, Féaċ, atá an Tiġearna tagṫa leis na míltiḃ móra d’á naoṁaiḃ,


Annsin do ċonnacas neaṁ ar ḟoscailt; agus féaċ, eaċ bán, agus an té do ḃí ar muin air, tugaḋ Dílse agus Fírinne mar ainm air; agus is do réir an ċirt do‐ġní sé breiṫeaṁnas, agus ċuireann sé cogaḋ.


’N‐a ḋiaiḋ sin do ḋearcas, agus féaċ, doras ar ḟoscailt ar neaṁ, agus an ċéad guṫ do ċualas do ḃí sé mar ḃéaḋ fuaim stuic ag laḃairt liom, g‐á ráḋ, Gaḃ aníos annso, agus taisbeánfad duit na neiṫe atá le teaċt ċum críċe ’n‐a ḋiaiḋ seo.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan