Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 1:45 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

45 Fuair Pilib Natanaél, agus aduḃairt sé leis, Fuaramar an té úd ar ar scríoḃ Maois sa reaċt, agus na fáiḋe, Íosa Nasarḋa, mac Ṡeosaiṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

45 Ġeiḃ Pilip Natanael, agus deir sé leis: Fuaireamar an té ar ar scríoḃ Maoise san dliġe, agus na fáiḋe, Íosa, mac Ióseṗ, as Nasair.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

45 Agus do fuair Pilib Natanaél agus duḃairt sé leis: An t-é úd ar ar sgríḃ Maois sa dlíġ, agus na fáiḋe, do fuaramair é, Íosa mac Ióseṗ ó Nasaret.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

45 Fuáir Ṗilib Natánael, agus a duḃairt sé ris, An té air ar sgríoḃ Máoisi ann sa reaċd, agus na fáiḋe, fúaramar é, Iósa ó Násarér, mac Ióseṗ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 1:45
41 Iomraidhean Croise  

Pilib agus Parṫalán; Tomás, agus Maṫa, poibleacán; Séamas mac Alfaeuis, agus Taddéus;


Naċ é seo mac an tsiúinéara? Naċ dtugtar Muire ar a ṁáṫair? agus Séamas, agus Seosaṁ, agus Síomón, agus Iúdás ar a ḋearḃráiṫriḃ?


agus do ċóṁnuiġ sé i mbaile mór ar a dtugtar Nasair: ċum go gcóiṁlíonfaiḋe na briaṫra aduḃairt na fáiḋe: goirfear Nasarḋa ḋe.


Agus aduḃairt na sluaiġte, Is é seo an fáiḋ, Íosa, ó Nasair na Gaililé.


agus nuair do ċonnaic sí Peadar ’g‐a ġoraḋ féin, do ḋearc sí air, agus aduḃairt sí, Do ḃís‐se, leis, i ḃfoċair Íosa Nasarḋa.


Naċ é seo an siúinéir, mac Ṁuire, dearḃráṫair Ṡéamais, agus Ṡeosaiṁ, agus Iúdáis, agus Ṡíomóin? agus naċ ḃfuil a ḋeirḃṡeaṫraċa annso ’n‐ár measc? Agus fuaradar scannal ann.


Agus d’inniseadar dó gurḃ é Íosa Nasarḋa do ḃí ag gaḃáil ṫairis.


Agus do ċuaiḋ Seosaṁ, leis, ó’n nGalilé, ó ċaṫair Nasaire, suas go h‐Iúdaea, go ċaṫair Ḋáiḃi, ar a dtugtar Beiṫil, de ḃriġ gur de ṫeaġlaċ agus de ṡlioċt Ḋáiḃi é;


Agus nuair do ċonnacadar é do ḃí iongnaḋ orṫa; agus aduḃairt a ṁáṫair leis, A ṁic, cad ċuige ḋuit é seo do ḋéanaṁ orainn? féaċ, do ḃí t’aṫair agus mise ar do lorg agus buaiḋirt an‐ṁór orainn.


Agus ag tosnú ḋó le Maois agus leis na fáiḋiḃ, do ṁíniġ sé ḋóiḃ gaċ a raiḃ ins na scrioptúiriḃ ’n‐a ṫaoḃ féin.


Agus aduḃairt sé leo, Is iad so na briaṫra do laḃras liḃ, an ḟaid do ḃíos fós ’n‐ḃúr ḃfoċair, gurḃ éigean gaċ a ḃfuil scríoḃṫa i reaċt Ṁaoise, agus ins na fáiḋiḃ, agus ins na salmaiḃ, im’ ṫaoḃ‐sa, do ċóiṁlíonaḋ.


Agus do ḃí Íosa féin, ag tosnú ar ḃeiṫ tuairim deiċ mbliaḋna fiċead d’aois, agus do ḃí sé (mar raoileaḋ) ’n‐a ṁac ag Seosaṁ, mic Héli,


Agus ṫugadar go léir an‐aire ḋó, agus do‐rinneadar iongnaḋ de ġrás na mbriaṫar ṫáinig ó n‐a ḃéal; agus aduḃradar, Naċ é mac Ṡeosaiṁ é seo?


Agus as Bétsáida, caṫair Aindriais agus Ṗeadair, ab eaḋ Pilib.


ṫáiniġ siad‐san ċum Ṗilib, fear as Bésáida na Galilé, agus do ċeistiġeadar é, g‐á ráḋ, A ḋuine uasail, ba ṁaiṫ linn Íosa d’ḟeicsin.


Aduḃairt Pilib leis, A Ṫiġearna, taisbeán dúinn an t‐Aṫair, agus is leor dúinn sin.


D’ḟreagradar dó, Íosa Nasarḋa. Aduḃairt Íosa leo, Is mise é. Agus Iúdás do ḃí g‐á ḃraṫ, ḃí sé ’n‐a ṡeasaṁ i n‐éinḟeaċt leo.


Uime sin d’ḟiafruiġ sé ḋíoḃ arís, Cia atá uaiḃ? Agus aduḃradar, Íosa Nasarḋa.


Agus do scríoḃ Píoláid tiodal, agus do ċuir sé ar an gcrois é. Agus is é do ḃí scríoḃṫa, ÍOSA NASARḊA, RÍ NA N‐IÚDAĊ.


Is aṁlaiḋ do ḃí i n‐éinḟeaċt le ċéile Síomón Peadar, agus Tomás, d’á ngoirṫear Didimus, agus Natanael as Cána na Galilé, agus clann‐ṁac Ṡebedé, agus beirt eile d’á ḋeisceablaiḃ.


Agus aduḃradar, Naċ é seo Íosa mac Ṡeosaiṁ, go ḃfuil aiṫne againn ar a aṫair agus ar a ṁáṫair? cionnas, d’á ḃriġ sin, adeir sé, Ṫáinig mé anuas ó neaṁ?


Agus nuair d’árduiġ Íosa a ṡúile, agus do ċonnaic sé sluaġ mór ag teaċt ċuige, aduḃairt sé le Pilib, Cá gceannóċaimíd arán dóiḃ‐sean le n’iṫe.


D’ḟreagair Pilib dó, Níor leor dóiḃ luaċ ḋá ċéad pinginn d’arán ċum go mbéaḋ blúire beag de ag gaċ duine aca.


cionnas mar d’ong Dia Íosa Nasarḋa leis an Spiorad Naoṁ agus le cuṁaċt: gur ġluais sé roiṁe ag déanaṁ deaġ‐ġníoṁ, agus ag leiġeas gaċ duine do ḃí fá smaċt an diaḃail; óir do ḃí Dia leis.


A ṗobail Israel, éistiḋ leis na briaṫraiḃ seo: Íosa Nasarḋa, duine do ṁol Dia ḋaoiḃ leis na cuṁaċtaiḃ, agus leis na míorḃailtiḃ, agus leis na cóṁarṫaiḃ, do‐rinne Dia tríd ’n‐ḃúr measc, mar is eol daoiḃ féin;


Agus d’ḟreagras‐sa, Cia ṫusa, a Ṫiġearna? Agus aduḃairt sé liom, Is mise Íosa Nasarḋa atá agat d’á ġéirleanaṁain.


Do ċeapas féin go raiḃ sé de ḋualgas orm mórán neiṫe do ḋéanaṁ i n‐aġaiḋ ainme Íosa Nasarḋa.


Aċt aduḃairt Peadar, Ní ḟuil airgead agam ná ór; aċt an niḋ atá agam do‐ḃeirim duit‐se é. I n‐ainm Íosa Críost Nasarḋa, éiriġ agus siuḃail.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan