Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 1:44 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

44 Agus as Bétsáida, caṫair Aindriais agus Ṗeadair, ab eaḋ Pilib.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

44 Agus b’as Beṫsaida, caṫair Aindriais agus Ṗeadair, Pilip.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

44 Agus ó Ḃetsaida, ó ċaṫair Aindriais agus Ṗeadair, ab eaḋ Pilib.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

44 Agus do buḋ as Betsaída Ṗilib, caṫair Aindrías agus Ṗeadair.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 1:44
18 Iomraidhean Croise  

Pilib agus Parṫalán; Tomás, agus Maṫa, poibleacán; Séamas mac Alfaeuis, agus Taddéus;


Mairg duit, a Ċorásín! mairg duit, a Ḃétsáida! óir dá ndéantaiḋe i dTuire agus i Sídóin na gníoṁarṫa éaċtaċa do‐rinneaḋ ionnaiḃ‐se, is fad ó do‐ġéanaidís aiṫriġe fá éadaċ róin agus fá luaiṫ.


agus Aindrias, agus Pilib, agus Parṫalán, agus Maṫa, agus Tomás, agus Séamas mac Alfaeuis, agus Taddaeus,


Agus ar an láṫair do ċuir sé d’ḟiaċaiḃ ar a ḋeisceablaiḃ dul isteaċ sa mbád, agus imṫeaċt roiṁe trasna go Bétsáida, fad is do ḃéaḋ sé féin ag cur an tsluaiġ ċum bealaiġ.


Agus ṫángadar go Bétsáida. Agus ṫugadar dall ċuige, agus d’iarradar air a láṁ do ċur air.


Is mairg duit, a Ċórasin! is mairg duit, a Ḃétsáida! óir dá ndéantaiḋe i dTuire agus i Sídóin na míorḃailte do rinneaḋ ionnaiḃ‐se, is fada ó ḃéaḋ aiṫriġe déanta aca, agus iad ’n‐a suiḋe i n‐éadaċ róin agus i luaiṫ.


Síomón d’á dtug sé Peadas mar ainm, agus Aindrias a ḋearḃráṫair, agus Séamas agus Eoin, agus Pilib agus Parṫalán,


Agus nuair d’ḟill na h‐abstail, d’inniseadar dó a raiḃ déanta aca. Agus do rug sé leis iad, agus do ċuaiḋ sé go h‐áit ar leiṫ, go caṫair ar a dtugtar Bétsáida.


Ba ṁian leis, lá ar n‐a ḃáraċ, dul go dtí an Ġalilé, agus fuair sé Pilib: agus aduḃairt Íosa leis, Lean mise.


Fuair Pilib Natanaél, agus aduḃairt sé leis, Fuaramar an té úd ar ar scríoḃ Maois sa reaċt, agus na fáiḋe, Íosa Nasarḋa, mac Ṡeosaiṁ.


Agus aduḃairt Natanaél leis, An féidir aon niḋ maiṫ do ṫeaċt ó Nasair? Aduḃairt Pilib leis, Tar go ḃfeiciḋ tú.


Aduḃairt Natanaél leis, Cionnas aiṫniġeas tú mé? D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leis, Sarar ġlaoḋ Pilib ort, an tráṫ ’n‐a raiḃ tú fá’n gcrann fige, do ċonnacas ṫú.


ṫáiniġ siad‐san ċum Ṗilib, fear as Bésáida na Galilé, agus do ċeistiġeadar é, g‐á ráḋ, A ḋuine uasail, ba ṁaiṫ linn Íosa d’ḟeicsin.


Ṫáinig Pilib agus d’innis sé d’Aindrias é: ṫáinig Aindrias agus Pilib, agus d’inniseadar d’Íosa é.


Agus nuair d’árduiġ Íosa a ṡúile, agus do ċonnaic sé sluaġ mór ag teaċt ċuige, aduḃairt sé le Pilib, Cá gceannóċaimíd arán dóiḃ‐sean le n’iṫe.


D’ḟreagair Pilib dó, Níor leor dóiḃ luaċ ḋá ċéad pinginn d’arán ċum go mbéaḋ blúire beag de ag gaċ duine aca.


Agus ar dteaċt isteaċ ḋóiḃ, ċuadar suas go dtí an seomra uaċtaraċ, mar a raiḃ siad ’n‐a gcóṁnaiḋe; Peadar agus Séamas agus Aindrias, Pilib agus Tomás, Parṫalán agus Maṫa, Séamas Alféuis, agus Síomón Sélótés, agus Iúdás Ṡéamais.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan