Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Eoin 1:34 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 Agus do ċonnacas, agus ṫugas fiaḋnaise gur ab é Mac Dé é seo.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

34 Agus ċonnaic mise: agus ṫug mé fiaḋnaise gurab é seo Mac Dé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Agus do ċonac; agus ṫugas fiaḋnaise gur b’é Mac Dé é seo.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 Agus do ċunnairc misi, agus do ním fíaḋnuisi gur ab é so Mac Dé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Eoin 1:34
42 Iomraidhean Croise  

Atá gaċ uile niḋ taḃarṫa ḋaṁ‐sa ag m’Aṫair: agus ní ḟuil aiṫne ag aoinneaċ ar an Mac, aċt ag an Aṫair; agus ní ḟuil aiṫne ag aoinneaċ ar an Aṫair aċt ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a ḟoillsiú ḋó.


Agus d’ḟreagair Síomón Peadar, agus aduḃairt, Is tú an Críost, Mac Dé ḃí.


Le linn a ċainnte, féaċ, do leaṫ scamall lonnraċ orṫa: agus féaċ, an guṫ as lár an scamaill, aduḃairt, Is é seo mo Ṁac ionṁain, ’n‐a ḃfuil mo mór‐aoiḃneas; éistiḋ leis.


Aċt d’ḟan Íosa ’n‐a ṫost. Agus aduḃairt an t‐árd‐ṡagairt leis, Iarraim ort, i n‐ainm Dé ḃí, a innsin dúinn an tú an Críost, mac Dé.


agus g‐á ráḋ, Ṫusa leagas teampall Dé agus ṫógas é i gceann trí lá, saor ṫú féin: má’s tú Mac Dé, tar anuas ó’n gcroiċ.


Cuireann sé a ṁuiniġin as Dia; saoraḋ Sé anois é, má’s áil leis é, óir aduḃairt sé, Is mé Mac Dé.


Agus an ceanntúir, agus na daoine do ḃí ’n‐a ḟoċair ag faire ar Íosa, nuair do ċonnacadar an crioṫ talṁan agus gaċ a dtarla, ṫáinig eagla ṁór orṫa,


agus, féaċ, guṫ ó neaṁ, aduḃairt, Is é seo mo Ṁac ionṁain ’n‐a ḃfuil mo ṁór‐aoiḃneas.


Agus ṫáinig an t‐aiḋḃeirseoir, agus aduḃairt sé leis, Má’s tusa Mac Dé, órduiġ arán do ḋéanaṁ de na cloċaiḃ seo.


agus aduḃairt sé leis, Má’s tú Mac Dé teilg ṫú féin le fánaiḋe síos: óir atá scríoḃṫa, Do‐ḃéaraiḋ sé órdú d’á aingliḃ id’ ṫaoḃ: Agus tógfaid‐sean ’n‐a láṁaiḃ ṫú, Ar eagla go mbuailfeá do ċos i gcoinniḃ cloiċe.


Agus, féaċ, do ġlaoḋadar amaċ agus aduḃradar, Cad é an ḃaint atá againn leat‐sa, a Ṁic Dé? an ċum sinn do ċiapaḋ roiṁ an aimsir ṫáinig tú?


Tosaċ soiscéil Íosa Críost, Mic Dé.


agus ṫáinig an guṫ as na flaiṫeasaiḃ, Is tusa mo Ṁac ionṁain in a ḃfuil mo ṁór‐aoiḃneas.


Agus d’ḟreagair an t‐aingeal agus aduḃairt sé léi, Tuirlingeoċaiḋ an Spiorad Naoṁ ort, agus clúdóċaiḋ cuṁaċt an Té is Aoirde ṫú: agus, d’á ḃriġ sin, an té béarfar, glaoḋfar naoṁṫa air, Mac Dé.


agus gur ṫuirling an Spiorad Naoṁ i rioċt corporḋa, i gcruṫ cuilm air, agus ṫáinig an guṫ as na flaiṫeasaiḃ, Is tusa mo Ṁac ionṁain; is ionnat‐sa atá mo ṁór‐aoiḃneas.


Ní ḟaca aoinneaċ Dia ariaṁ; an t‐Aon‐Ṁac atá i n‐uċt an Aṫar, do b’é d’ḟoillsiġ é.


D’ḟreagair Natanaél agus aduḃairt sé, A Rabbí, is tusa Mac Dé; is tusa Rí Israel.


Is aon mise agus an t‐Aṫair.


an té do ċoisric an t‐Aṫair agus do ċuir sé uaiḋ ar an saoġal, an n‐abrann siḃ‐se leis, Táir ag diaṁaslaḋ; toisc go nduḃras, Is mise Mac Dé?


Aduḃairt sise leis, Creidim, A Ṫiġearna: creidim gur tusa an Críost, Mac Dé, do ḃí le teaċt ar an saoġal.


D’ḟreagair na h‐Iúdaiġ, Atá dliġe againn, agus de réir na dliġe sin atá an bás tuillte aige, de ḃriġ go ndearna sé Mac Dé ḋe féin.


D’ḟreagair Tomás, agus aduḃairt sé leis, Mo Ṫiġearna agus mo Ḋia ṫú!


aċt do scríoḃaḋ an méid seo ċum go gcreidfeaḋ siḃ gur ab é Íosa an Críost, Mac Dé; agus g‐á gcreideaṁain, go mbéaḋ an ḃeaṫa agaiḃ ’n‐a ainm‐sean.


Agus creidimíd‐ne, agus atá a ḟios againn gur tusa Aon Naoṁṫa Dé.


do dearḃuiġeaḋ ḃeiṫ ’n‐a Ṁac do Ḋia le cuṁaċt do réir spioraid na naoṁṫaċta, tré aiséirġe ó na marḃaiḃ; Íosa Críost ár dTiġearna,


Óir Íosa Críost, Mac Dé, do ṡeanmóireamar daoiḃ, is é sin mise agus Silḃánus agus Timótéus, níor ’seaḋ agus ní h‐eaḋ é, aċt ní ḟuil ann aċt ’seaḋ i gcóṁnaiḋe.


leis, is é sin Rí na síoṫċána, gan aṫair, gan máṫair, gan geinealaċ, gan tosaċ laeṫe ná deireaḋ saoġail, aċt do rinneaḋ cosṁail le Mac Dé), fanann sé ’n‐a ṡagart de ṡíor.


Cibé duine ṡéanas an Mac, ní ḟuil an tAṫair aige: an té adṁuiġeas an Mac, atá an tAṫair aige, leis.


an té do‐ġní peacaḋ, is duine de ċlainn an diaḃail é; óir atá an diaḃal ag déanaṁ peacaiḋ ó ṫús. Ċuige seo is eaḋ do foillsiġeaḋ Mac Dé, ċum go gcuirfeaḋ sé deireaḋ le h‐oibreaċaiḃ an diaḃail.


Is mar so do noċtaḋ gráḋ Dé ḋúinn, gur ċuir Dia a Aon‐Ṁac féin isteaċ san tsaoġal ċum go mairfímís tríd.


Agus is eol dúinn go dtáinig Mac Dé, agus go dtug sé tuigsin dúinn ċum an té atá fírinneaċ d’aiṫint, agus atáimíd‐ne san té atá firinneaċ, ’n‐a Ṁac Íosa Críost.


Cibé duine ṫéiġeas ceann ar aġaiḋ agus naċ gcóṁnuiġeann i dteagasc Ċríost, ní ḟuil Dia aige: cibé duine ċóṁnuiġeas san teagasc sin atá an tAṫair agus an Mac aige.


Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i dTuatíra; Is é adeir Mac Dé, an té go ḃfuil súile mar lasair teineaḋ aige, agus go ḃfuil a ċosa cosṁail le h‐uṁa geal‐ruiṫneaċ:


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan